Aerlíne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Airbus A380 de chuid Emirates

Comhlacht a iompraíonn paisinéirí nó earraí san aer is ea aerlíne. Tá comhlachtaí ann a fhreastalaíonn ar a gcuid cliant le seirbhís rialta, agus cinn eile a réitíonn eitiltí "cairtfhostaithe" de réir riachtanaisí a gcliant.

Tá aerlínte ann a bhfuil scaireanna sa comhlacht i seilbh rialtais náisiúnta nó eile. Aerlínte faoi bhratach a thugtar orthu seo. Is minic a bhíonn monaplacht acu ar eitiltí taobh istigh de thír. Tá dhá líne den chineál seo sa tSeapáin: All Nippon Airways (ANA) agus Japan Airlines (JAL), ach is minice a bhíonn aon aerlíne náisiúnta amháin ag tír. Bíonn sé costasach a leithéid de chomhlacht a choimeád ag imeacht agus ar na tíortha a raibh fadhbanna eacnamaíocha lena haerlínte náisiúnta tá an Nigéir (Nigeria Airways), an Phoblacht Dhoiminiceach (Dominicana d'Aviació, ATA Dominicana), agus Peiriú (Aerolínies Peruanes agus AeroPerú), agus Veiniséala (Viasa agus Avensa). Níl aon ghá go mbeadh úinéireacht aerlíne go hiomlán ag rialtas. Uaireanta, fiontar measctha a bhíonn ann. I gcás Aerolínias Argentinas, mar shampla, níl ach 10% de na scaireanna ag an rialtas.

I roinnt tíortha ní raibh aerlíne náisiúnta ariamh ann, mar shampla sna Stáit Aontaithe. Ag tosú leis an dírialú sna 1980idí, go háirithe, bhí comórtas saor i measc na n-aerlínte seachas srianta ar ról comhlachtaí eachtracha.

Póstaer a chuir amach KLM sa bhliain 1918

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]