Jump to content

Monaplacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Standard Oil in Ohio: Sampla mhonaplaí
Barrachas agus neamhéifeachtúleacht i monaplacht
An sampla le feidhm mheánioncaim líneach
Iomaíocht fhoirfe leis an bhfeidhm mheánioncaim líneach céanna

Tagann an focal monaplacht ón nGréigis (μόνος monos nó 'aonarach', agus πωλεῖν polein nó 'díol'). Is é an monaplaí an díoltóir amháin sa mhargadh. Níl praghas-ghlacadóir é, mar atá in iomaíocht fhoirfe. Roghnaíonn sé an chainníocht agus íocann na tomhaltóirí an praghas. Is minic go mbíonn baic dul isteach i margadh monaplachta.

Comhairthaí matamaitice:

  •  : Cainnaíocht.
  •  : Praghas an earra.
  •  : Feidhm an éilimh.
  •  : Meánioncam.
  •  : Feidhm an chostais (costas táirgeachta).
  •  : Meánchostas táirgeachta an aschuir.
  •  : Feidhm an chostais imeallaigh.
  •  : Brabús an mhonaplaí.

Gnólacht monaplachta atá ag iarraidh a bhrabús a uasmhéadú:

Brabús = Ioncam – costais táirgeachta

  • Uasmhéadaigh faoi :

(coinníollacha chéad ordú)

(Ioncam imeallach = Costas imeallach)

Sampla

Le feidhm mheánioncaim líneach: agus costais imeallaigh seasmhacha agus

  • : an t-aschur a tháirgfidh an gnólacht i gcothromaíocht.
  • : an praghas a ghearrfar ar an aschur seo.
  • : brabús an mhonaplaí. Is féidir leis an monaplaí brabús osnormálta a thuilleamh.

I gcomparáid leis an iomaíocht fhoirfe, tá an margadh monaplachta ina mhargadh neamhéifeachtach, leis na toimhdí céanna. Is praghas-ghlacadóir é gach gnólacht in iomaíocht fhoirfe. Tá an praghas cothrom le costas imeallach ().

N.B.: Ciallaíonn * an luach in iomaíocht fhoirfe.

Le feidhm mheánioncaim líneach agus costais imeallaigh seasmhacha .

  • : an t-aschur a tháirgfidh an tionscal i gcothromaíocht.
  • : brabús in iomaíocht fhoire.

Mar sin, is soléir go bhfuil an toradh in iomaíocht fhoirfe níós éifeachtúila mar bíonn an praghas níos ísle ná i monaplacht:

Féach Freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]