Jump to content

Castilla-La Mancha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilCastilla-La Mancha
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 39° 30′ 00″ N, 3° 00′ 00″ O / 39.500011°N,3.000033°W / 39.500011; -3.000033
Stát ceannasachan Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairToledo Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán2,098,853 (2024) Cuir in eagar ar Wikidata
 Dlús26.41 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla79,463 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde696 m Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdePico del Lobo (en) Aistrigh (2,274 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síNew Castile (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú1982
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht reachtachCortes of Castile-La Mancha (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
 President of Castile-La Mancha (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataEmiliano García-Page (2015–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Cód ISO 3166-2ES-CM Cuir in eagar ar Wikidata
Cód NUTSES42 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáincastillalamancha.es Cuir in eagar ar Wikidata

Is comhphobal féinrialaitheach é an Chaistíl-La Mancha (Spáinnis Castilla-La Mancha) sa Spáinn. Tá an comhphobal ag críochantacht le an Chaistíl agus León, Comhphobal Maidrid, Aragón, Comhphobal Valencia, Murcia, an Andalúis, agus Extremadura. Tá dlús daonra an-bheag aige.

Is é Toledo an phríomhchathair. Bhíodh an Chaistíl-La Mancha mar chomphobal le Maidrid darbh ainm an Chaistíl Nua ("Castilla la Nueva"), ach le córas nua-aimseartha, féinrialaithe, scoilt siad é de bhár na difríochtaí eacnamaíochta idir an phríomhchathair agus na cúigí eile.

Muilte gaoithe ag Consuegra i gCaistíl La Mancha

Tá clú agus cáil ar an áit, de bharr eachtraí an leabhar cáiliúla Don Quixote le Cervantes a thiteann amach anseo. Cé gur áit gaofar é La Mancha, le hardchlár seanchaite, is siombail é de chultúr na Spáinne, lena luis na Gréine, muileann gaoithe, Cáis Manchego agus, ar ndóigh, El Quijote.

Tá Stair La Mancha's callánach. Chomh fada siar agus ré na muslamaigh sa Spáinn, bhí La Mancha mar áit cogaidh idir fórsaí na Críostaí agus Moslamaigh. Chomh maith leis sin bhí an áit seo páirteach i gcoimhlintí, nuair a d'aontaigh an Chaistíl le Aragón sna 14ú agus 15ú aoiseanna, (1492) faoi Rí Ferdinand agus Banríon Éilis.

Aonaid Riaracháin

[cuir in eagar | athraigh foinse]


Tá an Chaistíl-La Mancha roinnte i gcúig cúigí, ainmnithe i ndiaidh a bpríomhchathair:

Cúigí an Chaistíl-La Mancha

<left>

CúigeDaonraAchar (cm²)Bardais
Albacete390,03214,92687
Ciudad Real502 57819,813102
Cuenca198,71817,141238
Guadalajara253,31012,167288
Toledo686,84115 370204

Chomh maith leis na cúigí ar ndóigh tá 919 bardais, sé sin 11.3 % de bardais iomláin na Spáinne.

Bardais an Chaistíl-La Mancha

Níl ach níos lú ná 500 daoine ina gcónaí i 496 acu, idir 501 agus 2,000 daoine i 231 acu, idir 2,000 agus 10,000 i 157 acu agus tá 35 bardais ina bhfuil níos nó ná 10,000 daoine ina gcónaí iontu. Tá go leor bardais ó thuaidh agus iad sách beag agus a mhalairt atá i gceist ó dheas le na bardais níos mó ach níos lú acu ann. Taispeáinean sé seo stair na háite i leith ath-lonnú daoine i ndiaidh an Reconquista.


Is iad seo a leanas na cathracha is mó sa chomhphobal de réir daonra:

Bardais de réir Daonra


Albacete

Guadalajara

Toledo

Uimhir Bardas Cúige Daonra


Talavera de la Reina

Ciudad Real

Cuenca

1AlbaceteAlbacete172,816
2GuadalajaraGuadalajara84,145
3ToledoToledo83,741
4Talavera de la ReinaToledo83,303
5Ciudad RealCiudad Real74,641
6CuencaCuenca54,876
7PuertollanoCiudad Real48,477
8TomellosoCiudad Real36,281
9Azuqueca de HenaresGuadalajara34,768
10Alcázar de San JuanCiudad Real30,943