Santander

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilSantander

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 43°28′00″N 3°48′00″W / 43.4667°N 3.8°W / 43.4667; -3.8
Stát ceannasachan Spáinn
Comhphobal féinrialaitheach na SpáinneCantabria Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de

PríomhchathairCathair Santander Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán172,726 (2023) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús4,787.31 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla36.08 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn Mhuir Chantabrach Cuir in eagar ar Wikidata
Airde15 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú9 Eanáir 1755
Eachtra thábhachtach
Eagraíocht pholaitiúil
• Mayor of Santander (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataGema Igual Ortiz (2016–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist39001–39012 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód942 Cuir in eagar ar Wikidata
INE municipality code (en) Aistrigh39075 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinsantander.es Cuir in eagar ar Wikidata

Is príomhchathair chomhphobail féinrialaithe Cantabria sa Spáinn é 'Santander. Tá sí súite ar an gcósta thuaidh, suite soir ó Gijón agus siar ó Bilbao. Bhí thart ar 172,000 ina gcónaí ann sa bhliain 2017.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Glaodh Portus Victoriae Iuliobrigensium ar an áit i ré Impireachta na Róimhe. Tagann an t-ainm Sandander ó Naomh Emeterio (Santemter, Santenter, Santander). Tógadh ceann an mairtírigh ansin sa 3ú haois de réir an bhéaloidis.

Sa bhliain 1187, cheap Rí Alfonso VIII an ab de San Emeterio mar thiarna ar an mbaile, agus sa bhliain 1248 ghlac Santander páirt sa chath ar son Sevilla agus fuair sí a armas dá bharr.

Ba phort tábhachtach de chuid na Caistíle é Santander níos déanaí sna Meánaoiseanna agus ba chathair thábhachtach í ó thaobh trádála le Meiriceá freisin. Tugadh aithne oifigiúil do Santander mar chathair sa bhliain 1755.

Sa bhliain 1893 phléasc an lastlong Cabo Machichaco sa chuan agus maraíodh 500 daoine.

Sa bhliain 1941 tharla tine mhór sa chathair. Lean an tine ar feadh dhá lá de bharr ghaoth láidir ó dheas. Cé nach básaíodh ach duine amháin (fear dóiteáin) bhí na mílte teaghlach fágtha gan dídean. Chomh maith le sin, scrios an tine ceantar stairiúil na cathrach, agus déanadh a lán dochair don ardeaglais Rómhánúil.

Faoi láthair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagann a lán turasóirí Spáinneacha go Santander chun saoire cois trá gach bliain. Tá ceanncheathrú Banco Santander, an bhanc is mó sa Spáinn, lonnaithe i Santander.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Santander