Jump to content

Na Ceiltigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Ceiltigh)
WD Bosca Sonraí Grúpa DaonnaNa Ceiltigh

Cineálcultúr, stíl agus grúpa eitneach stairiúil
Le leanúintCeiltigh

Ba ghrúpa treibheanna iad na Ceiltigh a bhí i gceannas ar chuid mhór den Eoraip roimh theacht chun cinn na Róimhe. Sa tríú haois roimh Chríost ba iad na Ceiltigh a bhí i gceannas, ó Éirinn is ón mBreatain sa tuaisceart, sa Fhrainc is sa Spáinn ó dheas agus chomh fada soir agus na Balcáin is an Tuirc. Níor dream amháin a bhí iontu, áfach, ach grúpaí lena ríthe féin, cé go raibh an teanga is an cultúr céanna acu uile.[1]

Leathnú na gCeilteach
Léiriú de leathnú na gCeilteach
Lárionaid : H : Ionad Hallstatt, L : Ionad La Tène,
Réigiúin : B : Éire agus an Bhreatain Mhór, I : An Ibéir, G : Galataigh
Áiteanna : 1 : cliabhán an chultúir,
2 : leathnú is mó (deireadh an 3ú haois RC)
Leathadh na gCeilteach, de réir an tsean-nóis: Buí: críocha Hallstatt faoin séú haois RC; Glas: tionchar Ceilteach is leithne faoi 275 RC; Bánghlas: ceantar Lúsatánach san Ibéir le tionchar Ceilteach éiginnte: Dubhghlas: ceantair ina labhraítear Teangacha Ceilteacha go forleathan inniu
An Gallach ag Éag, dealbh Rómhánach

Is cnuasach ársa de dhreamanna Ind-Eorpacha iad na Ceiltigh[2] [3] lonnaithe ar fud na hEorpach agus na han Anatóilé, ceangailte lena gcuid teangacha Ceilteacha agus cosúlachtaí cultúrtha eile.[4][5][6][7] I measc dreamanna Ceilteacha, bhí idir na Gaill, Ceiltibéirigh, Gallaeci,[8][9] Galátaigh, Briotanaigh agus Gaeil.

Is doiléir agus conspóideach é an gaol idir eitneacht, teanga agus cultúr sa domhan Ceilteach.[10] Tá achrann ann go háirithe ar nó nár Ceiltigh iad dreamanna lonnaithe in Éirinn agus sa Bhreatain le linn na hIarannaoise.[7][10][11][12]

An Sciath Battersea, sciath chré-umha dheasghnátha den 3ú–1d aois RC, sampla d'ealaíon La Tène as an mBreatain
Crois cheilteach

Pléitear fós stair na hEorpach réamhCheiltí agus bunúis na gCeilteach.

Dar le smaoineamh amháin, tháinig na teangacha Ceilteacha chun cinn i measc an cultúr Urnfield de chuid na Cré-umhaoise i lár na hEorpach, a bhí faoi bhláth timpeall na bliana 1200 RC.[13] Más fíor, bhí nasc idir na Ceiltigh agus an cultúr Hallstatt de chuid na hIarannaoise a tháinig ina dhiaidh (c. 800–450 RC).[13][14] Glaoitear scaití "tír dhúchais na gCeilteach" ar an gcuid seo de lár na hEorpach. Moltar go raibh cultúr Ceilteach leata siar faoi thréimhse La Tène (c. 450 RC ar aghaidh), trí scaipeadhimirce go dtí an Fhrainc agus Na Tíortha faoi Thoinn (Gallaigh), Éire agus an Bhreatain Mhór (Ceiltigh na nOileán), An Ibéir (Ceiltibéaraigh, Gailísigh, Celtici) agus tuaisceart na hIodáile (Lepontii agus an Ghaill Chiosalpach).[15]

Dar le smaoineamh eile, tháinig na prótai-Cheiltigh chun cinn níos luaithe le linn na Cré-Umhaoise ar an gcósta Atlantach agus gur leathadar soir, chomh fada is lár na hAnatóile.[16]

Ba iad na Gréagaigh a d’úsáid an focal Keltoi i dtosach, ar Jenkins.[1] Barbaraigh a bhí i gceist acu.

Na Rómhánaigh

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhíodh achrann ann go minic idir na Ceiltigh agus na Rómhánaigh, mar shampla na Cogaí Ceiltibéireacha, Cogaí na nGallach agus concas na Breataine. Faoin chéad aois AD, bhí na Ceiltigh uile a bheag nó a mhór faoi smacht Impireacht na Róimhe. Faoi c. 500, de thoradh rómhánaithe agus imirce na dreamanna Gearmánacha, ní bhfuarthas cultúr Ceilteach ach in Éirinn, sa Bhreatain thiar agus thiar thuaidh, agus sa Bhriotáin, go háirithe idir an 5ú agus 8ú aois, le hoidhreacht teangan, creidimh agus ealaín i gcomhchoiteann acu.[17]

Ceiltigh na nOileán

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le himeacht ama, roinneadh Ceiltigh na n-oileán ina nGaeil (na hÉireannaigh, na hAlbanaigh agus na Manannaigh) agus ina mBriotanaigh Cheilteacha (na Breatnaigh, na Cornaigh agus na Briotánaigh) de chuid na meánaoise agus inniu.[4][18][19] Tháinig daoine uaireanta aníos thar farraige as an Spáinn agus as an bPortaingéil. Bhí taisteal ar farraige i bhfad níba sciobtha ná turas ar an talamh. Aistear a thógfadh mí de shiúl cos d’fhéadfaí é dhéanamh in imeacht lae ar farraige.[1] Níor tháinig na daoine sin aníos in aon sruth leanúnach amháin ar ndóigh.

Cruthaíodh féiniúlacht Ceilteach nua-aimseartha mar chuid den Athbheochan Cheilteach le linn na Ré Rómánsaí sa Bhreatain agus in Éirinn, maraon le háiteanna eile san Eoraip amhail is an Ghailís.[20]

Is í an fhianaise is luaithe a mheastar gan amhras gur teanga Cheilteach atá iontu ná inscríbhinní Leapóintise de chuid na 6ú haoise RC.[21] Ní fheictear teangacha Ceilteacha na Mór-roinne ach in inscríbhinní agus logainmneacha. Feictear teangacha Ceilteacha na nOileán ón 4ú haois AD in inscríbhinní Oghaim, cé go raibh siad á labhairt is léir i bhfad níos luaithe. Tosaíonn litríocht Ghaeilge le téacsanna Sean-Ghaeilge ón 7ú/8ú haois AD. Tá codanna de mhiotaseolaíocht na gCeilteach taifeadta i luath-Litríocht na Gaeilge agus litríocht na Breatnaise de chuid na meánaoise.

Sa lá atá inniu ann, labhraítear fós in iar-chríocha na gCeilteach Gaeilge, Gaeilge na hAlban, Breatnais agus Briotáinis, fad is atá Coirnis agus Gaeilge Mhanann á n-athbheochan.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 1.2 Seosamh Ó Cuaig (11 Iúil 2022). "Finscéal a bhí sna Ceiltigh dar le húdar leabhair nua ach ní gá dúinn a fhocail a shlogadh / leabhar de Simon Jenkins , The Celts: A Sceptical History" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-07-11.
  2. Waldman & Mason 2006, p. 144. "CELTS location: Greater Europe time period: Second millennium B.C.E. to present ancestry: Celtic
  3. Mac Cana & Dillon, Puhvel, Fee & Leeming 2003, p. 67, Riché 2005, p. 150, Todd 1975, p. 42, Encyclopedia Britannica. Celt
  4. 4.0 4.1 Drinkwater 2012, p. 295
  5. Waldman & Mason 2006, p. 144
  6. Encyclopedia Britannica. Celt
  7. 7.0 7.1 Koch, John (2005). "Celtic Culture: a historical encyclopedia". Santa Barbara: ABC-CLIO. 
  8. "PUEBLOS CELTAS Y NO CELTAS DE LA GALICIA ANTIGUA: FUENTES LITERARIAS FRENTE A FUENTES EPIGRÁFICAS" (2006). xxii seminario de lenguas y epigrafía antigua. 
  9. Koch, John T. (ed.) (2006). "Celtic culture: a historical encyclopedia": 790. ABC-CLIO. 
  10. 10.0 10.1 "The Atlantic Celts – Ancient People Or Modern Invention" (1999). University of Wisconsin Press. 
  11. "The Celts: Origins, Myths and Inventions" (2003). Stroud: Tempus Publishing. 
  12. "Britain BC" (2004). Harper Perennial. 
  13. 13.0 13.1 "The Celts" (1970): 28–33. Penguin Books. 
  14. Cunliffe, Barry (1997). "The Ancient Celts": 39–67. Penguin Books. 
  15. Koch, John T (2010). "Celtic from the West Chapter 9: Paradigm Shift? Interpreting Tartessian as Celtic – see map 9.3 The Ancient Celtic Languages c. 440/430 BC". Oxbow Books, Oxford, UK. 
  16. Koch, John T (2010). "Celtic from the West Chapter 9: Paradigm Shift? Interpreting Tartessian as Celtic". Oxbow Books, Oxford, UK. 
  17. Cunliffe, Barry (2003). "The Celts – a very short introduction". Oxford University Press. 
  18. Minahan, James (2000). "One Europe, Many Nations: A Historical Dictionary of European National Groups". Greenwood Publishing Group. 
  19. Minahan, James (2000). "One Europe, Many Nations: A Historical Dictionary of European National Groups". Greenwood Publishing Group. 
  20. McKevitt, Kerry Ann (2006). "Mythologizing Identity and History: a look at the Celtic past of Galicia". E-Keltoi 6: 651–73.  Curtha i gcartlann 2011-06-24 ar an Wayback Machine
  21. Stifter, David (2008). "Old Celtic Languages": 24–37.