Jump to content

Déithe Ceilteacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Déithe na gCeilteach)
Epona, bandia Ceilteach na gcapall agus marcaíochta, nach raibh a macasamhail aici i measc déithe na Rómhánaigh, agus dá bharr tá tábhacht ar leith mar dia fíorCheilteach. Tá an dealbh seo as an nGearmáin c. AD 200.

Is léir go raibh paintéón ag na Ceiltigh ársa, inchomórtais le dreamanna Ind-Eorpacha eile, gach ceann acu nasctha le gnéithe áirithe den saol agus den domhan nádúrtha. Tá aithne orthu as iomaí foinsí, ionaid adhartha, dealbha, inscríbhinní, réada cultais, logainmneacha agus ainmneacha pearsanta san áireamh.

Níl ach pas beag íomhánna ann dá ndéithe in ealaín Cheilteach roimh theacht na Rómhánach, agus is deacair é iad a aithniú de bharr easpa inscríbhinní. Faightear níos mó fianaise i ndiaidh concas na Rómhánach, a bhuí le híomhánna le hinscríbhinní agus scríbhneoirí Laidine. Feictear na déithe úd go héiginnte i luath-litríocht na Gaeilge agus na Breatnaise, óir gur scríobhadh iad siúd i bhfad i ndiaidh teacht na Críostaíochta.

Na Rómhánaigh

[cuir in eagar | athraigh foinse]

I ndiaidh concas na Rómhánach, rinneadh naisc idir déithe na gCeilteach agus na Rómhánach, agus d'adhrtaí iad go dtí teacht na Críostaíochta.

Is é locus classicus do dhéithe na gCeilteach san Ghaill ná an sliocht in Commentarii de Bello Gallico (52–51 BC) le Iúil Caesar, ina a dhéanann sé trácht ar seisear acu, i dteannta lena gcuid feidhmeanna. Deir sé gurbh é Mearcair an dia is tábhachtaí, cumadóir na n-ealaíon, patrún taistealaithe, ceannaithe agus tráchtála. D'adhrtaí na Gallaigh ansin Apalló, dia an leighis; Mars, dia an chogaidh; Iúpatar, dia na bhflaitheas; agus Minéirve, bandia lámhcheirdeanna. Deir sé fosta gur mheas na Gallaigh fúthu é Dīs Pater a sinsear.[1]

Mar ba nós leis na Rómhánaigh, ní luann Caesar na déithe úd leis a n-ainmneacha dúchais, agus dá bharr is deacair é iad a aithint, ó thaobh ainm is feidhmiúil de, le déithe na nGallach agus Cheiltigh na nOileán ar aon. In ainneoin sin, is foinse tábhachtach é a liosta beag.

Tá fianaise mhaith scríofa le fáil sa Ghaill agus sa Bhreatain ar na déithe ainmnithe ag Caesar. Go minic, feictear iad ceangailte le hainmneacha dúchais Ceilteacha, amhail is Mearcair Visucius, Lenus Mars, Iúpatar PoeninusSulis Minéirve. Feictear ainmneacha aonair go forleathan fosta, go háirithe i measc bandéithe amhail is Sulevia, Sirona, Rosmerta agus Epona.

Tá ann sa Ghaill tuairim is roinnt céad ainmneacha le bunús Ceilteach. Feictear an chuid is mó acu ach uair amháin, rud a chuireann in úil de réir roinnt scoláirí gur déithe áitiúla atá i gceist. Luann tacadóirí an smaoinimh seo an dia Teutates, dia na treibhe, luaite ag Lucan.[2] D'fhéadfadh é nach bhfuil an sna hainmneacha is ach leaganacha áitiúla dosna déithe céanna.

Macasamhail den leacht neamhiomlán, Gallán na mBádóirí, as Páras, le ceithre dhia, ina measc an t-aon léiriú amháin den dia Cernunnos ina dtugtar a ainm (ar chlé, 2a ón mbarr).

Tréithe ginearálta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

A bhí le fianaise ón ré Rómhánach, feictear an-chuid déithe agus bandéithe léirithe in íomhánna agus tíolacthaí.[3]

D'adhrtaí roinnt déithe go forleathan ar fud an domhain Cheiltigh, agus eile acu i réigiún no fiú ceantar amháin,[4] agus tóir níos mó orthu siúd scaití ná na déithe for-réigiúnacha.

Déithe for-réigiúnacha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc déithe a d'adhrtaí os cionn teoranta na dtreabh bhí Matres, Cernunnos, dia na spéire Taranis agus dtús na gcapall Epona. Fuarthas lucht leanúna Epona, chomh fada ó chéile is an Bhreatain, an Róimh agus an Bhulgáir.

Is suntasach é go bhfeictear na máthair-dhéithe go minic ina dtriúr sa Bhreatain, sa Ghaill agus ar an Réin, cé go bhfuil éagsúlachtaí móra eatarthu ó cheantar go ceantar.[5]

Sa chaoi chéanna, tá nasc tréan le feiceáil idir dia Ceilteach na spéire agus roth na gréine ar fud na hEorpach, ó Bhalla Haidrian go dtí Cologne agus Nîmes, cé go bhfuil éagsúlachtaí ann chomh maith.[6]

Déithe áitiúla

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is féidir uaireanta déithe réigiúnacha, treibhe nó fo-threibhe a aithint. Tá greanadh cloiche ar leith le fáil i gcríocha na Remi as iarthuaisceart na Gaille, agus léirithe ann dia tré-aghaidh le tréithe coiteanna agus féasóga só. San Iarannaois, chur an treibh úd boinn le trí aghaidh ar fáil.[7]

In oirlár na Gaille, ba níos tábhachtaí í an bandia Sequana i gceantar na Burgúine an lae inniu, ná na Matres, a d'adhrtaí ar fud na Breataine, na Gaille agus Dúiche na Réine.[8]

Lenus ba ea dia treibhe eile, adhartha ag na Treveri ag roinnt sanctúirí, an ceann is iontaí ina bpríomhchathair, Trier. Is léir go raibh tionchar níos leithne aige he was also exported to other areas: bhí altóirí ann tiomnaithe do Lenus in Chedworth, Gloucestershire agus Caerwent sa Bhreatain Bheag.[9]

Nasctha le ceantar amháin, uaireanta ach aon áit amháin, ba ea an-chuid déithe na gCeilteach, agus iad b'fhéidir ina genius loci na háite.[10] Sa Ghaill, tá níos mó ná ceithre chéad ainm a bhfuil fianaise ann ach, agus feictear ar a laghad trí chuid dóibh siúd ach uair amháin.

Tá go leor déithe eile ann a bhfuil ainmneacha acu a chuireann le fios gur dhéithe áitiúla: Vosegus i sléibhte na Vosges; Luxovius i spá Luxeuil: Vasio i mbaile Vaison, Gleann na Róine.

Lánúineacha diaga

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is suntasach é go bhfeictear déithe agus bandéithe le chéile mar chúplaí i ndealbhóireacht Ghallach, amhail is Rosmerta agus Mearcair, Nantosuelta agus Sucellos, Sirona agus Apollo Grannus, Borvo agus Damona, agus Mars Loucetius agus Nemetona.[12]

Cineálacha suntasacha diachta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Déithe le beanna

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Pearsa le beanna, torc aige agus nathair ceann reithe ina theanta, ar an coire Gundestrup.
Príomhalt: Cernunnos

Feictear arís is arís in íomhánna Gallacha dia le beanna ina shuí agus a chosa trasna ar a chéile aige, uaireanta i dteannta le hainmhithe, go minic torc á chaitheamh aige. Tá fianaise ann dá ghnáthainm, Cernunnos, ach le cúpla huair: ar Ghallán na mBádóirí, mar ERNUNNOS anois, ach tá líníocht as an 18ú haois le CERNUNNOS; ar inscríbhinn as Montagnac a deir αλλετ[ει]νος καρνονου αλ[ι]σο[ντ]εας ([tiomnaithe ag] Alletinos [do] Carnonos Alisontea[13]); agus ar dhá inscríbhinn as Seinsel-Rëlent, "Deo Ceruninco"[14]

Tá an-chuid íomhánna ann le feiceáil go forleathan ar fud na hEorpach. Faightear an sampla is luaithe ag Val Camonica i dtuaisceart na Iodálda, agus an ceann is cáiliúla ar an coire Gundestrup den 1d aois RC as Jutland, an Danmhairg. Ar an gcoire seo, tá nathair ceann-reithe ina thráchtas. Ag Reims, tá cornucopia aige, lán go béal le grán agus boinn.[2]

Déithe leighis

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Príomhailt: Airmed, Belenus, Borvo, Brigit, agus Grannus

Tá déithe leighis le fáil ar fud an domhain Cheiltigh, go minic ceangailte le foinsí teo, tobair leighis, luibheolaíocht agus solas.

Is í b'fhéidir Brigid, tré-bhandia leighis, filíochta agus gaibhneoireachta, an té is cáiliúla de dhéithe leighis Cheiltigh na nOileán. Nasctha le mórán foinsí agus tobair leighis atá sí. Airmed is ea bandia nach bhfuil a oiread sin clú uirthi, ceangailte freisin le tobar leighis agus luibheolaíochta.

Sa mhiotaseolaíocht Rómhán-Cheilteach, faightear Belenos (fréamhaithe a mheastar ón gCeiltis *belen-, ‘geal’,[15] cé go bhfuil moltaí diongbháilte eile ann[16]) go háirithe i ndeisceart na Fraince agus tuaisceart na hIodálda. Faightear Apollo Grannus go formhór i lár agus Oirthear na Gaille, ach fosta sa Bhriotáin agus abhantrach na Danóibe.[17] Go minic, is í Sirona bean chéile Ghrannus.

Is fusa tábhachtach leighis eile é Bormo/Borvo (uisce fiuchta, bruite, beirithe[18]), nasctha go háirithe le foinsí teirmeacha sábháil is Bourbonne-les-Bains agus Bourbon-Lancy. Creideadh agus creidtear fós go leas teiripe ag baint leis na foinsí teo úd.

Déithe gréine

[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir 'interpretatio romana', is déithe fireanna gréine iad Lugh, Belenos agus a leithéid, aitheanta le hApollo. Sa lá inniu ann, ámh, meastar gur baineann í an ghrian Cheilteach,[19][20] agus tá roinnt bandéithe molta agus gnéithe gréine acu.

As Gaeilge, is léir gur baininscneach é ainm na gréine. Bhí Grian féin ina grian an Gheimhridh, agus Áine ina grian an tsamhraidh.[21] Mar an gcéanna, tá sé molta ó am go ham go raibh Éadaoin nasctha leis an ngréin. Más fíor san, d'fhéadfadh é gur bhandia gréine í Epona,[21] cé go raibh ról gealaí aici dar leis na Rómhánach.

Tá an t-ainm Sulis an ar mBreatain gaolmhar le déithe Ind-Eorpacha gréine amhail is Helios as an nGréig agus Surya as an Ind,[22][23] agus tá roinnt gnéithe gréine aici cosúil le bhuafhocail súil agus solais. Sa deireadh, feictear an t-ainm Sulevia, go forleathan sa domhain Cheiltigh, gan gaol ann le Sulis,[24] ach uaireanta molta go raibh ról gréine aici.[19]

Tá sé ráite gurb as an mBreatain Bheag í Olwen, ina iarsma de bhandia áitiúil na gréine, go páirteach de thoradh nasc sanasaíochta leis an roth agus leis na dathanna óir, bán agus dearg.[19][25]

Ó am go ham, bhí sé molta go raibh gnéithe gréine ag Brigit, rud atá oiriúnach dá ról mar bandia tine agus solais.[19]

Déithe uisce beannaithe

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Príomhailt: Sulis, Damona, agus Sequana

I nÉirinn, tá an-chuid tobar beannaithe ann tiomnaithe don bhandia Brigit. D'adhrtaí ‘Minéirve’ sa Bhreatain agus ar fud na hEorpach. Ag Bath, athaidh Minéirve leis an mbandia Sulis.

Bhí bandéithe eile an ceangailte le foinsí naofa, amhail is Icovellauna i measc na dTreveri: Coventina ag Carrawburgh: agus Damona agus Bormana i dteannta le dia an earraigh Borvo (féach thuas).

Bhí roinnt bandéithe ina n-aibhneacha a rinneadh ceithre díobh, go suntasach Boann (an Bhóinn), Sinann (an tSionainn), Sequana (An tSéin), Matrona (an Marne), Souconna (Saône) agus b'fhéidir Belisama (an Ribble).

Is é Manannán mac Lir dia na mara is mó le rá. Meastar gur dia an aigéin é a athair Ler. Tá Nodens nasctha leis an bhfarraige, ach freisin le leigheas, seilg agus cúnna.

I Lúsatánia, bhí Borvo ina dhia leighis, nasctha le foinsí boilgearnacha.[26]

Bhí Condatis ceangailte le cumair sa Bhreatain agus sa Ghaill. Bhí Luxovius ina dhia uiscí i Luxeuil sa Ghaill. I nÉirinn, dia leighis ba ea Dian Cécht. Tá an Bhearú ainmnithe as gníomh áirithe dá chuid.[27] Bhí Grannus nasctha le spánna, foinsí teirmeacha agus mianraí leighis, agus leis an ngrian.

Déithe capaill

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Epona, 3ú haois AD, as Freyming (Moselle), an Fhrainc (Musée Lorrain, Nancy)
Príomhailt: Epona agus Macha

Tá ról lárnach ag an gcapall i miotaseolaíocht na gCeilteach de chuile chineál. D'adhrtaí go forleathan Epona, bandia capaill na nGallach, ag cosaint na treibhe. Glactha ag marcshlua na Rómhánach, bhí clú agus cáil aici ar fud na hEorpach, sa Róimh féin fiú. Ar roinnt boinn a rinneadh roimh theacht na Rómhánach, feictear banmharcach agus í Epona, b'fhéidir.

Is ionann í agus bandéithe na n-oileán, Rhiannon sa Bhreatain Bheag, agus in Éirinn Éadaoin Eachraí agus Macha, a bhí in ann rith níos tapúla ná mar capaill féin.

Bhí Macha nasctha le cogadh agus flaitheas. Cé gur bandia í féin, meastar freisin gur cuid den tré-bandia cogaidh agus áir, Mór-Ríoghain, maraon le Badhbh agus Neamhain.

Dia leighis ba ea Atepomarus i measc Ceiltigh na Gaille. Fuarthas inscríbhinní i Mauvières (Indre), aistrithe mar "Marcach Mór" nó "(dia) le capall mór".

Máthair-bhandéithe

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Príomhalt: Matronae
Rilíf terracotta desna Matres, as Bibracte, cathair Aedui, An Ghaill

Is gné áirithe iad máthair bandéithe a fheictear arís is arís i reiligiúin na gCeilteach. Tá an-chuid inscríbhinní ann atá tiomnaithe do Matres nó Matronae, go háirithe thart timpeall Cologne i nDúiche na Réine.[28] Feictear máithreacha Ceilteacha ina n-aonar nó go minic ina dtré dhéithe. De ghnáth bíonn torthaí nó cornucopiaepaterae acu.[2] D'fhéadfadh iad bheith lán-chíochach (nó il-chíochach) agus linbh á mbeathú acu.

Sa Bhreatain Bheag agus in Éirinn faightear máthair-bhandéithe amhail is Dôn, Rhiannon agus Modron na mBreatnach, agus Danu, Boand, Macha agus Ernmas na nGael. Ní amháin máthair-bandéithe iad siúd, áfach. Tá rólanna éagsúla acu i miotaseolaíocht agus siombalachas na gCeilteach. I measc eile, is iad bandéithe leighis, gaibhneoireachts, flaitheas, cruthaitheachta, breithe, torthúlachta, comhriachtana agus cothaithe, ach freisin cogaíochta agus áir.

Ó thaobh a gcuid clann de, is go minic nach luaitear iad ach go fánach, ní tábhacht i bhféiniúlacht a máithreacha. D'fhéadfadh na páiste bheith cabhrach nó contúirteach, agus as ucht a gcinniúintí, tharlódh a mbreithe geasa nó cruatan, amhail is mallacht Mhacha ar fhir na nUladh, nó Rhiannon agus a leanbh ite aici.

Déithe le casúir

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Príomhalt: Sucellus

Léirítear Sucellos, an 'dea-bhuailteoir', de ghnáth mar fhear meánaosta féasógach, casúr crannfhada ina láimh aige, é sin nó bairille beorach ar crochadh ó chuaille. Feictear scataí a chompánach, Nantosuelta, ina thráchtas. Agus iad le chéile, feictear leo siombail nasctha le rathúnas agus teaghlachas.

Aithnítear an pearsa seo go minic le Silvanus, a d'adhrtaí in oirdheisceart na Gaille, le tréithe den chineál céanna; le Dis Pater, sinsear gach Gallaigh mar a chreideadar, dar le Caesar; agus le Dagda, an 'dea-dhia', a raibhe aige cleith mhór agus coire lán go deo.

Déithe nirt agus solabharthachta

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Príomhalt: Ogmios

Sa Ghaill Gaul, aithníodh Ogmios le hEarcail na Rómhánach. Léiríodh é mar sheanfhear agus craiceann crón air, agus bogha agus cleith ina lámha aige. Dia solabharthachta ba ea é fosta, léirithe agus beirt fhear á tharraingt aige, a gcluasa nasctha lena theanga.

Is ionann Ogmios agus Ogma na nGael. Deirtear chuid chum sé Ogham, cló a in Éirinn ón 4ú haois AD.[29]

An tarbh diaga

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Príomhalt: Tarvos Trigaranus
Rilíf Tarvos Trigaranus ar Ghallán na mBádóirí.

Is cineál suntasach míolchruthach dé eile é an tarbh diaga. Feictear Tarvos Trigaranus ("tarbh le trí chorr") ar rilífí síiían ardeaglais ag Trier, an Ghearmáin, agus i Notre-Dame i bPáras.

I miotaseolaíocht na nGael, tá ról lárnach ag Donn Cuailnge sa Táin Bó Cuailnge

Nathair cheann-reithe

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Feictear nathair shainiúil cheann-reithe i dteannta le déithe Gallacha i roinnt léirithe, san áireamh an dia le beanna ar an gcoire Gundestrup (Cernunnos), Mearcair agus Mars.

Déithe suntasacha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Príomhailt: Lugus, Lugh, agus Lleu
Íomhá de dhia trí-cheannach airgeadra mar Lugus, aimsithe i bPáras

De réir Caesair, ba é ‘Mearcair’ an dia ba mhó a thugtaí ómós dó i measc na nGallach, rud a chuireann roinnt mhaith íomhánna agus inscríbhinní in úil. Feictear ainm Mearcair i dteannta le buachaill Cheilteacha, san áireamh Visucius, Cissonius agus Gebrinius.[30] Ainm eile is ea Lugus, a fhionntar ón logainm Lugdunon (dún Lú) a fheictear arís is arís, as a thagann na hainmneacha Lyon, Laon agus Loudun sa Fhrainc, Leiden san Ísiltír, Lugo sa Ghailís, Cathair Luail (Castra Luguvallium) agus Legnica sa Pholainn. I nÉirinn tá Contae Lú ainmnithe as Lugh féin.

As Gaeilge agus Breatnais, tá Lugus gaolmhar le Lugh/Lú agus Lleu, faoi seach. Tá roinnt mhaith cosúlachtaí eatarthu. Mar shampla, scríobh Caesar gur "cumadóir na n-ealaíon uile" é Lugus, cur síos an-ghar do bhuafhocal Lú, samildánach, agus glaoitear "máistir fiche ceird" ar Lleu sa Mabinogi.[31] Tá sliocht ann sa scéal Cath Maighe Tuireadh a insíonn go raibh Lugh ina mháistir gach ealaíon agus ceirde.[32] Deirtear gurbh é Lugh a chur féile Lúnasa ar bun, a ceiliúrtar ar an 1a Mí Lúnasa, in ómós a mháthair altrama, Tailtiu.[33]

Faightear inscríbhinní sa Spáinn agus san Eilvéis, ceann acu de chuallacht gréasaithe, atá tiomnaithe do Lugoves, tuigthe go forleathan mar an uimhir iolra de Lugus, ag lua b'fhéidir an dia ina thrí phearsa, é sin nó leagan desna Dioscuri (.i. Castor agus Pollux - sa chás Ceilteach, Lugh agus Cernunnos).[34]

Ba dhia an fhlaithis go minic é Mearcair na nGallach, léirithe scaití féasógach agus/nó le sciatháin nó adharca ag teacht go díreach as a chionn. Feictear é de ghnáth i dteannta le reithe agus/nó coileach, agus caduceus ina láimh aige.[2]

Ar séadchomharthaí agus inscríbhinní Gallacha, feictear Mearcair go minic i dteannta le Rosmerta, a bhfuil ina bandia torthúlachta agus rathúnais. Go minic eile, feictear é i dteannta leis na Deae Matres (féach thíos).[35]

Taranis Iúpatar Gall-Rómhánach le roth agus caor thintrí, ag iompar torcanna. Haute Marne
Príomhalt: Taranis

Feictear Iúpatar na nGallach go minic le caor thintrí i láimh amháin aige agus roth gréine sa láimh eile. Aithnítear go minic é le Taranis, luaite ag Lucan. D'fhéadfadh é gurb ionann Taranis agus Taran, mionphearsa i miotaseolaíocht na mBreatach, agus Tuireann, athair Bhriain i miotaseolaíocht na nGael.

Faightear briochtaí rotha i gceantair Cheilteacha roimh theacht na Rómhánach.

Príomhalt: Teutates

Teutates nó Toutatis ("Fear na treibhe ") ar dhia de thriúr luaite ag Lucan sa 1d aois,[36] (an bheirt eile ná Esus agus Taranis). Sa lá inniu, luaitear é/iad go minic san iolra, mar phatrún de roinnt treibheanna.[2] Aithnítear Teutates le Mearcair ag tráchtaire níos déanaí amháin ar théacs Lucan, le Mars ag ceann eile. Feictear é fosta ar inscríbhinní ómóis sa Bhreatain, scríofa mar Toutatis.

Dar le tráchtairí níos deireanaí, cuireadh íobairtí daonna Teutates chun báis trí bhá i mullach a gceann i ndabhach de leacht neamhshonraithe.

Dar le Paul-Marie Duval, is ionann Mars na nGallach agus Toutates.[2]

Príomhalt: Esus

Feictear Esus (Tiarna) in dhá shéadchomhartha na mór-roinne, ina measc Gallán na mBádóirí, mar thuadóir ag gearradh géag ó chrainn.

Sa tábla a leanas, feictear roinnt desna déithe Rómhánacha agus Ceilteacha luaite thuas, le leaganacha Rómhánacha, leaganacha maith le Gallacha, Breatnacha nó Ibéireacha, agus pearsana na dTuath Dé Danann agus as an Mabinogion. Tugtar le fios ann ceangail nó teangeolaíocha nó feidhmiúla idir na déithe, cé nach bhfuiltear ar aon tuairim maidir leis siúd, go háirithe ó thaobh déithe Cheiltigh na nOileán.

Interpretatio
Romana
Gaillis, Briotanais
& Ceiltibéarais
Breatnais Sean-Ghaeilge
Apalló Belenos
Borvo
Grannus
Beli Mawr Bél
Apalló Maponos Mabon Maccan
    Brân Bran
Victoria Bodua   Badb
Victoria Brigantia   Brigit
  Cicolluis Cichol
Dinísias Cernunnos Amaethon  
    Dôn Danu
Dīs Pater     Donn
Dá Derga
  Epona Rhiannon Macha
Bolcán Gobannos Gofannon Goibniu
Neiptiún   Manawydan Manannán mac Lir
Lamia Matronae Modron Mór-Ríoghain
Victoria Nemetona    
Earcail Ogmios Eufydd Ogma
Maia Rosmerta    
Hygieia Sirona    
Silvanus Sucellus   Dagda
Minéirve Sulis
Belisama
Senuna
Coventina
Icovellauna
Sequana
   
Junones Suleviae    
Iúpatar Taranis Taran Turenn
Mars (miotaseolaíocht) Nodens Lludd/Nudd Nuada
Mars Teutates
Cnabetius (Cenabetius)[37]
   
Mars Neton   Neit
Mearcair (miotaseolaíocht) Lugus Lleu Lugh
Mearcair Viducus Gwydion  
  Nemedus   Nemed
  Crouga   Crom Cruach
  • Delamarre, Xavier (2003). "Dictionnaire de la langue gauloise". Paris: Editions Errance. 
  • Green, Miranda J. (2005). "Exploring the world of the druids". Londain: Thames & Hudson. 
  • Green, Miranda (1986). "The Gods of the Celts". Gloucs: Alan Sutton. 
  • "Les dieux gaulois : répertoire des noms de divinités celtiques connus par l'épigraphie, les textes antiques et la toponymie" (2001). Paryas: Editions Errance. 
  1. Julius Caesar, Commentarii de Bello Gallico 6:17-18
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 2.5 Paul-Marie Duval, Les dieux de la Gaule, Éditions Payot, Paris, 1993. ISBN 2-228-88621-1
  3. Green 2005, lch. 26
  4. Green 2005, lch. 26
  5. Green 2005, ll. 27-28
  6. Green 2005, lch. 28
  7. Green 2005, lch. 28
  8. Green 2005, lch. 27
  9. Green 2005, lch. 28
  10. Green 2005, lch. 28
  11. Green 2005, lch. 28
  12. Jufer, Luginbühl 2001
  13. Recueil des Inscriptions Gauloises I (1985), ll. 318-325.
  14. AE, 1987, 00772.
  15. Delamarre, 2003
  16. Peter Schrijver, "On Henbane and Early European Narcotics", Zeitschrift für celtische Philologie, iml. 51 (1999), ll. 17-45.
  17. Green, 1986
  18. Green, 1986
  19. 19.0 19.1 19.2 19.3 Patricia Monaghan, The Encyclopedia of Celtic Mythology and Folklore, lch. 433.
  20. John T. Koch, Celtic Culture: Aberdeen breviary-celticism, lch. 1636.
  21. 21.0 21.1 MacKillop (1998) ll. 10, 70, 92.
  22. Delamarre, 2003, lch. 287
  23. Zair, Nicholas, Reflexes of the Proto-Indo-European Laryngeals in Celtic, Brill, 2012, lch. 120
  24. Jufer, Luginbüh, 2001, ll. 15, 64
  25. Simon Andrew Stirling, The Grail: Relic of an Ancient Religion, 2015
  26. J. A. MacCulloch (1911). "The Religion of the Ancient Celts". Dún Éadain: T. & T. Clark. 
  27. Charles Squire (1905). "Celtic Myth and Legend". Londain: Gresham Publishing Company. 
  28. Jufer, Luginbühl, 2001
  29. George Calder, Auraicept na n-Éces, John Grant, Dún Éadain 1917 (1995 athchló)
  30. Jufer (2001), Luginbühl
  31. Patrick K. Ford (eag/aistr). 1977. The Mabinogi and other Medieval Welsh Tales. University of California Press, Berkeley. ISBN 0-520-03414-7
  32. Elizabeth A. Gray (eag/aistr). 1982. Cath Maige Tuired: The Second Battle of Mag Tuired. Irish Texts Society (Iml. LII), An Nás, Cill Dara
  33. R. A. Stewart Macalister (eag/aistr). 1941. Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland. Part IV. Irish Texts Society (iml. XLI), Baile Átha Cliath.
  34. "Cernunnos le dioscure sauvage. Recherches sur le type dionysiaque chez les Celtes" (2010). Éds. de l’Harmattan. 
  35. Green, 1986
  36. Marcus Annaeus Lucanus. c. 61-65. Bellum civile, Book I, ll.498-501. Online translation
  37. Teimpléad:CIL, Teimpléad:CIL, Teimpléad:CIL