Liosta de Dhéithe Ceilteacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is féidir Déithe na gCeilteach a roinneadh in dhá chatagóir: coiteann agus áitiúil. Bhíodh aithne ar na déithe coiteanna ar fud an domhain Cheiltigh. Impíodh iad le haghaidh cosanta, leighis, áidh agus dea-chlú. Déithe de ghnéithe an tírdhreacha anáil is sléibhte, aibhneacha, crainn srl. ba ea na déithe áitiúla (féach anamachas Ceilteach), agus dá bharr ní raibh aithne orthu ach ag daoine an cheantair.[1]

Tá fianaise ann faoi dhéithe na gCeilteach as foinsí éagsúla amhail is lámhscríbhinní, ionadaí ársa adhartha, dealbha, píosaí greanta, séada creidimh, agus logainmneacha agus ainmneacha pearsanta.

Tar éis teacht na Críostaíochta cúig na náisiúin Cheilteacha, bhí iarrachtaí déanta ag scríbhneoirí Críostaí daoine daonna (eoihéimireachas) nó fiú deamhain a dhéanamh den chuid is mó desna déithe págánacha. Rinneadh naoimh de chúpla ceann dóibh — féach mar Tuatha Dé Danann as miotaseolaíocht na nGael.[1]

Déithe Gaelacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Baineann[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Achall - iníon Chairbre Nia Fer
  • Achtland - banríon daonna a d'éirigh ina síde na dTuatha Dé Danann
  • Aibell - bandia cosanta Dhál Chais
  • Aimend - iníon Aonghasa Bolg
  • Aoife - máthair Connla
  • Áine - bandia an tsamhraidh, an tsaibhris agus an fhlaithis
  • Airmed - bandia leighis agus luibheolaíochta[2]
  • Anu - bandia an domhain agus torthúlachta[3]
  • Banba, Ériu & Fódla - deirfiúracha, bandéithe eapainmneacha na hÉireann
  • Bec - bandia nasctha le tobar draíochta
  • Bébinn (Béfind) - bandia breithe, nó bandia underworld i miotaseolaíocht na nGael agus na Breataine Bige
  • Bé Chuille - bandraoi maith
  • Bláthnat - iníon rí, bean chéile Chú Roí agus leanann a chéile comhraic, Cú Chulainn
  • Bodhmall - bandraoi, iníon le Cumhall, máthair altrama Fhionn
  • Boann - bandia na habhann
  • Brigit - bandia filíochta, leighis, na ngaibhne agus an earraigh. Bhí beirt deirfiúracha aici den ainm céanna, forming a triad of goddesses[4]
  • Caillech (Beira, Biróg) - cailleach dé, bandia cruthaíochta, aimsire agus sinsearachta, aitheanta mar "Banríon an Gheimhridh" in Albain
  • Canola - aireagóir an chláirsigh, bandia ceoil, inspiration agus aislingí
  • Carman - banlaoch agus sorceress as Athens
  • Cessair - ceannaire na gcéad lonnaitheoirí in Éirinn
  • Cethlenn - banfháidh, bean chéile Bhalair
  • Clídna - banríon na mbánsidhe, bandia uaireanta a grá agus áille, patrún Chorcaí
  • Clothru - iníon Eochach Feidhligh, máthair (agus aintín) Lughach
  • Danu - iníon Delbáeth, máthair Bhriain, Iuchair agus Iucharba
  • Deichtine, Dechtere - deirfiúr Chonchúir mhic Neasa, mháthair Chú Chulainn
  • Deirdre - an banlaoch tragóideach is cáiliúla dá bhfuil ann b'fhéidir sa lá atá inniu ann
  • Ernmas - máthair Éirinn, Bhanba agus Fhódla; Bhabha agus Mhacha; agus Mhór-Ríoghna i measc eile
  • Étaín - banlaoch an scéil Tochmarc Étaíne
  • Ethniu (Ethliu) - iníon Bhalair, ceannaire na bhFomhórach, agus máthair Lugha
  • Fand - feicthe uair amháin mar éan mara, bean chéile Mhanannáin
  • Finnabair - iníon Ailealla agus Meabha, spéirbhean fíorálainn a bhí ina cúis na céadta básanna i mbun catha
  • Finnguala - iníon Lir na dTuath Dé Danann, curtha faoi mhaithe ag a leasmháthair bheith ina eala le 900 bliain go dtí gur shábháil Lairgrean í
  • Flidais - bandia bólachta agus torthúlachta, bean chéile an Ardrí, Adamair
  • Fuamnach - chéad bhean chéile Mhidreach agus cailleach na dTuath Dé Danann, leanbh áiteanna an draoi, Bresal Etarlám
  • Gráinne - iníon Chormaic mhic Airt, geallta le Fionn mac Cumhaill, i ndiaidh sin le gaiscíoch Fhionn, Diarmaid ua Duibhne
  • Grian - bandia nasctha le Luimneach agus Cnoc Gréine, suite seacht míle ó Chnoc Áine
  • Lí Ban - iníon Aodha Abrat deirfiúr le Fand, feictear íi riocht faoláin
  • Macha - bandia flaithis, nasctha le cúige Uladh, go háirithe le hEamhain Mhacha. Ar cheann de thriúr deirfiúracha Mhór Ríoghna. Nasctha le talamh, torthúlacht, flaitheas, cogadh agus capaill.
  • Medb (Medb Lethderg) - banríon na gConnacht, ceanndána, uaillmhianach, glic agus ainrianta
  • Meas Buachalla - máthair an Ardrí, Conaire Mór
  • Mongfind - bandia na Samhna, deirfiúr Chriomthainn mhic Fhidaigh, bean chéile an Ardrí, Eochaid Mugmedón agus máthair a thriúr mac níos sine, Brión, Ailill agus Fiachra
  • Mór-Ríoghain, Badb & Nemain, triúr deirfiúracha, bandéithe flaithis agus cogaidh. Is féidir leo bás, cliseadh no bua i mbun cogaidh a thuar. Uaireanta, luaitear Mór-Ríoghain na trí déithe mar bhandia amháin. Feictear í mar phréachán, trí phréachán, bó, mac tíre nó eascann.
  • Mór Mumhan (Mugain) - bandia flaithis an chúige, go háirithe na nEoghanacht, iníon an rí, Áed Bennán mac Crimthainn
  • Muireann Muncháem - máthair Fhionn mhic Cumhaill[5]
  • Niamh Chinn Óir - bean neamhshaolta a thug Oisín léi chuig Tír na nÓg le 300 bliain
  • Plúr na mBan - iníon álainn Oisín agus Niamh
  • Sadhbh - máthair Oisín le Fionn mac Cumhaill, eilit
  • Tailtiu - iníon rí na Spáinne, bean chéile Eochach mhic Eirc, mháthair altrama Lugha
  • Tlachtga - iníon an phríomh dhraoi, Mug Ruith
  • Uirne - deirfiúr Mhuirne

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 "History of Gods" . EnCognitive.com. 
  2. "Encyclopedia of ancient deities" (2000). Chicago: Fitzroy Dearborn. 
  3. "The Routledge dictionary of gods, goddesses, devils and demons" (2004). London: Routledge. 
  4. "The religion of the ancient Celts" (2009). Auckland, N.Z.: Floating Press. 
  5. "Muirenn Muncháem".