Bláthnat

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Sa Rúraíocht i Miotaseolaíocht na nGael, bean chéile Chú Raoi agus leannán Chú Chulainn ab ea BláthnaidBláithín (Sean-Ghaeilge Bláthnat). Ba é a hathair nó Mend[1] as Inis Fear Falgha (aithnithe mar Oileán Mhanann), nó Iuchna,[2]Conchúr Mac Neasa,[3]Midhir, rí Bhrí Léith, Contae na hIarmhí.

Caidreamh triúir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ionsaíodh a hathair ag gaiscígh den Chraobh Dhearg na nUladh, i gceannas Chú Raoi agus Chú Chulainn. Gabhadh í le linn an ionsaí, i dteannta le roinnt bólachta agus coire draíochta. Thit sí i ngrá le Cú Chulainn, ach in ainneoin sin, roghnaigh Cú Raoi í mar a chreach chogaidh, agus phós siad a chéile. Bhí seo ina chúis achrainn idir an mbeirt laochra, a tháinig chun críche nuair a bearradh agus tugadh náire do Chú Chulainn.[4]

Níos déanaí, rinne sí feall ar a fear chéile, ag sceitheadh dá namhaid go raibh sé abhaile, ag doirteadh bainne isteach san abhainn Fhionnghlaise, is amhlaidh ag Dún Chathair Chon Raoi, Contae Chiarraí. Maraíodh Cú Raoi ag Cú Chulainn, agus mar dhíoltas, chaith file Chú Raoi Ferchertne, é féin agus Bláthnaid thar aill.

Miotaseolaíocht na Breataine Bige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Moltar go bhfuil fáil idir Bláthnaid, a hainm agus a feall, agus Blodeuwedd sa cheathrú craobh den Mabinogi, Math fab Mathonwy.[5]

Fled Bricrenn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhalt: Fled Bricrenn

Bhí Bláthnaid, bean chéile Chú Raoi, i láthair ag Fleadh Bhricreann. Dúirt sí le triúr laochra ar oíche éagsúla an dún a chosaint, ach ní raibh ach Cú Chulainn in ann arm ionsaitheoirí a chloí. Thug Cú Raoi dá bharr an curadhmhír do Chú Chulainn.[6]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Ellis, Peter Berresford (1995). "Celtic women: Women in Celtic Society and Literature". Grand Rapids, Mich: Eerdmans. 
  2. Carney, James (1979). "Studies in Irish literature and history". Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn. 
  3. Chadwick, H. Munro Chadwick, Nora K. (1932–1940). "The Growth of Literature". Cambridge: Cambridge University Press. 
  4. Moore, Arthur William (1891). "The Folk-lore of the Isle of Man". Brown & Son. 
  5. Monaghan, Patricia (2004). "The Encyclopedia of Celtic Mythology and Folklore". New York: Facts On File. 
  6. Henderson, George (1899). "The Feast of Bricriu". [Whitefish, Mont.]: Kessinger Pub.. 



Teimpléad:Europe-myth-stub