Fódhla
| Cineál | bandia |
|---|---|
| Dáta | |
| Inscne | baineann |
| Muintir | |
| Céile | Mac Ceacht |
| Máthair | Earnmas |
| Siblíní | Ériu, Mórrígan, Macha, Badhbh agus Banba |
I miotaseolaíocht na nGael, ba í Fódhla (Sean-Ghaeilge Fótla nó Fódla), iníon Delbáeth agus Ernmas na dTuath Dé Danann, ar cheann de na bandéithe coimirceach na hÉireann. Ba é Mac Céacht a fear céile.
Clann Mhíle
[cuir in eagar | athraigh foinse]I dteannta lena deirfiúracha Banba agus Ériu, ba bhall de thriúracht bandéithe í.
Nuair a tháinig Clann Mhíle i dtír in Éirinn chun an oileán a ghabháil, d'iarr na deirfiúracha uile, duine ar dhuine, ar an bhfile Amergin Glúingel go n-ainmneofaí an oileán ina honóir fhéín. Is amhlaidh gur rug Ériu (Éire) an chraobh léi, cé go gcreideann na filí gur bronnadh iad triúr a mian, agus feictear idir 'Fódhla' agus 'Banba' mar ainm litríochta na tíre.
Sa scéal Tochomlad mac Miledh a hEspain i nErind, léitear Fódhla mar bhean chéile Mhic Céachta, í ina banríon, agus Mac Céacht ina rí.[1] Insítear sa scéal gur bhuail Fódhla le Clann Mhíle agus iad ag dul thart bhráid ‘lena slua gasta sidhe ina timpeall’ ar Shliabh Naini nó Ebliu. De réir fonóta, is ionann an sliabh seo agus Sliabh Eibhlinne i gContae Luimnigh.
De réir Seathrúin Chéitinne, thug sí adhradh do Mhór-Ríoghain, a ainmnítear scaití mar iníon Ernmais.
Fotla na gCruithneach
[cuir in eagar | athraigh foinse]De réir De Situ Albanie (téacs déanach), an Croinic Cruithneach, agus Duan Albanach, ba é Fotla (nualeagan Atholl, Ath-Fotla) ar chrann de na chéad ríthe na gCruithneach.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Tochomlad mac Miledh a hEspain i nErind: no Cath Tailten ar CLC le Mary Jones
- ↑ Broun, "Kingship"; le haghaidh Éireann, féach m.s. Byrne, Irish Kings and High-Kings, agus Ó Cróinín, Early Medieval Ireland