Mac Céacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa Rúraíocht i miotaseolaíocht na nGael, bhí beirt laochra na gConnacht ann darbh ainm Mac Céacht (Sean-Ghaeilge Mac Cécht). B'fhéidir gurbh ionann iad na pearsana, nó b'fhéidir gur comhcheanglaíodh iad, ach ní soiléir é an nasc eatarthu, agus tá aithreacha éagsúla curtha i leith dóibh.

Mac Cécht mac Snáide Techid (Togail Bruidne Dá Derga)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig Mac Cécht i láthair ar dtús sa scéal Toghail Brú Dhá Dheirg mar gharda cosanta Chonaire Mhóir, in aice le Conall Cearnach. De réir an scéil seo, ba mhac Snaide Teichet é. Bhí Conaire agus a gaiscí ag fanacht tráth cinniúna ag brú Dhá Dheirg, nuair a d'ionsaigh a dheartháireacha altrama é, agus tharla cath. Rinne Conaire, Mac Cécht agus Conall go leor gníomhartha gaisce, agus mharaigh agus chloígh siad a lán ionsaitheoirí, ach d'éag Conaire lena chneácha. Ar an tríú lá, d'éag Mac Cécht féin lena chneáchasa ar láthair an chogaidh.

Mhol an t-idirshuiteoir fir H sa leagan le fáil i Leabhar na hUidhre críoch éagsúil, ina chuir Mac Cécht Conaire ina uaigh agus ansin a d'fhill go dtí a thír féin, Connacht. Níl gaol ag Mac Cécht le Connacht in aon leagan eile, agus is léir go raibh H ag iarraidh é a nascadh le Mac Cécht an scéil thíos.

Insítear scéal Mhic Céacht in Toghail i ndán an Dinnseanchais ar Ráith Cnámrossa (Ráth Cnámhrosa), ina thugtar ainm a athar i riocht millte mar "Slaite Seched" as Connacht.[1] Deirtear ann gurbh é Lé Fer Flaith mac Conaire a mhac altrama. Rinne sé iarracht Lé Fer a tharrtháil agus an brú trí thine. Fuair an buachaill bás faoi thrí ag Corra Ednecha, ámh, leacaithe, dóite agus báite le fíor-neart, teocht agus allas Mhic Céachta, iompartha i log a scéithe.[2] Chuir Mac Cécht na cnámha i reilig, i n-áit darbh ainm as sin amach cnámh-fras. Molann an téacs dhá míniú eile don logainm.

Monodar mac Conrach Cas, darb ainm 'Mac Cécht' (Cath Bóinde)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa scéal na Meán-Ghaeilge Cath Bóinde – dar teideal Ferchuitred Medba (Fear-liúntas Mhéabha) freisin – is leasainm é Mac Cécht do Monodar mac Conrach Cas, laoch a raibh cónaí air is amhlaidh i gConnacht sa 1d aois. Mharaigh eisean, agus a dheartháir Tindi, Fidig mac Feicc Gamanraige, de thuaisceart na gConnacht ó dhúchas, de bharr a shuirí ar Mhéabh, iníon Eochaidhe Feidhil, Ard-Rí na hÉireann. Deirtear gur chuir Eochaidh Tindi ar deoraíocht go fásaigh Chonnacht de bharr an dúnmharaithe seo.

Tháinig Monodar ar ais í láthair agus é ar deoraíocht i nUlaidh, ach insítear gur mharaigh sé Tindi i gcomhrac aonair i rith Cath na Bóinne, agus na hUlaidh ionsaithe ag Tindi i dteannta le hEochaidh Feidhil.[3] De dheasca seo, tugadh do Mhonodar an leasainm "Mac Cécht", 'sé sin, mac éachta, sa bhrí: ár, marfach. Tá sanasaíocht an ainm le fáil sa Cóir Anmann, uimhir 158:

Maccecht .i. mac dorighne écht n-annsom .i. domharbh sé a dhearbhbhrathair feisin a comhracc .i. Tinne mac Connrach. Rí Connacht tra Tinne intansin & domharbh Monodhar mac Conrach é. Conid iarsin n-echt sin doríne Monodhar tucadh 'Maccecht' fair. Conodhur proprium nomen eius.
Maccecht, 'sé sin, mac a rinne écht , 'sé sin, mharaigh sé a dheartháir féin i gcomhrac, 'sé sin, Tinne mac Connrach. Ba rí Connacht é Tinne ag an am, agus mharaigh Monodar mac Connrach é. I dtaobh an dúnmharaithe seo a rinne Monodar, tugadh Macc-echt dó. Ba é Conodar proprium nomen eius (a ainm ceart).

D'éirigh Monodar ina churadh de Chonchúr mac Neasa.

Tháinig Conadar mac Cécht eile ar an bhfód freisin mar laoch agus thaoiseach i n-arm Mhéabha i scéalta na Rúraíochta sa Lámhscríbhinn Ghleann Masain.[4]

Eagráin agus aistriúcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Cath Bóinde, eag. Joseph O'Neill, "Cath Boinde", Ériu 2 (1905): ll. 173–85.
  • Rennes Dindsenchas, u. 31, eag. agus aistr. Whitley Stokes, "The Prose Tales in the Rennes Dindshenchas." Revue Celtique 15 (1894): ll. 277–336. Le fáil ar Thesaurus Linguae Hibernicae
  • Cóir Anmann, eag. agus aistr. Whitley Stokes, "Cóir Anmann (Fitness of Names).” Irische Text mit Wörterbuch. Dritte Serie, 2 Heft. Leipzig, 1897: ll. 288–411. Le fáil ar CELT, agus aistriúchán ar Mary Jones.


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Rennes Dindsenchas, u. 31.
  2. De réir Togail Bruidne Dá Derga, chuir Mac Cécht an buachaill faoina ascaill, ach ní insítear scéal a bháis ach leis an idirshuiteoir H i leagan Leabhar na hUidhre.
  3. agus in éineacht le gaiscí na Mumhan agus Sraibgend MacNiuil, seanathair Ailill mac Máta, fear céile Mhéabha amach ansin.
  4. D. MacKinnon, "The Glenmasan manuscript." The Celtic Review 1 (1904–05): lch. 297; 2 (1905–06): ll. 28–9; 3 (1906–07): ll. 14–5.