Gamanraige

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ba iad na Gamhanraidh (Sean-Ghaeilge Gamanraige) príomhshliocht na bhFear Ol nEchmacht, dream daonna réamhstairiúil a bhí i réim taobh thiar na Sionainne, i nIarthair na hÉireann.

Fir Dál Eachmacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí na Gamanraige í réim idir Abhainn na Gaillimhe agus An Drobhaois agus An Duibh san oirthuaisceart. Ba é Ráth Eochaidh, níos deireanaí Ráth Cruachan, a bpríomhchathair. Is amhlaidh gurbh é seo críocha Dhál Eachmach féin. Ba é le teacht i réim na gConnacht a athainmníodh an dúiche go Cúige Chonnacht.

Táin Bó Flidais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhalt: Táin Bó Flidais

Insítear sa scéal Táin Bó Fhliodais conas mar thosaigh treibh na gConnacht ionsaí ar na Gamanraige. Rinne Méabh, a fear céile Ailill mac Máta aoi na nUladh, Fearghas mac Róigh ionsaí ar Fhliodhas agus a fear céile Oilill Finn i nIorras, tuaisceart Chontae Mhaigh Eo.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]