Fearghus Mac Róich
I miotaseolaíocht na hÉireann, is é Fearghas Mac Róigh (Sean-Ghaeilge Fergus mac Roích nó mac Róeg) iar-rí ar Chúige Uladh le linn na Rúraíochta, an tsraith scéalaíochta Uladh. Bhuail Neasa bob air chun fáil réidh leis mar rí agus a mac Conchúr Mac Neasa a chur ina áit. Is é Fergus Foga ná ainm eile ar Fergus Mac Róich, dar le T. F. O'Rahilly. D'fhéadfadh gurb é Fergus mac Léti leagan eile dó freisin.
Nuair a theith Deirdre agus Naoise ó Chonchúr go hAlbain (theastaigh Chonchúr Deirdre a phósadh), seoladh Fearghas chun iad a thabhairt abhaile go sábháilte. Mharaigh fir Chonchúir Naoise agus a dheartháireacha, agus phós sé Deirdre in aghaidh a tola. Bhí Fearghus ar buile faoin mí-ionraiceas seo agus chuaigh sé lena lucht leanúna go Connacht. Ghlac Ailill agus Méabh leo agus bhí Fearghus agus Méadh mar leannáin ó shin amach. Throid Fergus agus a fhir ar son Connachta i gcoinne Cúige Uladh agus Cú Chulainn (a mhac altrama) sa Táin Bó Cúailgne.
Phós Fearghas bandia-fianna, Flidias agus bhí clú air mar gheall ar a ghnéasúlacht. Bhí an claíomh finscéalaíoch Caladbolg ina sheilbh aige a d'úsáid sé chun barra 3 chnoic a bhaint uair amháin. Maraíodh é ar ordú Ailill mar gheall ar a chaidreamh le Méadh.
Tá páirt ag mac Fearghasa, Fiachra Cáech, i roinnt scéalta. Maraítear é agus é ag déanamh iarracht ar shaol Naoise a shábháil.
Téacsanna[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Tidings of Conchobar son of Ness
- The Birth of Cú Chulainn
- Bricriu's Feast
- The Exile of the Sons of Usnech
- The Driving of Flidais's Cattle
- The Adventures of Nera
- The Cattle Raid of Cooley, recension 1
- The Cattle Raid of Cooley, recension 2
- The Death of Fergus mac Róich
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |