Scéal Muc Mhic Dhathó

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Scéla Mucce Meic Dathó)
WD Bosca Sonraí LeabharScéal Muc Mhic Dhathó
Cineálfinscéal Cuir in eagar ar Wikidata

Is scéal sa Rúraíocht é Scéal Muc Mhic Dhathó (Sean-Ghaeilge Scéla Muicce Meicc Da Thó), scríofa go formhór as prós agus sága laochais. Is amhlaidh gur cumadh an scéal mar a chaomhnaítear inniu é le húdar Laighneach c. AD 800, fós le fáil i sé lámhscríbhinn ar a laghad, scríofa idir na 12ú agus 18ú haoiseanna.

Insítear scéal an achrainn idir na Connachta, le hAilill mac Máta agus Méabh i gceannas, agus na hUlaidh, le Conchúr mac Neasa, agus iad ag iarraidh seilbh a fháil ar chú na Laighean, Ailbhe. Sa deireadh, réitigh rí na Laighean, Mac Da Thó, an t-aighneas ag fleadh eagraithe aige ag a bhrú. I rith na fleidhe, ámh, bhí an churadhmhír agus cé an té a raibh sí tuillte aige, mar chúis achrann eile.

I measc phríomhábhar an scéil, tá an choimhlint idir na cúigí Uladh agus Connacht; féastaíocht chomhroinnte; agus an comórtas gaisciúil faoin churadhmhír. Taispeánann na heilimintí seo cosúlachtí le traidisiúin na nGallach agus traidisiúin na gCeilteach go léir. Cé, de réir cosúlachta, gur scéal tipiciúil de chuid na Rúraíochta é ar go leor slite, déanann an scéal scigaithris chomh maith trí aoir shofaisticiúil.

Is cosúil go raibh an-tóir ar an scéal sa Mheánaoise agus ina diaidh, agus faightear é mar ábhar i roinnt dánta neamhspleácha. Tá a macasamhail seo d'fhigiúir lárnach na muice ar fáil ins an torc mór allta i litríocht na Breatnaise agus Ceist na Breataine, go háirithe Twrch Trwyth (Torc Allta), sa scéal Breatnaise de chuid an 11ú haois Culhwch ac Olwenar (Culhwch agus Olwenar).

Foinsí agus cumadóireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

A page from the Book of Leinster.

Lámhscríbhinní:

  1. Leabhar Laighneach (Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath)
  2. H. 3.18 (CnT, BÁC)
  3. Harley 5280 (British Library)
  4. Rawlinson B 512 (Bodleian Library)
  5. MS. XXXVI (National Library of Scotland)
  6. H. 6.8 (CnT, BÁC)


Tá sé lámhscríbhinn ann ar a laghad ina gcaomhnaítear an scéal.[1] Faightear an leagan is luaite agus is fearr i dtrí téacs, in ord aoise: Leabhar Laighneach, c. AD 1160; H 3.18, céad leath den 16ú haois; Harley 5280, c. AD 1700.[2]

Sa Leabhar Laighneach, is é teideal an scéil ná Incipit Scēl Mucci M(ei)c Dathó;[3] in H.3.18 agus Harley 5280, Scēla muici M(ei)c Dathó.

Níl aon bhaint ag na téacsanna seo le chéile, ach creidtear go bhfréamhaítear iad ó fhoinse comhchoiteann, lámhscríbhinn na 11ú nó 12ú haoise atá ar iarraidh, é féin bunaithe ar leagan a théann siar go dtí c. AD 800.[4]

Molann láthair an scéil, go háirithe eolas ar Chontae Chill Dara, gurbh as Cúige Laighean an t-údar, ach is amhlaidh go raibh eolas aige faoi iardheisceart na tíre.[5]

Caomhnaítear an ceathrú leagan san Rawlinson B 512 den 15ú haois, le fáil anois sa Bodleian Library, nach bhfuil chomh beacht nó coimeádach leis na trí réamhluaite. Sa leagan seo, is é teideal an scéil ná Scaradh Ulad ocus Connacht im choin M(ei)c Dá-Thó ocus immá muic.[3] Faightear forbairtí agus athruithe eile i ngach aon mhír nach mór.[6] B'fhéidir go bhfuil an eagraíócht seo as an 11ú nó 12ú haois. Scríobhadh an téacs ag an scríbhneoir céanna a scríobh Baile in Scáil, a thóg sé as leabhar den 11ú haois, Leabhar Dub-Da-Leithe. Molann Kuno Meyer dá bharr go bhfuil an leagan i Rawlinson B 512 fraomhaithe ón bhfoinse chéanna.

Ó thaobh na teangan de, is cosúil le Harley 5280 é téacs an Rawlinson B 512, go háirithe ag an tús. Tá nuálaíocht ann mar an gcéanna leis an Leabhar Laighneach, a léiríonn go raibh níos mó ná lámhscríbhinn amháin ar fáil ag an eagarthóir.[7] I gcás amháin ar a laghad, tá an teanga níos gaire don bhuntéacs ná lámhscríbhinn eile a mhaireann. Tá idirshliocht ann maidir le Cú Raoi a chur le fios gur as Mumha an leagan seo.[6] In ainneoin roinnt míthuiscint an scéil ag an scríobhaí athbhreithnitheach, is níos smoother é an stíl liteartha ná an leagan níos luaithe, rud atá cabhrach, de réir Rudolf Thurneysen, chun an scéal iomlán a thuiscint.[8]

Is iad MS. XXXVI i National Library of Scotland agus H 6.8 i gCnT, scríofa 1690–1691 agus c. 1777 respectively, and lámhscríbhinní dearanacha ina chaomhnaítear an scéal, Faightear iontu nualeagan den scéal, scríofa is amhlaidh san 15ú no 16ú haois.[9] Tá difríochtaí eatarthu i roinnt bealaí, agus tá drochlitriú iontu. Tugann William J. Watson faoi ndeara go bhfuil bunaithe ar an leagan le fáil i Rawlinson B 512, ach ní ar an lámhscríbhinn féin. Tá na hathruithe sna nualeaganacha seo chomh suntasach sin, nach bhfuil luach iontú chun an bunscéal a athchruthú.

Achoimre[cuir in eagar | athraigh foinse]

Pearsa:


Bhí cú darbh ainm Ailbe ag rí cáiliúil na Laighean, Mac Dá Thó.[10] Chosnaíodh Ailbe an cúige go léir agus scaip a chlú agus a cháil ar fud oileán na hÉireann. Chuir Ailill mac Máta agus Méabh, rí agus banríon na gConnacht, teachtairí chuig Mac Da Thó, ag éileamh an cú dóibh féin, mar an gcéanna agus ag an am céanna le Conchúr mac Neasa, rí na nUladh. Thairg teachtairí na gConnacht mar éarlais 160 bó bhainne, carbad agus dhá chapall den scoth na gConnacht, agus an cíos céanna geallta an bhliain dár gcion.[11] Thairg teachtairí na nUladh dá réir sin do Mhac Dá Thó "seodra agus bólacht agus araile ón tuaisceart" agus comhaontas de bharr an chairdis mhóir a bheadh eatarthu mar thoradh sin.

Bhí Mac Dá Thó trí na céile de bharr seo, ionas nár ith sé agus nár ól sé agus nár chodladh sé ar feadh trí lá. Thug a bhean chéile comhairle dó, ámh, go dtabharfadh sé an cú chucu dís agus go ligfí dóibh troid ar a shon. Bhí Mac Da Thó an-tógtha leis an smaoineamh seo, agus thug sé gach toscaireacht ar leaththaobh, agus chuir sé in iúl dóibh dís go mbronnadh sé an cú dóibh tar éis an-chuid machnaimh a dhéanamh.[12] I ngan fhios dóibh, d'aontaigh an dá thoscaireacht go dtiocfadh a ndream ar an lá céanna go féasta i gcúige Laighean, chun Ailbe a ghlacadh go hoifigiúil.

Chuir Mac DaThó an féasta ar bhun ina bhrú féin, ar chean de na brúnna is cáiliúla sa tír. Bhí seacht mbealach isteach ag an mbrú, seacht gcoire lán de mhairteoil agus muiceoil saillte, agus seacht tinteán; agus caoga céim idir gach doras. Tháinig na Ulaidh agus na Connachta ag an am céanna chun an cú a bhailiú. Lig Mac Dathó air go neamhurchóideach go raibh fadhb follasach ann, ach thug cuireadh ámh isteach do cách chun féasta. Bhí an brú mór lán de theannas, agus naimhde ina suí os comhair a chéile.

Sheol Mac Dathó a mhuc chun maraithe, muc a cothaíodh ag 60 loilíoch ar feadh seacht mbliana, agus anois 40 damh leagtha thairis. Tharraing an mhuc aird na nUladh agus na gConnacht, a gcaithfidís a shocrú conas í a roinnt, agus cérbh é a raibh an curadhmhír tuillte aige. Shocraigh siad go gcuireadh na gaiscí dúshlán ar a chéile, ag maíomh as a n-éachtaí catha.[13] Faoi dheireadh, d'éirigh gaiscíoch na gConnacht Cet mac Mágach an lámh in uachtar á bhaint lena cuid maímh. Thóg sé a scian ina láimh, shuigh síos agus dúirt:

"Aimsigh dom i measc fir na hÉireann an té atá inchurtha liom ó thaobh éachtaí de – muna aimsítear, gearrfaidh mé an mhuc pig." Labhair Laoghaire Buach ansin: "Níl sé ceart ná cóir go ngearrfadh Cead before mhuc os ár gcoinne." D'fhreagair Cead, "Fan bomaite, a Laoghaoire, go labhraí mé leat. Is é de nós agaibhse Ulaidh, airm a bhaint agus na Connachta a bagairt. Tháinig tú chuig an teorainn agus bhuail mé leat; thréig tú do chapaill agus carbadóir, agus d'éalaigh tú agus mo gha tharat. An é sin do mholadh chun an mhuc a bhaint?" Shuigh Laoghaire síos.[14]

Insítear sraith mar an gcéanna ansin: éilíonn Cead dúshlán, seasann gaiscígh na nUladh, glaonn na hUlaidh eile a ainm, agus tosaíonn Cead á náiriú, ag insint ceann dá éachtaí ina n-éadan.

  • chuir sé náire ar Aonghas mac Láimhe Gabhuí, ag insint conas a bhain sé i mbun catha lámha a athar[15]
  • chuir sé náire ar Eoghan mac Durthacht, rí Fermag, ag insint conas ar bhain sé a súil amach i mbun tána[16]
  • chuir sé i gcuimhne do Mhuinremur mac Gerrgend conas ar bhain sé mar éiric ceann a mhic ach sé lá roimhe sin
  • chuir sé i gcuimhne do Mhend mac Salchad, conas ar scoith sé cos a athar
  • chuir sé i gcuimhne do Chealtchar mac of Uthecar, conas ar choill sé é lena gha[17]
  • agus chuir sé náire fiú ar mhac Conchúir, Cúscraid Mend Machae, ag insint conas a pholl sé a mhuineál le ga i rith a chéad éacht airm, agus mar a thréig sé dá bharr tríú cuid dá lucht coimhdeachta as cúlú go cladhartha.[18]

I ngach cás, b'éigean don ghaiscíoch cloíte suí arís le náire.

Díreach agus Cead ar tí a bhua thar bhuíon gaiscí na nUladh a cheiliúradh, tháinig laoch na nUladh Conall Cernach isteach sa bhrú, agus léim isteach i lár an tseomra, agus fuair sé gártha fáilte an na hUlaidh. Bheannaigh Cead agus Conall a chéile le rannta ársa óráidíochta, agus géilleann Cead gur ghaiscíoch níos fearr é Conall ná é.[19] Deir Cead chomh maith ámh go gcloíodh a dheartháir Anluan Conall.

'Is é ár ndrochrath é,' ar sé 'nach bhfuil sé sa tigh.' 'Ach tá,' arsa Conall, agus thóg ceann Anluain amach as a sparán, agus chaith i dtreo brollach Ceada, go so that a mouthful of blood spattered over the lips.[20]

Eamhain Mhacha, ceannáras na nUladh, arbh éigean mná na nUladh canadh do charbadóir na gConnacht, Fer Loga

Agus náire air, d'fhág Cead an mhuc do Chonall, a ghlac chuige féin an bholgmhír mar ba cheart dó, eire do naonúr, ag fágaint ach na crúibíní dosna na Connachta. Míshásta lena roinn gann, d'éirigh na Connachta amach in éadan na nUladh, agus tharla babhta trom ólacháin sa bhrú agus chuaigh amach ar an gclós.[21] I measc seo, bhain Fearghas crann darach ó fhréamh.[22] Lig Mac Dathó an cú Ailbe ama h chun go bhfeice cé acu a roghnódh sé. Thogh Ailbe na hUlaidh, agus bhí seo lasair sa bharrach ag greadadh na gConnacht. Bhain Fer Loga, carbadóir Ailille, a cheann den mhadra féin ag Maigh nAilbhe.

Agus na sluaite ag réabadh siar trasna na , chuaigh Fer Loga í bhfolach san fhraoch, agus léim isteach i gcarbad Conchúir ag dul thar bhráid, agus rug greim ar chionn an rí ón gcúl. Gheall Conchúr dó cibé fuascailt dár mhian leis; d'iarr Fer Loga go dtóga sé go hEamhain Mhacha, príomhchathair na nUladh, go gcana mná na nUladh agus a deirfiúracha mealltacha dó d'aon ghuth gach tráthnóna, " 'Sé mo laoch é, Fer Loga."

Bliain ina dhiaidh sin ag deireadh an scéil, chuaigh Fer Loga ag marcaíocht siar go hÁth Luain le dhá chapall de chuid Conchúir agus srianta óir dóibh dís.

Dinnseanchas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa mhír dheireanach den scéal, faightear deashampla de Dhinnseanchas, nó béaloideas ainmeolaíochta, "a touch of antiquarianism dear to the ancient Irish".[23] Deirtear gurb é Mag nAilbi (Magh Ailbhe) an áit a scoilt Fer Loga ceann Ailbe ar chrann fearsaide a carabaid, ar bhruacha na Bearú. [24]

Léirmheastóireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Stíl scéalaíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir an scoláire cheiltigh Nora Chadwick, "insítear an scéal le cumhacht scéalaíochta den scoth": chuirfeadh a ghreann agus a ghontacht ságaí is fearr na hÍoslainne i gcuimhne.[25] Tá a dhialóg go suntasach ardoilte, le "deisbhéalaí chaolchúiseach", agus le "fíorachomaireacht" ina rogha focal. "'Sna focail ráite ag Mac Dathó lena chuairteoirí, tugann sé le tuiscint ach le cúpla focal gonta, snáithe a smaointe agus a ghliceas, agus é i gceist aige ná a fhíorsheift a cheilt óna chuairteoirí, ach í a moladh dúinne."

In ainneoin na bhfoirmeacha liteartha le fáil sna téacsanna a mhaireann, is saothar den bhéaloideas é an scéal. Is sainthréith éden scéal ná "easpa ghlan machnaimh"; "ní chuirtear focal ar bith amú, ní fhorbraíonn abairt ar bith". Insítear go tapaidh scéal na n-eachtraí, leis an aidhm aird an éisteora a ghríosú, seachas smaoineamh an léitheora a spreagadh. Baineann an scéalaí úsáid as dúil an iontais, forbairtí tapúla agus teannas drámata. Téann sé i bhfeidhm orainn le crescendo gasta go buaicphointe iontach agus geit"; mar shampla nuair a ghéilleann Cead go drogallach do Chonall Cearnach, ach ansin cuireann Conall náire air, gan coinne agus go tobann, os comhair slua gaiscí na hÉireann, agus ceann Anluai teilgthe aige "in éadan bhrollach a chéile comhraic lena leithéid de neart gur phléasc steall fola amach trí bheola Cheada".[26]

Feictear do Chadwick gur scéal é seo a mheallann na fir seachas mná, i gcodarsnacht leis an scéal "galánta agus dea-scríofa Tochmharc Éadaoine faoi eachtraí osnádúrtha Eochaidhe agus Éadaoine leis an dia Midhir"; le "háilleacht fileata scéal Dheirdre agus na mac Uisnigh"; maraon le scéalta luachmhara déanacha na Fiannaíochta, "scéalta faoin saol amuigh faoin aer, faoi sheilg agus ghrá, agus faoi dhraíocht agus ghaisce i sochaí níos simplí agus is lú an eagraíocht ann ná an ceann le feiceáil ag fleadh Mhic Dathó."[27] Léiríonn an bhearna idir na scéalta seo "an réimse ábhair ar leith a raibh faoi mháistreacht na scéalaithe luath-ghaelacha". Mar fhocal scor, deir Chadwick:

"Is saothar ealaíne ardchaighdeánach as féin é an sága próis Mac Da Thó. Gan blúirín rómánsúlachta, gan tairngreacht draíochta nó osnádúir, gan ábhair ársa nach mór, coimeádann sé ár n-aird lena scéalaíocht tapaidh gan teip, le hanonn is anall tapa na dialóige, agus lena mhórchumas drámaíochta. Níor léiríodh riamh nós Aois Ghaelach na Laochra le leagan chomh spéisiúil sin..."[28]

Téama ársa[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba chuid thábhachtach é an fleadh sa tsochaí Ghaelach, fós suas go concas na Túdar, an ré inar scríobhadh an leagan H 5280

Deirtear gurb é Scéal Muc Mhic Dhathó "thar barr ó thaobh inste de, i measc na luathságaí Gaelacha", agus "cur síos ar sheansaol laochais na hÉireann agus a meon cogúil" á phlé aige.[29]

Is é mar bhuntéama an scéil ná an churadhmhír, agus an ceart a raibh ag an laoch is cróga ag fleadh éigin í seo a éileamh ón gcoire lárnach.[9] Chun a cheart don churadhmhír a dhearbhú, b'éigean d'éilitheoir ar dtús a éachtaí laochais a maíomh astu, agus ansin náire a chur ar a chéile comhraic, ag cur deiridh lena n-agóidí agus a bhfrithéilimh. Muna raibh buaiteoir follasach ann, rachadh an cheist chun eadrána, mar shampla scéal mar a chéile na Rúraíochta, Fleadh Bhricreann. Molann Chadwick go bhféadfadh go dhéantar scigaithris ar an eadráin nuair a scaoileann Mac Dathó an cú Ailbe, chun go bhfeice cén cúige gurbh fhearr leis.

Áitíonn Chadwick go bhfuil téama an scéil – an fleadh – an ceann is ársa dearfa thar aon nós Gaelach eile. Tugann eitneagrafaithe clasaiceach de nós Posidonius, go háirithe Athenaeus na 2a haoise, cur síos ar na fleadha Gallacha a bhí an-chosúil lena ngaolta na n-oileán.[30] Aer an gcuma chéanna, déanann eitneagrafaí na céad aoise Diodorus Siculus cur síos mionsonraithe conas a bhronnadh na Gallaigh "na míreanna is fearr feola ar fhir chéimiúla", agus conas, mar thoradh achrainn, a tháinig dúshláin astu, ina thugann siad faoi ag móradh crógacht a sinsear agus ag maíomh as a ngaiscí féin; agus ag an am gcéanna, ag déanamh ceap magaidh agus a bheag as a gcéile comhraic, agus ag iarraidh lena gcuid cainte misneach a gcroíthe a ghoid".[31]

Is é téama tánaisteach chomórtas na curadhmhíre ná an iomaíocht idir cúigí ríoga na gConnacht agus na nUladh, réitithe i gcomórtas na beirte laochra, Cead Mac Mágach and Conall Cearnach.[31] Claontar scéal na hiomaíochta le dearcadh Laighneach an údair.[32] Déanann sé ceap magaidh den dá chúige le gliceas Mhic Dhathó, Rí na Laighean. Go háirithe, is fearr leis an údar na Connachta ó thaobh polaitíochta de agus bíonn sé doicheallach leis na hUlaidh go dtí críoch an scéil.[33] Maíonn Mac Dathó do chách ann nach bhfuil do na Laighin ach mionrud é an bia go léir curtha ar fáil ag an fleadh.[34] D'fhéadfaí a shocrú gurb é spreagadh an scéil ná éileamh na Laighean, idir na hUlaidh agus na Connachta a chloí.[35] Is amhlaidh, ámh, nach bhfuil na hábhair polaitiúla i ndáiríre tábhachtach don údar agus é ag scríobh. Níl sa téama dó ach dóigh fóirsteanach chun scéal maith a insint.

Is suntasach é nach bhfuil trácht ar Chú Chulainn ar chor ar bith sa scéal seo, cé go mbuaileamar le slua mór laochra ón mbuíon chéanna mar a fhaightear sa Táin Bó Cuailnge, ar a laghad deichniúr is fiche.[36] Molann Chadwick go gcuireann seo ársaíocht an scéil le fios dúinn, níos sine fós ná forbairt scéal Chú Chulainn sa Rúraíocht. Is sean agus doiléir iad cuid de na rannta ann, ach is amhlaidh gur scríobhadh níos deireanaí roinnt ábhair scigaithrise.[10]

Ábhair aoracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé gurb amhlaidh é gur scéal clasaiceach na Rúraíochta é Scéal Mhuc Mhic Dhathó ó thaobh téama agus scéalaíochta de, tá roinnt eilimintí neamhghnácha le fáil ann a thugann le fios go bhfuil gné aorach ann, ag déanamh scigaithrise ar sheánra laochais na Rúraíochta.[10] Is léir go bhfuil bunús miotasach ag an mhuc eapaimneach, ach is amhlaidh gurb aorach é a méid áibhéalach. Agus cé sa Táin Bó Cuailnge go dtéann na hUlaidh agus na Connachta i mbun cogaidh ar son an tarbh is luachmhaire na hÉireann, sa scéal seo, níl ach cú i gceist.

Le linn "sainsraithe de ghreann coimrithe", geallann Mac Dathó an cú don dá bhuíon, agus ansin cuireann cuma bréige ar nuair a thagann siad ar an lá céanna.[37] I rith comórtas an ghaisce, ní amháin go gcuirtear a sáith náire ar laochra na nUladh, ach i dteannta sin cuma amaideach. Baintear úsáid ghreannmhar as an áibhéil nuair a chaitheann Conall ceann Anluain ag a chéile comhraic, Cead.[27] Tugann Thurneysen faoi ndeara go dtugtar "an-bhabhta dí" (so-imól), ar chomh-mharú na n-aíonna sa lámhscríbhinn Harley 5280, "greann sách garbh" a athraíodh nó a fágadh ar lár i lámhscríbhinní níos déanaí, is amhlaidh toisc nár thuig na cóipeálaithe é.[38] Tugann Gantz faoi ndeara go bhfuil éileamh Fer Loga, go gcanfadh mná mealltacha na nUladh 'Is mó mhuirnín é Fer Loga' dó gach oíche, chomh bharrúil sin nach féidir leis bheith ann de thaisme.[39] De réir Chadwick, is ea an scéal "saobhadh iomráiteach an tSaoil Ársa le té a thug urraim do agus a bhí ag gáire faoina nósanna".[27]

Níl cruinn ceart a rá gur scigaithris é an scéal; ina ionad sin, is amhlaidh "gur chruthaigh saoi liteartha nós laochais ar ár son, trí phriosma ré nis deireanaí. Tugann sé tuiscint aibí, íoróin dhian, agus áibhéil éadrom chun tairbhe ina chuid scríbhneoireachta."[28]

Tradisiúin ghaolmhara[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is léir go raibh an-aithne ar an scéal i measc luchta liteartha.[40] Luadh an scéal i ndán de chuid Flannagáin Mhic Ceallaigh sa Leabhar Buí Leacáin. Deirtear gur mharaigh na Lochlannaigh Flannagán in 896.[41] I measc liosta na bpríomhscéalta (iad a insíodh na filí di na ríthe) ón 10ú haois, tá tagairt eile do scéal darb ainm Orguin[42] Mic Da Thó. Luaitear Brú Mhic Dhathó i dteannta roinnt eile i ndán faoi bruidhne ndá hÉireann ársa.[43] Is léir gur sean nós é, cumtha roimh an cóip is sine atá caomhnaithe againn, am Leabhar Laighneach.

Bhí clú agus cáil ag an scéal níos deireanaí, agus ceapadh roinnt dánta neamhspleácha agus é mar ábhair; ach is amhlaidh nach bhfuil ceann ar bhith acu bunaithe ar an téacs atá fós ann, rud a chuireann le fios gur spreag leaganacha eile den scéal é.[44] Tá dán amháin ann mar chuid den Leabhar Laighneach, de Harley 5280 agus de H.3.18.[45] Taispeánann an t-údar a chuid eolais faoi ainmneacha laochra Gaelacha i gcoitinne, ina measc carachtair ó scéalta eile. Tá dara dán ann a leanann an chéad cheann i Harley 5280, agus caomhnaítear é i dtrí lámhscríbhinn eile: an Leabhar Mór Leacáin, Laud 610 sa Bodelian Library agus sa Lámhscríbhinní Stowe.

I mbunleagan an scéil, d'fhéadfadh gurbh an príomhcharachtar é muc Mic Dathó, a chuireann le fios macasamhlacha le seilg an toirc allta sna seanscéalta Artúrach.

Sa dá dhán seo, ní hé an cú Ailbe an laoch, ach an mhuc, mar a chuireann teideal an scéil le fios go bunúsach. Leis an rogha neamhghnách de mhuc mar príomhcharachtar, ceanglaítear an scéal le traidisiúin níos leithne Ceilteacha, agus móitíf thorc allta móitíf na seanscéalta Artúraigh san áireamh. Mar shampla, is cúis anró é an torc allta Twrch Trwyth d'fhir chúirt Artúir i scéal den 11ú haois Culhwch agus Olwen; agus tá cosúlachtaí ann ó thaobh sonraí tíreolaíocha a thurais agus na Connachta á chloí ag Ailbe le turas Twrch Trwyth féin. Go deimhin, tugann Thurneysen faoi ndeara go scríobhann an file torc agus muc go hinmhalartaithe agus é ag trácht ar mhuc Mhic Dathó.[46]

Sna dánta seo, luaitear sonraí breise den scéal, ina measc, bean chéile Mhic Dhathó, Maine Athrai, a dhá mhac, agus a gharmhac Léana. De réir na leaganacha seo, aimsíonn Léana an mhuc don chéad uair ar tSliabh Bladhma, agus déanann chúram dó go dtí go bhfuil seacht n-orlaí saille ar a chaincín. Tá an mhuc ag teastáil ó Mhaine Athrai d'fhleadh a fear céile, ach diúltaíonn Léana. Maraítear é agus an mhuc ag tochailt cré, á chlúdach beo ina chodladh. Sa leagan seo den scéal, a thugann le fios cé mhéad a fágadh ar lár sa tsága, tugann muicí Mhic Dhathó Follscaide an mhuc leis chuig fleadh a mháistir.

Sna lámhscríbhinní Laud 610 agus Stowe, caomhnaítear an dán ag moladh mhuc Mhic Dhatho mar aguisín den Dinnseanchas faoi Mhagh Léana, Contae Uíbh Failí.[47] Ní bheifí ag súil lena mhalairt mar mhíniú ar an logainm i sanasaíochtaí na meánaoise. Le fírinne, níl sa bhrí le magh léana ach "machaire/má cluana". Ar an mbealach céanna, tá sanasaíocht dúchais ach bhíodh amhrasach i sága eile, sách níos deireanaí ná an bunscéal, a mholann gurb ionann an t-ainm Mac Da Thó agus Mac Dá Túa[48], "mac na beirte tostaí", toisc gur bodhar balbh a thuistí. Cé go bhfuil sé bréagach sa chuid is fearr de, ghlac roinnt filí agus eagarthóirí leis an míniú seo, amhail scríobhaithe na lámhscríbhinne Rawlinson B 512 (a scríobhann (le a fada), agus a dhéanann uaim le Thó agus t.[49]

Leabharliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhfhoinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leabharliosta le Thurneysen ll. i-ii

Tráchtaireachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tuilleadh le léamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Breatnach, Caoimhín (1990). "The Early Modern Version of Scéla Mucce Meic Da Thó — Tempus, Locus, Persona et Causa Scribendijournal=Ériu" 41: 37–60. 
  • Buttimer, Cornelius G. (1982). "Scéla Mucce Meic Dathó: A Reappraisal". Proceedings of the Harvard Celtic Colloquium 2: 61–73. 
  • Gleasure, James W. (1996). "The Rawlinson B512 Version of Scéla Mucce Meic Dathó Revisited". Scottish Gaelic Studies 17: 143–5. 
  • "The Celtic Heroic Age: Literary Sources for Ancient Celtic Europe and Early Ireland and Wales" (2003). Celtic Studies Publications. 

English translation.

  • McCone, Kim R. (1983). "Scéla Muicce Meic Dá Thó". Léachtaí Cholm Cille 14: 5–38. 
  • Poppe, Erich (1997). "Scéla Muicce Meic Da Thó Revisited". Studia Celtica Japonica 9: 1–9. 
  • Sayers, William (1994). "Severed Heads Under Conall's Knee (Scéla Mucce Meic Dathó)". The Mankind Quarterly 34.4: 369–78. 
  • Sayers, William (1991). "Serial Defamation in Two Medieval Tales: The Icelandic Ólkofra Tháttr and the Irish Scéla Mucce Meic Dathó". Oral Tradition 6.1: 35–57. 
  • Sayers, William (1982). "Conall's Welcome to Cét in the Old Irish Scéla Mucce Meic Dathó". Florilegium 4: 100–8. 

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Chadwick, lch. 81
  2. Thurneysen, ll. i–ii
  3. 3.0 3.1 Thurneysen, lch. i
  4. Thurneysen, lch. iv
  5. Thurneysen, lch. v
  6. 6.0 6.1 Thurneysen, lch. ii
  7. Thurneysen, lch. iii
  8. Thurneysen, ll. ii–iii
  9. 9.0 9.1 Chadwick, lch. 82
  10. 10.0 10.1 10.2 Gantz, lch. 180
  11. Gantz, lch. 181
  12. Gantz, lch. 182
  13. Gantz, ll. 182–183
  14. Gantz, lch. 183
  15. Gantz, ll. 183–184
  16. Gantz, lch. 184
  17. Gantz, ll. 184–185
  18. Gantz, lch. 185
  19. Gantz, ll. 185-186
  20. Gantz, lch. 186
  21. Gantz, ll. 186–187
  22. Gantz, lch. 187
  23. Chadwick, lch. 87
  24. Thurneysen, lch. 66
  25. Chadwick, lch. 88
  26. Chadwick, ll. 88–89
  27. 27.0 27.1 27.2 Chadwick, lch. 89
  28. 28.0 28.1 Chadwick, ll. 92–93
  29. Chadwick, ll. 80–81
  30. Chadwick, ll. 82–83
  31. 31.0 31.1 Chadwick, lch. 83
  32. Chadwick, lch. 80
  33. Chadwick, ll. 80, 84, 88
  34. Thurneysen, lch. 26
  35. Chadwick, lch. 84
  36. Chadwick, ll. 83–84
  37. Chadwick, lch. 85
  38. Thurneysen, lch. 29
  39. Gantz, ll. 180–181
  40. Chadwick, lch. 90
  41. Thurneysen, lch. iv
  42. Orgun ar eDIL; ár, eirleach.
  43. Chadwick, ll. 90–91
  44. Chadwick, lch. 91
  45. Thurneysen, lch. v
  46. Thurneysen, ll. 30, 55, 62
  47. Thurneysen, ll. v, 66
  48. Tóe ar eDIL.
  49. Thurneysen, lch. i