Conall Cearnach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Conall Cernach)
Jump to navigation Jump to search

Is laoch na nUladh é Conall Cearnach (Sean-Ghaeilge Conall Cernach) sa Rúraíocht i miotaseolaíocht na hÉireann. Tá sé ráite go raibh sé de nós aige codladh le ceann Chonnachtaigh faoina ghlúin i gcónaí.

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ciallaíonn ‘cearnach’ buaiteach nó caithréimeach, ach focal doiléir atá ann agus déanann roinnt téacsanna streachailt lena mhíniú. Faightear i measc na mbríonna malairte: “cearnach" (le gnáthchiall an lae inniu, .i. “cearnógach”), “borrach”, agus “an té ag a bhfuil mias nó cearn (“árthach i riocht druma”)”.[1]

Breith Chonaill[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é Amergin mac Eccit a athair agus Fionnchaomh a mháthair. Ní raibh leanbh ar bith ag a thuismitheoirí go dtí gur thug Fionnchaomh cuairt ar dhraoi a thug chomhairle di deoch a ól ó thobar áirithe. D’ól sí as an tobar seo, ag slogadh cruimhe maille leis an uisce agus toirchíodh í dá bharr. Chosain Cet mac Mágach, deartháir Fhionnchaomha, a dheirfiúr go dtí gur saolaíodh mac di, Conall.

Tháinig na draoithe leis an leanbh a ionadú ina gcreideamh agus thairngríodar go maródh sé breis agus leath d’fhir Chonnacht agus go mbeadh ceann Chonnachtaigh ar a chrios i gcónaí. Thug Cet an páiste agus chuir sé faoina sháil é, ag déanamh iarrachta chun a mhuineál a bhriseadh, ach níor éirigh leis. Ní dhearna sé ach dochar don bhráid agus bhí muineál cam air ina dhiaidh sin. Bhí géarchoimhlint idir Conall agus Cet as sin amach.

Tréithe fisiciúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa scéal Toghaill Bhrú Da Derga, déantar cur síos ar Chonall mar a leanas (Sean Ghaeilge):

At-chonnarc fer n-and i n-imdae cumdachdae as caíme di laechaib Hérenn. Brat cas corcra immi. Gilithir snechta indala grúadh dó, breicdeirgithir sían a ngrúad n-aile. Is glaisidir buga indala súil dó, duibithir druimne duíl in tsúil aile. Méit clíab búana a ndosbili find forórda fil fair. Benaid braine a dá imdae. Is caisithir reithi copad. Cía dofortae míach do chnoib dergfuíscib for a mullach ní foíchred cnoí díb for lár. Claideb órduirn ina láim. Scíath cróderg ro brecad do semandaib findruine iter eclanda oir. Sleg fota thredruimneach, reimithir cuing n-imechtair a crand fil indti. Samailte 7rl.[2]

"Chonaic mé fear ann in árasán ornáideach, ab ea an laochr ab fhinne de chuid na hÉireann. Brat corcairdhearg aige. Chomh bán le sneachta a bhí ceann dá ghrua, bricídhearg mar an lus mór an ghrua eile. Ceann dá shúile chomh gorm le hiasaint, chomh dubh le chiaróg an tsúil eile. Méid chléibh-bhainte a bhile dosach fionn, an-fhionn. Buaileann sé imeall a dhá chromán. Tá sé chomh clúmhach le reithe tomach. Cé gur doirteadh sac de chnónna dearga thar bharr a chinn, ní thitfeadh cnó ar bith go talamh. Claíomh órddhoirn ina láimh. Sciath cródhearg, dromchla breac le seamanna fionnmhiotail (cóimhiotail tincopper) idir plátaí óir. Sleá fada, trídhroimneach, chomh tiubh le chuing seachtrach (de seisreach an mhuilteora) an crann atá air. Cosúil le 7rl."[3]

Scéal Muc Mhic Dathó[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí fleadh tráth ag tigh Mhac Dá Thó, agus chuaigh laochra Connacht agus Uladh in iomaíocht le haghaidh na curadhmhíre. Mhaíogh Cet as a bhearta gaisce, ina measc choilleadh Chealtair lena gha. Bhí Cet ar tí an mhír a spóladh, nuair a tháinig Conall ar an bhfód. Sháraigh sé Cet lena ghaiscí. Dhiúltaigh Cet go raibh sé buailte, ach d'éiligh go sáródh a dheartháir, Anlúan, Conall lena ghaiscsí, dá mba rud é go raibh sé i láthair. Mar fhreagairt, chaith Conall chuige ceann úrbhainte Anlúain.[4]

Fleadh Bhricreann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhalt: Fleadh Bhricreann

Chuaigh Conall in iomaíocht, bhíodh gur le rath níos lú, ag fleadh eagraithe ag an scabhaire Bricre. Chuaigh Bricre ceann ar cheann go Conall, Laoghaire Buach agus Cú Chulainn, agus gheall sé dóibh an churadhmhír. Thosaigh achrann eatarthu, agus bhí ar Chonchúr, Fhergus agus Shencha teacht eatarthu chun iad a scaradh óna chéile. Idir an dá linn, chuaigh Bricre ceann ar cheann go mná chéile na laochra, Lendabair, Fedelm, agus Eimhear, agus gheall sé dóibh áit na tosaíochta ag an bhfleadh. Arís bhí achrainn ann, agus d'iarr na hUlaidh ar Ailill, ar Mhéabh, agus ar Cú Raoi breith a thabhairt. I ngach aon triail, bhí an lámh in uachtar ag Cú Chulainn, ach ní ghlacfadh Conall ná Laoghaire leis an toradh.

I ndeireadh na dála, tháinig fathach míofar fir go Eamhain Mhacha ag iompar tua ollmhóire. Thug sé dúshlán dóibh triúr: a cheann a bhaint de, ach go gcéadaí dó teacht ar ais agus a gcinn a bhaint díobh. Ghlac Laoghaire an dúshlán, bhain cheann an fhathaigh de, ach phioc suas an fathach a cheann agus amach leis. Tháinig sé ar ais an lá dár gcionn ach bhí Laoghaire cladhaire as láthair. Ghlac Conall an dúshlán ansin, ach theip air fosta an conradh a shásamh. Sa deireadh, d'éirigh le Cú Chulainn sa choimhlint, agus d'fhógair Cú Raoi (mar b'eisean an fathach) go mbeadh an churadhmhír ag Cú Chulainn trí shaol na saoil.[5]

Táin Bó Fraoich[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhalt: Táin Bó Fraoich

Chuidigh Conall laoch na gConnacht, Fraoch a theaghlach agus a cuid bólachta a fháil ar ais tar éis iad a fuadadh agus a goideadh. Chuaigh siad ar a dtóir trí Alba, ó dheas tríd An mBreatain, trasna na Mara nIocht, trí Lombardy go dtí na hAlpa. Bhuail siad le banaoire Gaelach, a d'inis díobh go raibh bólacht agus teaghlach Fraoich ann faoi smacht foghlaithe a bhí i réim sa tír úd, agus a mhol díobh fiafraí den bhanaoire bó. Thug sise rabhadh díobh go raibh bean chéile Fraoich i ndún faoi chosain nathar, ach gheall sí go bhfágfadh an doras ar oscailt. Agus an dúin faoi ionsaí acu, léim an nathair isteach i gcrios Chonaill, ach ní dhearnadh dochar ar bith dó. Shaoraigh siad teaghlach Fraoich, thóg an bhólacht agus taisce go léir a raibh ann, agus d'fhill ar ais go hÉirinn.[6]

Léigear Éadair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhalt: Léigear Éadair

Chuaigh Conall i gcomhrac aonair le rí Laighean, Mes Gedra tar éis catha spreagadh ag Athirne, file agus scabhaire na nUladh. Bhí lámh amháin caillte ag Mes i dtroid eile, dá bhárr Conall fought him with one hand tucked into his belt. Bhuaigh sé agus thóg ceann a coimhlinteoir mar chorn. Díríodh a mhuineál nuair a chuir sé an ceann ar a ghualainn. Níorbh fhéidir le carabadóir Chonaill an ceann a iompair, mar sin ghearr sé an inchinn amach agus chaomhnaigh é le haol beo.[7] Ghoid Cet an inchinn chailcithe chun Conchobar mac Nessa a mharú.[8]

Anbhás Chú Chulainn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ghlac Conall agus Cú Chulainn mionn eatarthu, cibé acu a mbásfaí ar dtús, go mbainfeadh an té eile díoltas amach roimh titim na hoíche. Agus Cú Chulainn maraithe ag Lughaidh Mac Cú Raoi agus Erc mac Cairpri, chuaigh Conall ar a dtóir. Maraon le Mes G., bhí lámh caillte ag Lughaidh, agus throid Conall leis le lámh amháin ina chrios, ach an babhta seo bhuaigh sé ach le cabhair a chapaill, a thóg greim as cliathán Lughaí. Agus an bheirt acu básaithe aige, thóg sé a gcinn ar ais go Teamhair. Nuair a chonaic a dheirfiúr Achall ceann Erce, d'éag sí de bhrón.[9]

Báire na fola le Cet[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne Cet ruathar ar Uladh Ulster tráth. Mharaigh sé seachtar is fiche agus thóg a gcinn. Chuaigh Conall ar a thóir, á leanúint trí sneachta an gheimhridh. D'aimsigh sé é, ach bhí drogall air dhún i ngleic leis, go dtí gur cháin a carabadóir é ar chúis easpa misnigh. Bhuail siad le chéile ag áth, agus bhásaigh Conall Cet i gcomhrac fíochmhar, agus Conall féin gar don bhás dá bhárr.

D'aimsigh Bélchú é, a thóg abhaile go Connachta é agus tended a ghonta. Bhí sé ar intinn aige dul i gcomhrac leis agus Conall i mbarr a shláinte. Ach ba thrua le Bélchú as a iompar fiúntach agus d'iarr ar a thriúr mac Conall a mharú ina leaba bhreoiteachta. Tharla gur chuala Conall é agus chuir sé iallach ar Bhélchú a áit a ghlacadh. Le teacht an triúr, mharaigh siad a n-athair i leaba Chonaill. Mharaigh Conall an triúr acu ansin agus d'imigh abhaile leis na ceithre cheann.[10]

A sheanaois[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis bás Chonchúir agus a mhac Cormac Cond Longas, tairgeadh ríogacht na nUladh do Chonall, ach dhiúltaigh sé í, ádh moladh ina áit a mhic altrama, mac óg Chonchúir, Cúscraid, a rinneadh ina rí.[11]

Agus é ag meathadh, tháinig an lobhra air. D'fhan sé le hAilill and Méabh, a raibh na hacmhainní acu chun sásamh a thabhairt dá a ghoile craosach.

Bhí Ailill ag luí le bean eile taobh thiar de dhroim Mhéabh, agus dá bhárr ghríosaigh Méabh Conall, chun Ailill a mharú. Bhí sé breá toilteanach é seo a dhéanamh, toisc gur mharaigh Ailill Fergus mac Róich. Maraíodh Ailill ar Lá Bealtaine, Dé Máirt.[12] D'éalaigh Conall, ach chuaigh fir Chonnacht ar a thóir ach mharaigh é ag áth áirithe ar an Luan dar gcionn, 7ú Bealtaine.[13] De réir agus béaloideas agus seánlámhscríbhinní, bhí an t-áth seo ag Béal Átha Conaill, Contae an Chabháin.[14][15]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Dictionary of the Irish Language, Compact Edition, Acadamh Ríoga na hÉireann, 1990, lch. 109
  2. Knott 1936, 29
  3. Leagan aistrithe go Gaeilge ag Ériugena, 2018
  4. Kershaw Chadwick (eag. & aistr.), "The Story of Mac Dathó's Pig", An Early Irish Reader, Cambridge University Press, 1927
  5. Tom Peete Cross & Clark Harris Slover (eag.), "Bricriu's Feast", Ancient Irish Tales, Henry Holt & Company, 1936, lch. 254-280
  6. A. H. Leahy (eag. & aistr.), "The Cattle Raid of Fraech", Heroic Romances of Ireland vol. II, David Nutt, 1906.
  7. Whitley Stokes, "The Siege of Howth", Revue Celtique 8, 1871, ll. 47-63
  8. Kuno Meyer (eag. & aistr.), "The Death of Conchobar", The Death-Tales of the Ulster Heroes, Todd Lecture Series, 1906
  9. Tom Peete Cross & Clark Harris Slover (eag.), "The Death of Cu Chulainn", Ancient Irish Tales, Henry Holt & Company, 1936, ll. 333-340
  10. Kuno Meyer (eag. & aistr.), "The Death of Cet mac Mágach", The Death-Tales of the Ulster Heroes, Todd Lecture Series, 1906
  11. R.I. Best, "The Battle of Airtech", Ériu 8, 1916, ll. 170-190
  12. Flannacán mac Cellaig rí Breg hoc carmen. His poem on the death of some Irish heroes, le Kathleen Mulchrone, in "Journal of Celtic Studies", Vol I (1949-50), ll. 80-93, stanza 12.
  13. Kuno Meyer (eag. & aistr.), "The Cherishing of Conall Cernach and the Deaths of Ailill and of Conall Cernach", Zeitschrift für celtische Philologie 1, 1897, ll. 102-111
  14. James MacKillop, Dictionary of Celtic Mythology, Oxford University Press, 1998, lch. 87
  15. "The Death of Conall Cernach at Ballyconnell, Co. Cavan", le Tom Smith, in Breifne Journal, 2012