Cúscraid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Sa Rúraíocht i Miotaseolaíocht na nGael, mac Chonchúir Mhic Neasa ab ea Cúscraidh Meann Mhacha (Sean-Ghaeilge Cúscraid Mend[1] Macha).[2]

Ag dul i mbun comhraic don chéad uair, bhí sé i gceannas buíne in aghaidh na gConnacht. Bhuail laoch na gConnacht, Cead Mac Mágach, leis ag an teorainn. Ghoin Cead Cúscraid sa scornaigh (nó ar bharr na teanga) le sleá, ag tabhairt a bhac teanga dó.[3][4]

Ba iad Cú Chulainn, Conall Cearnach agus Cúscraid na laochra ba mhó a raibh gean orthu i measc na mban. Dheineadh na mná aithris ar saintréith an laoich ba mhó ba ghrá leo: chamadh mná Conaill a muiníl, chrapadh mná Chú Chulainn súil amháin (mar a riastradh), bhíodh stad ina gcuid cainte ag mná Chrúscrach.[5]

Tar éis bás Chonchúir, thogh fir na nUladh a mhac is sine, Cormac Cond Longas mar chomharba, ach maraíodh é sular tháinig sé i gcoróin. Thairg é ansin do Chonall Cearnach, a dhiúltaigh é, ag moladh ina ionad a mhic altrama, Cúscraid.[6]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 2 menn, mend
  2. Teimpléad:Harvnb
  3. Story of Mac Da Thó's Pig, Teimpléad:Harvnb, ¶14, lch. 13; Teimpléad:Harvnb, ¶14, lch. 54 "...le sleá trí do scornaigh...", srl.
  4. Deir Cóir Anmann i #278 gur ghoin Cead Meann mac Sálchoilg sa scornaigh, agus in #279 "ghoin Cead Cúscraid trína bhéal, agus ghearr sé barr a theanga, agus bhí meann dá bharr ina dhiaidh."
  5. Serglige Con Culainn, Teimpléad:Harvnb, lch. 58, "each woman who loved Cuscraid Mend, ... stammered in her speech"
  6. Cath Airtigh