Donn Cuailnge

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarDonn Cuailnge
Cineáltarbh miotaseolaíoch Cuir in eagar ar Wikidata
Comhthéacs
Cruinnemiotaseolaíocht na nGael Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Cuid deFionnbheannach agus Donn Cuailnge Cuir in eagar ar Wikidata
Dathdonn Cuir in eagar ar Wikidata

Sa Rúraíocht, cuid de Mhiotaseolaíocht na nGael, tarbh graíre oll-torthúil ab ea Donn Cúailnge, agus cúis an achrainn darb ainm Táin Bó Cúailnge.

Réamhscéal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá réamhscéal ann de chuid na 9ú haoise a insíonn conas a caomhnaíodh an seanscéal féin. Sa 6ú haois, bhailigh Senchán Torpéist file, filí eile ná hÉireann le chéile chun go bhfeice an raibh scéal Táin Bó Cúailnge ar eolas acu, ach ní raibh ach codanna de acu. De bharr an ghanntanais seo, tháinig a mhac chuig uaigh Fhearghasa Mhic Róigh agus d'aithris dán. Nocht taise Fhearghasa dó agus d'inis eachtraí na Tána.[1]

Seanscéal[cuir in eagar | athraigh foinse]

I ndáiríre, duine daonna darbh ainm Friuch[2] ab ea é ar dtús, ar cheann de thréadaí muice Bodb Dearg, rí sidhe na Mumhan. Thit sé amach le Rucht[3], tréad muice Ochall Ochne, rí sidhe na gConnacht. Chuaigh siad beirt i gcomhrac aonair, á nochtadh féin i sraith riochtaí ainmhithe agus daoine. I ndeireadh na dála, rinneadh dhá phéist díobh, a d'ith dhá bhó iad agus athrugadh iad mar dhá tharbh, Fionnbheannach agus Donn Cuailnge. Bhí Donn i seilbh Dháire mhic Fhiachna, tiarna bólachta Uladh; rugadh Fionnbheannach sna tréada Mhéabha, ach mheas sé go raibh sé os cionn a leithéide, agus chuaigh sé isteach i dtréad a fear céile Ailill ina ionad sin.[4]

Dhoir Donn Cuailnge bodóg a raibh le Mór-Ríoghain, agus throid an tarbhlao a rugadh in éadan Fionnbheannaigh, agus b'ar éigean a chaill sé. Agus é seo feicthe ag Méabh, shocraigh sí go dtroidfeadh Fionnbheannach in éadan a athar.

Táin Bó Cúailnge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a fuair Méabh amach go raibh a fear céile, Ailill, níos saibhre ná í féin, ar luach tarbh ghraíre olltorthúil, shocraigh sí Donn Cuailnge a fháil chun an cuntas a chothromú. Sheol sí teachtairí chuig Dáire chun talamh agus taisce a thairiscint dó agus, dá mba ghá, garaíocht ghnéis, dá dtabharfadh sé an tarbh di ar iasacht le bliain amháin. Thoiligh Dáire, ach ansin, chuala sé de thaisme na teachtairí ar meisce ag maíomh go dtógadh Méabh an tarbh le neart, munar thoiligh. Tharraing Dáire amach as an mbeart.[5]

Chruinnigh Méabh arm chun Donn a ghoid, agus chuaigh in aghaidh na nUladh. Ós rud go raibh an tír-raon ar eolas ag Fearghas Mac Róigh, toghadh é mar cheannaire. Chuir Mór-Ríoghain i riocht caróige Donn ar a rabhadh ar theacht an airm, agus chuaigh sé le báiní.[4]

I ndeireadh na dála, d'aimsigh Méabh Donn Cuailnge ach sháigh sé an chéad tréadaí na gConnacht a rinne iarracht é a gabháil. D'imigh seisean ansin i dtáinrith tríd an gcampa le caoga bodóg, agus mharaigh sé caoga gaiscíoch sula ndeachaigh sé de ruathar isteach sa tuath.[6]

Bhuail Cú Chulainn, laoch na nUladh, le harm Mhéabha ar Sliabh Feá. D'agair sé ceart chomhrac aonair ag áth ann, agus chloígh sé sraith gaiscí i sáinn a mhair go leor míonna.[5] Agus Cú Chulainn i mbun troda, d'aimsigh Buide mac Báin Donn Cuailnge agus sheol é agus ceithre bhó is fiche go Cúige Chonnacht. Mharaigh Cú Chulainn Buidhe agus a ghaiscí, ach i rith an áir, d'éiligh Donn Cuailnge arís.[6]

I ndeireadh na dála, tar éis catha riartha le hairm na nUladh, bhí ar airm Mhéabha cúlú, ach d' éirigh leo Donn Cuailnge a thabhairt chuig Ráth Cruachan. Throid seisean agus Fionnbheannach beirt. Tar éis catha fhada throm, mharaigh Donn a chéile comhraic. Gortaithe féin go goin a bháis, shiúl sé thart ar Éirinn, ag spreagadh logainmneacha, sular fhill sé go Cuailnge chun bás d'fháil.[6]

Sa leabhar dá chuid Commentarii de Bello Gallico, rinne Julius Caesar trácht ar chomhghuaillí Gallach darbh ainm Valerius Donnotaurus, cosúlacht suimiúil Ceilteach don Tarbh Donn Cuailnge.[7]

Leaganacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an athleagan is sine den scéal le fáil i Leabhar na hUidhre. Rinneadh cóip de go formhór sa Leabhar Buí Leacáin, a scríobhadh c. 1300.[4]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Thomas Kinsella, "How the Táin Bó Cúailnge Was Found Again", The Táin, 1969, ll. 1–2
  2. friuch ar eDIL
  3. ? 3 rucht ar eDIL
  4. 4.0 4.1 4.2 Murphy, Maureen O'Rourke, agus MacKillop, James. "Old Irish Prose", An Irish Literature Reader, Syracuse University Press, 2006 ISBN 9780815630463
  5. 5.0 5.1 "The Tain Bó Cualigne - The Brown Bull of Cooley" Curtha i gcartlann 2017-03-12 ar an Wayback Machine ar carlingfordandmourne.com
  6. 6.0 6.1 6.2 MacKillop, James. "Táin Bó Cúailnge", Myths and Legends of the Celts, Penguin UK, 2006 ISBN 9780141941394
  7. "Donn Cuailnge", Oxford Index