Jump to content

Ferdia

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Ferdiad)
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarFerdia
Cineálcarachtar i miotaseolaíocht na nGael Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Slí bheathagaiscíoch Cuir in eagar ar Wikidata

Sa Rúraíocht, ba laoch na gConnacht é Ferdia (Sean-Ghaeilge Ferdiad, Fer Diad), mac Damáin, mac Dáire na bhFear Domnann. Sa Táin Bó Cúailnge, tharla go raibh sé in aghaidh a dhearthár altrama, comrádaí airm faoi Scáthach agus a dhlúthchara, Cú Chulainn, arbh fhéidir gurbh a leannán é.[1]

"Ferdia Falls at the Hand of Cuchulain", léaráid le Stephen Reid ón leabhar The Boys' Cuchulainn, le hEleanor Hull, 1904.

Bhí seisean agus Cú Chulainn mar a chéile i ngach rud ach dhá: an Gáe Bulg, sleá fhriofaic a thug, agus a mhúin, Scáthach do Chú Chulainn amháin; agus craiceann garbh fadharcánach Fherdia, nárbh fhéidir arm ar bith a dul tríd.

Agus Cúige Uladh ionraithe ag Ailill agus Méabh, rí is banríon Chonnacht, um an tarbh Donn Cuailnge a fhúdach, ba é Cú Chulainn, a choinnigh siar iad i gcomhrac aonair. Tar éis do Chú Chulainn iliomad gaiscíoch na gConnacht a chloí, chuir Méabh Ferdia faoi choinne é a throid. Thoiligh sé ach faoi thionchar dí, agus é tathanta ag Fionnabhair, iníon Ailill agus Méabh; maraon le dreas breabaithe, náirithe agus saighte ag Méabh.

Bhí siad ag troid ar feadh trí lá, ar dtús le hocht gclaíomh agus sleánna, ansin le gathanna, agus i ndeireadh na dála claimhte troma. Ar an tríú lá, agus an lámh in uachtar á bhaint ag Ferdia, ghlaoigh Cú Chulainn ar a charbadóir, Lao, le haghaidh an Gha Bolg. Chaith Cú Chulainn sleá éadrom i dtreo Fherdiad, a chuir é a sciath a ardú. Phioc Cú Chulainn an Ga Bolg suas ina ladhracha agus bhrúigh é tríd a thóin, agus maraíodh é. Thóg Lao an Ga amach as a chorp, agus chaoinigh Cú Chulainn Ferdia, ag moladh a nirt agus chrógachta:[2][3]

Ah, Ferdia, betrayed to death.
Our last meeting, oh, how sad!
Thou to die, I to remain,
Ever sad our long farewell!

Tá áit a bháis, Baile Átha Fhirdhia, Contae Lú, ainmnithe as.[4][5]

Creidtear ag scoláirí gur cuireadh an troid idir Cú Chulainn agus Ferdia níos deireanaí sa Táin, ar a laghad ón 11ú haois, bunaithe ar sraitheanna níos luaite sa scéal.[6]

Deirtear go gciallaíonn Ferdia(d) "fear/gaiscíoch an díse " (Diad gaolta le dïas, dís). Ach is fiú a rá gur féidir "fear dia" atá ann, i gcomórtas le Cú Chulainn agus é "dia-fhear" (leathdhia, más Lú a athair).[7]

  1. ↑ Cassell's Encyclopedia of Queer Myth, Symbol and Spirit, Randy P. Conner, Cassell, 1998, lch. 116 "Cú Chulainn and Fer Diadh"
  2. ↑ Joseph Dunn, "The Ancient Irish Epic Tale Táin Bó Cúalnge", Londain: David Nutt, 1914
  3. ↑ Ciarán Carson, The Táin, lch. 151.
  4. ↑ Cecile O'Rahilly, Táin Bó Cúailnge Recension 1, Bail Átha Cliath, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1976, ll. 195-208
  5. ↑ Cecile O'Rahilly, Táin Bó Cúalnge from the Book of Leinster, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1967, ll. 211-234
  6. ↑ Lua de dhíth, Mí Mhárta 2008
  7. ↑ Lua de dhíth, Mí Mhárta 2008