Fedelm

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarFedelm
Cineálduine ficseanúil
carachtar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Comhthéacs
I saotharAn Rúraíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnebaineann Cuir in eagar ar Wikidata
Slí bheathafáidh agus file Cuir in eagar ar Wikidata

Sa Rúraíocht i Miotaseolaíocht na nGael, fáidh agus file ba ea Feidhelm[1] (Sean-Ghaeilge Fedelm). Tá sí ann san eipic mór Táin Bó Cuailnge, ina thugann sí tairngreacht faoin gcogadh idir Mhéabh agus Ailill, agus na hUlaidh agus a laoch is cáiliúla, Cú Chulainn.

Tá banfháidh leis an ainm céanna i seanscéal eile Ces Ulad, ina bhfuil nasc aici le Cú Chulainn.

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá nasc ann idir an ainm Feidhelm agus ról an charachtair sa Táin Bó Cuailnge, óir gur amhlaidh go gciallaíonn sé "banfháidh", fréamhaithe ón bPrótai-Cheiltis *wēd- / *wid- "aithin, feic". Deirtear go bhfuil nasc aici le Veleda, banfháidh luaite ag Tacitus.[2][3] Feictear an t-ainm anonn is anall; sa Táin agus téacsanna eile, tá iníon ag Conchúr mac Neasa darb ainm Fedelm Noíchrothach.[4] Is dócha go bhfuil sé gaolta leis an ainm fireann "Feidhlimidh" (Sean-Ghaeilge "Fedlimid").[4]

Táin Bó Cuailnge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Feidhelm ann sa chéad radharc den Táin Bó Cuailnge, mar a caomhnaíodh é san Athleagan I.[4] Tá slua mór gaiscí bailithe ag Méabh agus Ailill mac Máta, banríon agus rí na gConnacht, chun na hUlaidh a ionsaí. Díreach ar an slí, bhuail siad le Feidhelm, spéirbhean óg fhionn, ag taisteal i gcarbad, armtha, agus ag iompair sail fhíodóra.[5] Dúirt sí gur bhanfhile na gConnacht í féin, agus mhaígh gur tháinig as Alba, agus go raibh ealaín na tairngreachta foghlaimthe aici, sa mhéid go raibh imbas forosnai[6][7] (saineolas lonrach) aici.[8] Moladh é go raibh Feidhelm in Albain, maraon le Cú Chulainn, faoi theagasc an bhanlaoich agus fáidh, Scáthach.[9]

D'fhiafraigh Méabh d'Fheidhelm an todhchaí a thuar, agus dar léi, ár a bhí le teacht. Níor chreid Méabh é seo, toisc gur cuireadh na hUlaidh le déanaí dá ndromanna ag tinneas aisteach (ceas!) a bhain an neart go hiomlán astu. Dúirt Feidhelm a tuar arís áfach, agus i gcur síos fileata ar an ár le teacht, luaigh sí Cú Chulainn mar a gcéile comhraic is scáfaire.[10]

Ces Ulad[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is féidir é gurb ionann Feidhelm na Tána agus an charachtar sa téacs gearr doiligh aitheanta mar Feidhelm agus Cú ChulainnCes Ulad.[4] Tá an téacs caomhnaithe ach amháin sa lámhscríbhinn de chuid na 16ú haoise, Harleian MS 5280. Tá sé lochtach, agus dá bharr, tá éagsúlachta suntasacha idir na haistriúcháin déanta ag Vernam Hull agus John Carey.

Insítear sa scéal gur tháinig Cú Chulainn agus a carbadóir Lao lá go dtí An Bhóinn chun imbas a fhoghlaim (de réir Carey) nó chun "saibhreas" a fháil (Hull). Bheadh lorg imbais níos oiriúnaí ar bhruach na habhann seo.[11] Mar shampla, san Immacallam in dá Thuarad, deirtear gur "ar bhruach uiscí, nochtaí eolas don té ina fhile".[11]

Bhí Feidhelm agus a fear céile Ealcmhaire ina seasamh ar an mbruach thall, agus thug faoi ndeara na hionróirí agus a gcarbad, líonta le ficheall agus buanbach, agus creach seilge. Agus bradán breac rugadh ag Cú Chulainn lena gha, chuaigh Ealcmhaire isteach san áth agus chaith sé gallán i dtreo an charabaid, ach scoith Cú Chulainn a ordóga agus a ordóga na coise. Dúirt Feidhelm ansin a tuar ("Gheall" de réir Hull) go nochtfadh sí í féin go lomnocht os comhair na nUladh agus go n-éireodh ina leannán Chú Chulainn. Sin a rinne sí bliain agus lá ina dhiaidh.

Sa deireadh, tugann an scéal le fios gurbh é a nocht os comhair na nUladh ba chúis leis a gceas.[12] Is sách difriúil é míniú Cheas na nUladh seo ná hé a thugtar i Noínden Ulad agus téacsanna gaolmhara.

Tochmharc Eimhire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faightear an t-ainm Feidhelm agus mac le habhainn na Bóinne sa dara athleagan as Meán-Ghaeilge den Tochmharc Eimhire. Agus Cú Chulainn ag taisteal ó dheas chun Eimhir a mhealladh, chas sé le "Smior na mná, Feidhelm", a dúradh gurbh é seo ainm eile d'abhainn na Bóinne. Ní mínítear sanasaíocht an ainm ámh, agus leanann an seanscéal gan trácht air, ag díriú ina ionad ar bhá an bhandé, Bóinn.[13]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomh-fhoinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fo-fhoinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Bernhardt-House, Phillip A. (2009). "Warriors, Words, and Wood: Oral and Literary Wisdom in the Exploits of Irish Mythological Warriors". Studia Celtica Fennica 6: 5–19. 
  • Fedelm, John Koch, ll. 736–7
  • Imbas forosnai, John Koch, lch. 958

Tuilleadh le léamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Sayers, William. "Old Irish Fert, 'Tie-pole', Fertas 'Swingletree', and the Seeress Fedelm." Études Celtiques 21 (1984), ll. 171–183.
  • Enright, Michael J. Lady with a Mead Cup. Ritual, Prophecy and Lordship in the European Warband from La Tène to the Viking Age. Baile Átha Cliath, 1996.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Fidelma as Béarla/Laidin
  2. Koch, "Fedelm."
  3. Enright, Lady with a Mead-cup.
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 Koch, "Fedelm."
  5. Táin Bó Cúalnge Athleagan I ar CELT
  6. 1 imbas ar eDIL
  7. for-osna ar eDIL
  8. Koch, "Imbas forosnai".
  9. Bernhardt-House, Warriors, words, and wood, lch. 8.
  10. "Táin Bó Cúalnge Athleagan I" (2001).
  11. 11.0 11.1 Bernardt-House,"Warriors, words, and wood", ll. 10–11.
  12. Cú Chulainn and Fedelm, eag. Meyer; aistr. Carey.
  13. Tochmarc Emire, Athleagan II.