Connla

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Sa Rúraíocht, ba mhac Chú Chulainn é Connla (nó Conlaoch), agus banlaoch na hAlban, Aoife, a mháthair. Thóg a mháthair in Albain é. Tá sé mar phríomhphearsa sa scéal Anbhás Aonmhic Aoife, réamhscéal na mór-eipice, Táin Bó Cúailnge.

Seanscéal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gineadh Connla ag Cú Chulainn agus Aoife, tar éis dó í a chloí ag troid ar son a oiliúnóra, Scáthach. Sula ndeachaigh sé ar ais go hÉirinn, d'iarr Cú Chulainn go gcuire a mhac dó agus é tagtha in aois, ach faoi trí gheis: nár fhille ar ais, nár dhiúltaí dúshlán, agus nár sceithí ainm.

Agus é seacht mbliana d'aois, thaistil Connla go hÉirinn mar a threoraigh a athair dó. Tháinig sé go Dún Dealgán, baile Chú Chulainn. Bhuail Conall Cernach, laoch, leis, a d'fhiafraigh a ainm agus a shliocht de. Dhiúltaigh sé freagra a thabhairt (de dheasca a gheise), agus dá réir sin, thug Conall dúshlán dó (geis eile). Bhain Connla a airm de Chonall, a tugadh náire dó. Tháinig Cú Chulainn ar an bhfód, agus dúirt Connla leis:

"Muna mbeinn faoi cheannas, níl duine ar dhomhan nach n-inseoinn é ná tú féin, óir is grá liom d'aghaidh."[1]

In ainneoin an ionracais, thug Cú Chulainn dúshlán do Chonnla. Sa chomhrac a lean, agus é faoi bhrú a mhic, dhóigh "solas an laoich" (Sean-Ghaeilge lúan láith - gealach an laoich) thart timpeall Chú Chulainn. Leis seo, d'aithin Connla a athair, agus chaith amú a airm. In ainneoin comhairle a mhná chéile, Eimhear, chaith Cú Chulainn an Ga Bolg, a sleá déanta as cnámha ollphéist na mara, agus ghortaigh sé Connla go marfach. Agus é ag fáil báis, dúirt Connla faoi dheireadh a ainm, agus mhol crógacht laochra na hÉireann. Thuig Cú Chulainn, croíbhriste, gur mharaigh sé a mhac féin.

Nualitríocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Insítear scéal a bháis sa dán le WB Yeats darb ainm "Cuchulain's Fight with the Sea," foilsithe i 1892.[2] San ath-insint, faightear éagsúlachtaí ar dhóigheanna áirithe le taobh an bhunscéil, ina measc gur mhac Eimhire é seachas Aoife.

Notaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Squire, lch. 177.
  2. [1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Squire, Charles. "Celtic Myth and Legend." Newcastle Publishing Co., USA, 1975. Athchló den chéad eagrán, Great Britain, 1905. ISBN 0-87877-029-1.