Tochmharc Eimhire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Is cuid de chnuasach laochscéalta na Rúraíochta é Tochmharc Eimhire, agus ar cheann de na scéalta is faide ann.

Insítear an scéal faoi Chú Chulainn agus é ag iarraidh Eimhear a mhealladh, agus faoina oiliúint mhíleata leis an ngaiscíoch Scáthach.

I dteannta le táinte bó, féastaí, breitheanna agus éaga, is ea tochmharc ar cheann de na 'genres' de litríocht na nGael lámhscríbhinní.

Athleagain agus foinsí lámhscríbhinne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faightear an seanscéal Tochmarc Emire i ndá phríomhathleagan. Tá an gaol idir an dá athleagan agus na lamhscribhinní éagsúla pléite ag Gregory Toner.[1]

Is é an leagan níos luaite, ach chomh maith níos giorra, atá ar marthain ná mar chóip i lámhscríbhinn déanach na 15ú/16ú haoise, Rawlinson B 512. Sa leagan úd, tá an chéad chuid are iarraidh, ag tosú leis an tomhas deannach idir Cú Chulainn and Eimhear. Is amhlaidh go bhfuil an téacs bunaithe ar bhunleagan Sean-Ghaeilge, b'fhéidir siar go dtí an 8ú haois, ach tras-scríofa agus nuachóirithe beagán i ré na MeánGhaeilge. Dar le Kuno Meyer, téann an téacs siar go dtí an 10ú haois.[2]

Faightear an t-athleagan níos faide sna foinsí Leabhar na hUidhre, Stowe D iv 2, Harley 5280, 23 N 10, agus dhá bhlúirí. Scriobhadh i ré na MeánGhaeilge é.

  1. Athleagan níos luaite:
    • Rawlinson B 512: f 117Ra-118Rb (Oxford, Bodleian Library). An chéad chuid ar iarraidh.
  2. Athleagain níos déanaí:
    • Leabhar na hUidhre (LU): ll. 121a-127b (Baile Átha Cliath, ARÉ). An dara cuid ar iarraidh.
    • Stowe D IV 2: f 74Ra-78Vb (Baile Átha Cliath, ARÉ). Iomlán.
    • Harley 5280: f 27R-35Rb (Londain, British Library). Iomlán.
    • 23 N 10 (olim Betham 145): p 21-24 & 113–124 & 11–12 & 25–26 & 125–128 (Baile Átha Cliath, RIA). Iomlán.
    • Leabhar Fhear Maí 23 E 29: p 207a-212b (Baile Átha Cliath, ARÉ). Blúire.
    • Egerton 92: f 24Ra-25Vb (Londain, British Library). Blúire.
  3. Foinsí eile
    • Leabhar Laighneach (LL), f 20a46 ff (Baile Átha Cliath, Coláiste na Tríonóide). Leagann de §30, mar a fhaightear san Echtra Machae.

Achoimre[cuir in eagar | athraigh foinse]

Agus é óg, bhí Cú Chulainn chomh hálainn sin go raibh imní ar fhir na hUladh, gan bean aige féín, go ngoidfeadh sé a mná chéile agus go n-éigneodh a n-iníonacha. Cuardaíonn siad dóigh is andóigh ar fud na hÉireann chun bean oiriúnach a fháil dó, ach ní bheadh aige ach Eimhear, iníon Fhorgall Monach. Tá Forgall i gcoinne an chleamhnais, ámh. Molann sé gur gá Cú Chulainn dul i mbun teagasc arm leis an mbanlaoch cáiliúil Scáthach na hAlban, ag súil go maródh é i rith na déine. Glacann Cú Chulainn an dúshlán. Idir an dá linn, tairgeann Forgall Eimhear do Lugaid mac Nóis, rí Mumhan, ach nuair a chloiseann seisean go bhfuil sí i ngrá le Cú Chulainn, diúltaíonn sé a lámh.

Oileann Scáthach Cú Chulainn i ngach ceird an chogaidh, ina measc an Ga Boilg, sleá colgach millteanach a chaitear leis an gcos, agus gur gá go gearrtar as an té gur buaileadh. Ag dul faoi oiliúint ina theannta bhí Ferdia, a théann ina dhlúthchara agus deartháir altrama Chú Chulainn.

Le linn a chuairte ann, caithfidh Scáthach cath a chur i gcoinne Aoife, a céile comhraic agus (i leaganacha áirithe) a leathchúpla. Tá aithne ag Scáthach ar laochas Aoife, agus buaileann imní í faoi shaol Chú Chulainn dá bharr. Tugann sí deoch chodlata dó chun é a chosaint. Tá Chú Chulainn chomh tréan sin, ámh, go ndúisíonn sé tar éis uair a chloig. Téann sé i mbun troide, i ndeabhadh le hAoife i gcomhrac aonair. Tá siad beirt ar aon chumas, ach mearaíonn Cú Chulainn í, ag glaoch go raibh a capaill agus carbad (na nithe is ansa léi ar dhomhan) tar éis titim thar aill. Fuaraíonn sé í, ach ar faobhar an chlaímh, impíonn sí go ndéana trócaire uirthi. Socraíonn sé gan í a mharú, faoi dhá choinníoll: go n-éirí sí as an gcogaíocht le Scáthach, agus go mbeire sí mac ar a shon.

Agus Aoife torrach, tagann Cú Chulainn ar ais ó Albain lánoiliúnta, ach diúltaíonn Forgall fós é Eimhear a phósadh. Déanann Cú Chulainn ruathar ar dhún Fhorgaill, maraíonn sé ceathrar is fiche fear, fuadaíonn sé Eimhear agus goideann sé taisce Fhorgaill. Titeann Forgall féin chun a bháis ó na rampair. Déanann Scenn Menn, comrádaí Fhorgaill, iarracht éalú an leannáin a chosc, ach maraíonn Cú Chulainn é ag cliath i gcomhrac aonair. Agus a laochas léirithe, glacann Eimhear faoi dheireadh é a phósadh.

coll cétingen (cearta na chéad oíche) ag Conchúr Mac Neasa, rí na nUladh. Tá imní air roimh fhreagairt Chú Chulainn, ach chaillfeadh sé a cheannas, muna bhfeidhmeoidh. Tagtar air réiteach: luífidh Conchúr le hEimhear ar oíche a pósta, ach luífidh Cathbhadh draoi eatarthu.[3]

Scéalta gaolmhara[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagann Connla, mac Chú Chulainn agus Aoife, go hÉirinn ag lorg a athar. De bharr a laochais sheanórtha, is dóigh gur bagairt é. Tá sé faoi gheis a hathar, ámh, agus diúltaionn sé é féin a aithint. Maraíonn Cú Chulainn é i gcomhrac aonair leis an nGa Bolg.[4]

I leaganacha áirithe de Tochmharc Eimhire, tarrthálann Cú Chulainn an bhanfhlaith Lochlannach Dearbhfhorghaill, agus í ar tí bheith íobartha do na Fomhóraigh. Sa scéal Anbhás Dearbhfhorghaille, tagann sí go hÉirinn i riocht eala, ag lorg Chú Chulainn a bhfuil sí i ngrá leis. Scaoileann Cú Chulainn í ina broinn lena thabhal. Chun a beatha a shábháil, caithfidh Cú Chulainn an chloch thabhail a dhiúl óna bolg. Ach anois níl cead aige í a phósadh, agus a cuid fola blaiste aige. Dá bharr sin, tugann sé í dá mhac altrama Lughaidh na Riabh Dearg; pósann siad agus beireann siad clann.

Lá amháin i láir an gheimhridh, déanann fir na nUladh piléir sneachta. Téann na mná in iomaíocht a chéile ag mún insna piléir, chun a fhiosrú cé acu an té is meallacaí. Sroicheann mún Dearbhfhorghaille an talamh, agus ite ag an éad, ionsaíonn agus ciorraíonn na mná eile í. Tugann Lughaidh faoi ndeara nach leáite é an sneachta ar dhíon Dhearbhfhorghaille agus go bhfuil sí ar tí bás d'fháil. Deifríonn sé agus Cú Chulainn isteach sa teach, ach básann sí tamall ina dhiaidh. Éagann Lughaidh le brón; mar dhíoltas, leagann Cú Chulainn an teach agus na mná eile lastigh, 150 dóibh maraithe aige.[5]

Agus Cú Chulainn i mbun chomhrac aonair sa Táin, is beirt dá chéile iad Fer Báeth agus Ferdia, a dheartháireacha altrama agus comhfhoghlaimeoirí faoi Scáthach.[6]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tochmarc Emire: editions and translations[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Meyer, Kuno (ed. and tr.). "The Oldest Version of Tochmarc Emire." Revue Celtique 11 (1890): 433–57. Text edited from Rawlinson B 512.
  • Hamel, A.G. van (ed.). Compert Con Culainn and other Stories. Mediaeval and Modern Irish Series 3. Dublin, 1933. 16–68. Based on Stowe D IV 2, with variants from LU, Harleian 5280 and Rawlinson B 512.
  • Meyer, Kuno (ed.). "Mitteilungen aus irischen Handschriften. Tochmarc Emire la Coinculaind." Zeitschrift für celtische Philologie 3 (1901): 226–63 (229–63). [version of Harleian 5280 with variants from LU, Stowe D IV 2, Fermoy/Egerton 92 and 23 N 10]. Available online at CELT
  • Meyer, Kuno (ed.). Verba Scáthaige fri Coin Chulaind. Anecdota from Irish Manuscripts 5. 1913: 28–30.
  • Thurneysen, Rudolf (ed.). "Verba Scáthaige nach 22 N 10." Zeitschrift für celtische Philologie 9 (1913): 487–8. Available from CELT
  • Meyer, Kuno (tr.), "Wooing of Emer", Archaeological Review 1 (1888): 68–75, 150–5, 231–5, 298–307.
  • Meyer, Kuno (tr.). In The Cuchulinn Saga in Irish Literature, ed. Eleanor Hull. Grimm Library 8. London, 1898. 57–84. Abridged version of Meyer's translation above. Available from Internet Archive
  • Kinsella, Thomas (tr.). The Táin. Oxford, 1969. 25 ff.
  • Guyonvarc'h, C.-J. (tr.). "La courtise d'Emer, Version A." Ogam 11 (1959): 413–23. (French)
  • d'Arbois de Jubainville, H. (tr.). L'épopée celtique en Irlande. Paris, 1892. (French)
  • Agrati, A. and M. L. Magini (trs.). La saga irlandese di Cu Chulainn. Milan, 1982 (Italian)

Foinsí tánaisteacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Toner, Gregory (1998). "The Transmission of Tochmarc Emire". Ériu 49: 71–88. 

Thuilleadh le léamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Baudiš, J. "On Tochmarc Emere." Ériu 9 (1923), ll. 98–108. Le fáil ó Scéla.
  • Edel, D. Helden auf Freiersfüßen. 'Tochmarc Emire' und 'Mal y kavas Kulhwch Olwen'. Studien zur Frühen Inselkeltischen Erzähltradition. Amsterdam, Oxford, agus Nua Eabhrac, 1980.
  • Findon, Joanne. "Gender and Power in Serglige Con Culainn and The Only Jealousy of Emer." Language and Tradition in Ireland: Continuities and Displacements, eag. Maria Tymoczko agus Colin Ireland. Amherst & Boston, 2003, ll. 47–61.
  • Findon, Joanne. A Woman's Words: Emer and Female Speech in the Ulster Cycle. Toronto, 1997.
  • Findon, Joanne. "A Woman's Words: Emer versus Cu Chulainn in Aided Oenfir Aife." Ulidia, ll. 139-48.
  • Ó Concheanainn, T. "Textual and historical associations of Leabhar na hUidhre." Éigse 29 (1996), ll. 65–120, go háirithe 94.
  • O'Curry, E. Lectures on the Manuscript Materials of ancient Irish History. Nua Eabhrac, 1861, ll. 278-2.
  • Oskamp, H.P.A. "Notes on the history of Lebor na hUidre." Proceedings of the Royal Irish Academy 65C (1966–67), ll. 117–37, go háirithe 126-7.
  • Sayers, William. "Concepts of Eloquence in Tochmarc Emire." Studia Celtica 26/27 (1991–1992), ll. 125–54.
  • Thurneysen, Rudolf, H. Hessen agus G. O'Nolan. "Zu Tochmarc Emire." Zeitschrift für celtische Philologie 8 (1912), ll. 498–524.
  • Thurneysen, Rudolf. Die irische Helden- und Königssage. Halle, 1921. 377 ff.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Toner, "The Transmission of Tochmarc Emire".
  2. Meyer, "The oldest version of Tochmarc Emire".
  3. Thomas Kinsella, The Táin, Oxford University Press, 1969, ISBN 0-19-281090-1, ll. 25–39
  4. Kinsella 1969, ll. 39–45
  5. Carl Marstrander (eag. & aistr.), "The Deaths of Lugaid and Derbforgaill", Ériu 5 (1911): ll. 201–18
  6. Kinsella 1969, ll. 129, 168f.