Liath Macha agus Dub Sainglend

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarLiath Macha agus Dub Sainglend
Cineálgroup of mythical creatures (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhthéacs
I saotharAn Rúraíocht Cuir in eagar ar Wikidata

Sa Rúraíocht i Miotaseolaíocht na nGael, capaill charabaid an laoich Chú Chulainn ab ea Liath Mhacha agus Dub Sainglend.

Tháinig an dá chapall chuig Cú Chulainn as an Linn Liath ar Shliabh Fuaid[1] amach, bronntanas ó Mhacha nó a deirfiúr Mór-Ríoghain. Léim Cú Chulainn ar a ndromma, agus rith siad thart ar Éirinn ar feadh lae, ach níorbh fhéidir leo é a caitheamh díobh, agus dá bharr cheansaigh sé iad.[2]

Ar lá bás Chú Chulainn, agus a naimhde ag cruinniú chun catha, dhiúltaigh Liath Mhacha do Lao, carbadóir Chú Chulainn, é a chur faoi úim. Níor ghéill ach le teacht Chú Chulainn féin, ach bhí na deora fola leis.

I rith an chatha, thug mic Calatin tairngreacht do Lughaidh Mac Chú Raoi go maródh sé rí le gach urchar a gha. Leis an gcéad, mharaigh sé Lao agus leis an dara, ghortaigh sé Liath Mhacha, a fhill ar ais go Linn Liath. Nuair a cheistigh Lughaidh iad, thug siad mar fhreagair go raibh rí na gcarabadóirí agus rí na gcapall maraithe aige. Lean Dub Sainglend leis ag tarraingt an charabaid, ach bhuail an tríú ga Cú Chulainn, agus thit sé den charabad. Lean Dub Sainglend air, ach d'fhill Liath Mhacha ar ais arís chun é a chosaint, agus mharaigh caoga leis na fiacla aige agus tríocha lena chrúba. Tar éis bás Chú Chulainn, thug Liath Mhacha Conall Cearnach chuig corp a mháistir. Chuaigh Conall ar tóir marfóirí Chú agus chúitigh sé a bhás.[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Sliabh Fuaid ar logainm
  2. James MacKillop, Dictionary of Celtic Mythology, 1998, lch. 265
  3. The Death of Cúchulainn