Athirne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Sa Rúraíocht, ba é Athirne Ailgheasach[1], mac Ferchertne, file, aorthóir agus scabhaitéir i gcúirt Chonchúr Mac Neasa, a bhain mí-úsáid as privileges na bhfilí.

Ghoid sé trí ghrús ó Mhidhir na dTuath Dé Danann, a sheasadh ag a dhoras agus dhiúltaíodh cead isteach do chách á iarradh.[2]

Nuair a aithrísigh Amergin mac Eccit (nár labhair go dtí seo agus é ceithre bliana déag d'aois) dán rúnda seanórtha, lá, bhí imní ar Athirne go dtógfadh sé a phost mar phríomhfhile na nUladh. Shocraigh sé é a mharú le tua déanta ag a athair, gabha. Choisc Eccet a iarracht le macasamhail cré an bhuachalla. Chuir na hUlaidh teach Athirne faoi léigear. Mar chúiteamh d'Eccet, b'éigean dó Amergin a thógáil mar mhac altrama agus ealaíne na filíochta a mhúineadh dó.[2]

Léigear Éadair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhalt: Tallaind Étair

Ba é Athirne ba chiontach le léigear Édair. Chuaigh sé timpeall ar Éirinn, ag tabhairt cuairte ar ríthe na cúigí, agus ag éileamh go gáifeach ar a ndídean: an súil remaining den rí leathshúileach deisceart Connacht, Eochaid mac Luchta; oíche le mná chéile Tigerna Tétbuillech, rí na Mumhan, agus Mesgegra, rí Laighean; agus a mysterious jewel ó rí eile Laighean, Fergus Fairge. Sa deireadh, ghabh sé 150 mná chéile uaislí Laighean, agus thóg sé thar an Tulcha iad chun filleadh ar ais go hUlaidh leo. Chuaigh fir Laighean ar a thóir, fir na nUladh ar a chosaint, agus cách in imnise catha.[3]

Tochmharc Luaine 7 Anbhás Athairne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba í Luaine álainn, geallta le Chonchúir Mac Neasa, í fód aimhleasa Athirne agus a mac. Thit siad triúr i ngrá léi, ach dhiúltaigh sí luí leo. Scríobh siad dánta aoracha ina coinne dá bhárr, agus fuair sí bás le náire. I láthair díoltas Chonchúir, b'éigean d'Athirne agus a mhic éalú chuig a bhaile ar chnoc Benn Athirni ar bhruach abha na Bóinne. Thóg Conchúr laochra na nUladh le chéile, chuir balla timpeall an tí agus dóigh é. Maraíodh cách lastigh, ina measc Athirne, a mhic, agus a bheirt iníonacha, Mór agus Midseng.[4]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. leadránaí; nó ailíos?
  2. 2.0 2.1 John Carey (aistr.), “Tales from the Ulster Cycle”, The Celtic Heroic Age (eag. John T Koch & John Carey), 1997, ll. 48-133
  3. Whitley Stokes (eag. & aistr.), "The Siege of Howth", [https://archive.org/details/revueceltiqu08pari Revue Celtique vol. 8, 1887, ll. 47-64
  4. Whitley Stokes (eag. & aistr.), "The Wooing of Luaine and Death of Athirne", Revue Celtique iml. 24, 1903, ll. 270-287