Jump to content

Amergin mac Eccit

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarAmergin mac Eccit
Cineálduine ficseanúil Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
CéileFionnchaomh Cuir in eagar ar Wikidata
LeanaíConall Cearnach Cuir in eagar ar Wikidata

Sa Rúraíocht, gaiscíoch agus file ab ea Amergin[1] mac Eccit i gcúirt Chonchúir mhic Neasa, rí na nUladh. Ba ghabha é a athair, Eccet Sálach. Phós Amhairghin Fionnchaomh, deirfiúr Chonchúir. Ba é Conall Cernach a mac, agus Cú Chulainn a mac altrama.

Comharba an Fhile Athirne

[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'ait an buachaill Amergin, mac an ghaibhneora Eccet Salach. Níor dhúírt an garsún focal ar bith, agus níor nígh sé é fhéín, sular shroich sé ceithre bliana déag d'aois.

Chuir Athirne, príomhfhile na nUladh, a shearbhónta chuig cheardlann Eccet chun tua a iarraidh, agus baineadh geit as an searbhónta nuair a chuala sé Amergin ag canadh dáin diamhair nach mbeadh aon duine ag súil leis ó bhéal an bhuachalla óig. D'imigh giolla an fhile gan an tua, agus rith sé abhaile ansin le h-innse dá mháistir faoin iontas a chuala sé.

Chuaidh Athirne chun Amergin a mharú, ar eagla go dtógfadh an bhuachaill a phost mar fhile chúirt na nUladh. Cuireadh i bhfios d'Eccet, áfach, go raibh a mhac i mbaol, agus bhí sé i ndiaidh macasamhail de chré a chur in áit a mhic díreach sular tháinig Athirne ag an cheardlann. Thug an file fiánta buille tua ar cheann na macasamhla sular theith sé amach, agus é ag creidsint gur bhásaigh sé Amergin.

Chuir na hUlaidh léigear ar thoígh Athirne go dtí gur aontaigh sé cúiteamh a dhéanamh don ghabhnóir Eccet. Thóg Aithirne Amergin mar mhac altrama, agus mhúin sé don leaid óg ealaín na filíochta, agus, in am trátha, tháinig Amergin i gcomharbacht ar Athirne mar phríomhfhile na nUladh.[2]

Sa Táin Bó Cúailnge

[cuir in eagar | athraigh foinse]

I rith na Tána, chuir Amergin moill ar arm na gConnachta trí caitheamh clocha ollmhóra orthu ar feadh trí lá agus oíche. Chaith Cú Roí, laoch na Mumhan, clocha ar ais. Bhuail na clocha le chéile san aer, ag scaipeadh smidiríní chloiche go forleathan, gus gur impigh Méabh go gcuirfidís stad leis. D'aontaigh siad go stopfaidís agus go bhfillfeadh Cú Roí go Mumhain. Agus é ach imithe, lean Amergin ar aghaidh le caitheamh na gcloch, ag áitiú go raibh a chomhaontú le Cú Roí amháin. I ndeireadh na dála, d'aontaigh sé go stopfadh sé go dtí uair na catha deireanaí.[3] Tá leagan eile den scéal i gcéad athleagan na Tána, leagan a deir gurbh iad Cú Roí agus Munremar mac Gerrcind na fir troda.[4]

Coimpeart Chú Chulainn...

Mharaigh Amergin an t-arracht trícheannach, Ellén Trechend, a ionsaíodh ar Éirinn ón uaimh ag Cruachan.[5]

  1. a litrítear Amhairgin, Amorgen, Aimhirghin freisin
  2. John Carey, “Tales from the Ulster Cycle”, The Celtic Heroic Age (eag. John T Koch & John Carey), 1997, ll. 48-133
  3. Cecile O'Rahilly, Táin Bó Cúailnge from the Book of Leinster, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1967, ll. 244-245
  4. Cecile O'Rahilly, Táin Bó Cúailnge Recension 1, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1976, ll. 169-170
  5. James MacKillop, Dictionary of Celtic Mythology, Oxford University Press, 1998, ll. 13-14