Lughaidh mac Cú Raoi
Cineál | pearsa fhinscéalach carachtar i miotaseolaíocht na nGael |
---|---|
Comhthéacs | |
I saothar | An Rúraíocht agus The Death of Cohoolin |
Dáta | |
Inscne | fireann |
Muintir | |
Athair | Cú Roí |
Sa Rúraíocht, ba é Lughaidh Mac Cú Raoi (Sean-Ghaeilge Lugaid mac Con Roí) mac Cú Raoi mac Dáire. Bhí aithne air mar Lugaid mac Trí Con freisin. Ba mharfóir Cú Chulainn é
Mharaigh sé Cú Chulainn mar dhíoltas as bás a athar, i mbun comhcheilge le Méabh agus clanna daoine eile a bhí maraithe ag Cú Chulainn. Agus a phutóga doirte amach ag ga Lughaidhe, cheangail Cú Chulainn é féin de ghallán (a deirtear gur Cloch an Fhir Mhóir[1] é) chun bás d'fháil ina sheasamh. Tháinig fiach dubh anuas ar a ghualainn, agus ansin amháin a bhí Lughaidh cinnte gur mharbh é. Agus Lughaidh i mbun a cheann a bhaint de, thit claíomh Cú Chulainn agus scoitheadh lámh Lughaidhe.
Chuaigh Conall Cernach sa tóir air agus i gcomhrac aonair leis. Agus lámh amháin in easnamh ag Lughaidh, throid Conall le lámh amháin craptha ina chrios aige. Bhuaigh sé ámh ach le cabhair a chapaill, a bhain greim as cliathán Lughaidhe. Thóg sé ceann Lughaidhe agus chuir ar chloch é. Leáigh a chuid fola an chloch agus luigh an ceann tríd.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Margaret E. Dobbs, Side-lights on the Táin age and other studies. Dún Dealgan: WM. Tempest. 1917.
- T. F. O'Rahilly, Early Irish History and Mythology. Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1946.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Clochafarmore Standing Stone, Voices from the Dawn