Cloch an Fhir Mhóir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Cloch an Fhir Mhóir
Íomhá
Sonraí
CineálGallán
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinDroichead an Chnoic, Éire
Map
 53°58′28″N 6°27′57″W / 53.974505°N 6.465919°W / 53.974505; -6.465919
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir474

Gallán agus Séadchomhartha Náisiúnta (474) i gContae Lú is ea Cloch an Fhir Mhóir, aitheanta fosta mar Cloch Chú Chulainn.[1][2][3]

Suíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Cloch an Fhir Mhóir suite i Ráth Aidí,[4] 1.4km ar thaobh thiar thiar theas ó Dhroichead an Chnoic, Dún Dealgan, ar an mbruach clé d'Abhainn Átha Féan.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cloch an Fhir Mhóir ina sheasamh sa ghoirt.

Creidtear gur cuireadh an gallán suas le linn na Cré-Umhaoise. Trí mhéadar in airde agus 4.3m fad faoi gcuairt atá sé. Glaotar An Bhrisleach Mhór ar an dúiche, agus Gort an Áir[5] ar am ngort ina bhfuil an gallán ina sheasamh. I rith na 1920í, aimsíodh spearhead cré-umha sa ghort, rud a gcuirfí in iúl gur mhachaire catha ársa a raibh ann.[6][7][8] Creidtear gur cuireadh an gallán ar uaigh seanghaiscígh mhóir.[9]

Seanscéal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bás Chú Chulainn, léaráid le Stephen Reid (1904).

Tá an gallán gaolta go formhór le laoch na nUladh, Cú Chulainn. Bhí trí sleá déanta ag a namhaid, Lugaid mac Con Roí, agus insíodh tuar go marófaí rí by each of them. Leis an gcéad sleá, mharaigh sé carbadóir Chú Chulainn, Lao mac Rianghabhra; leis an dara, a chapall dílis, Liath Macha; agus le hurchar an tríú, bhuail sé Cú Chulainn. Éag-ghonta, cheangail Cú Chulainn é féin de ghallán, a chreidtear go tradisiúnta gur Cloch an Fhir Mhóir é.

Lean Cú Chulainn air ag troid a chuid naimhde, ach ba é amháin nuair a tháinig fiach dubh, gnáthriocht Mhór-Ríoghna, anuas ar a ghualainn gur chreid a naimhde gur mharbh a bhí sé. Tháinig Lughaidh chuige chun a cheann a bhaint de, ach é i mbun sin, dhóigh an "lúan láith"[10] (solas gaiscígh) ar éadan Chú Chulainn, thit a chlaíomh dá láimh agus agus bhain lámh Lughaidhe de. D'imigh an solas nuair a bhainfeadh a lámh dheis dé Chú Chulainn.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]