Lao mac Rianghabhra

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Sa Rúraíocht, carabadóir agus dlúthchara an laoich, Cú Chulainn ab ea Lao mac Rianghabhra (Sean-Ghaeilge LáegLóeg mac Ríangabra[1][2][3]). Ba iad Liath Macha agus Dub Sainglend a chapaill.

Cú Chulainn agus a charbadóir Lao

Fuair Lao máistreacht ar na trí búada aradnachta: léim thar boilg (bearna, claí), foscul n-diriuch, agus lascadh na fuipe. Agus é i mbun troda, thógadh sé leis ionar de leathar fia, caol agus éadrom ionas nach srianfaí a gluaiseacht; brat draíochta cleite; clogad ornaithe; agus banda dearg cinn, suaitheantas an charbadóra. Chosnaíodh sé na capaill i bhfeisteas iarainn, agus chóiríodh sé an carbad le corráin agus sleánna de ghach saghas. De ráiteas draíochta, dhéanadh sé dofheicthe an carbad.[4]

Sa Táin Bó Cuailnge, agus Cú Chulainn ag dul i léig ina chomhrac aonair le Ferdia, rinne Lao magadh faoi chun é a spreagadh. Agus a riastradh dúisithe ann, shín Lao amach chuige sleá an bháis, an Gáe Bulg, lena mharaigh sé a chéile comhraic.

Sa scéal Searg Chú Chulainn, chuaigh Láeg go dtí Mag Mell in éineacht le Lí Ban, deirfiúr Faind, agus rinne sé cur síos flaithiúileach ar an áit agus é fillte abhaile.

Sa scéal Anbhás Chú Chulainn, bhí an-fhadhb ag Lao na capaill a chuir faoi úim, agus colg ag teacht orthu, a chapall dílis Liath Macha ach go háirithe. Thuig Lao gur thuar é sin agus thug sé rabhadh dá thaoisigh roimh a dturas go dtí Muirtheimhne, baile Chú Chulainn. Insítear sa sliocht Brisleach Mhór Maighe Muirtheimhne gur maraíodh Lao le sleá Chú Chulainn féin (caite ag Lugaid mac Con Roí), toisc gur gá de bharr gláimhe dhícheann an sleá a thabhairt dá naimhde.[5]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. [dil.ie/30483 lóeg (b)] ar eDIL, each uisce
  2. rían (a) ar eDIL, muir; rian 6 ar teanglann.ie FGB
  3. gabhar2 ar teanglann.ie FGB, capall (bán); gabhra lir
  4. Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur, lch. 967.
  5. Ingeborg Clarus: Keltische Mythen. Der Mensch und seine Anderswelt, lch. 176 f.