Glámh dícheann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

I Miotaseolaíocht na nGael, mallacht nó aoir chumhachtach ab ea Glámh[1] dícheann (Sean-Ghaeilge Glám dícenn[2]), anghlod as Breatnais. Deirtear go ndéanfaí dochar anama agus coirp don té a d'inseofaí a leithéid leis.

Bonn dlí[cuir in eagar | athraigh foinse]

I seandlí na hÉireann, slí chun an lámh in uachtar in aghaidh sinsir a ghabháil ab ea an dán drochíde nó mallacht. Dá mba mícheart de réir dlí an aoir ámh, d'íocfaí go daor. Bhraitheadh déine na breithe ar aicme shóisialta an íospartaigh.

Miotaseolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba iad draoithe, fáithefilí ba mhó a chruthaíodh an glámh dícheann. De ghnáth, dhéantaí troscadh roimh insint na mallachta. Feictear fosta go mbaineadh iompar áirithe coirp leis an nglámh. I rith Cath Maighe Tuireadh, phreab Lugh leathchoise timpeall a namhad, chuir a lámh i bhfolach agus chrap a shúil, chun go n-éirí lena mhallacht in éadan na bhFomhórach.

I réamhscéal an chatha úd, chuir an file Cridenbél iachall ar an Daghdha, trí bhagairt aoire, a mhír bhia is fearr a ghéilleadh, ach bhuail Áengus bob air agus fuair an file bás as ucht a chíocras.

Sa seanscéal Anbhás Chú Chulainn, verstümmelt Méabh clann Chailitine agus mar chúiteamh lig sí iad mallacht chruinn a caitheamh ar Chú Chulainn.[3]

[...] d'iarr an t-aorthóir ar Chú Chulainn a shleá a chaith chuige, toisc gur thug mic Chailitíne tairngreacht go marófaí rí leis an sleá úd, mura dtabharfaí é le fonn. "Tabhair dom do shleá“ arsa an t-aorthóir "[...] cuirfidh mé mallacht ort, muna dtugann“

Chaith Cú Chulainn an sleá an maslóir isteach le hurchar chomh tréan sin gur maraíodh é le deireadh na sáfaí. Mharaigh a naimhde ámh Cú Chulainn agus a charbadóir Loeg mac Riangabra leis an shea úd.[4]

I Leabhar Gabhála na hÉireann, chuir Cairbre mac Eithne iachall de ghlámh dícheann ar an rí santach Breas, a réim ar na Tuatha Dé Danann a shéanadh:

Gan bhia go beo sa bhabhla,
Gan bainne bó le fás an lao,
Gan adhbha[5] fhir le titim na hoíche,
Gan díol dáimhe reisse ropsain Breasa
Nár fhille a mhaoin chun Breasa

Sa scéal na Rúraíochta Fleadh Bhricreann, chuir Bricre féin iachall ar a chuairteoirí faoi bhagairt ghláimhe, a tíre a rinne in dhá leath eatarthu, cé gur chomhnaimhde ab ea iad.

Sa Rúraíocht, aorthóir ba mhó a rabhthas eagla roimhe in Éirinn ab ea an file Athirne Áilgeasach. Chuir Conchúr mac Neasa, rí na nUladh, amach é chuig gach cúige na hÉireann chun aighneas a chothú lena ghláimh. D'éirigh leis cogadh a thosú idir na Laighin agus na hUlaidh, inar mharaigh Conall Cearnach rí na Laighean, Mes Gegra (féach Cath Étair).

I scéal eile na Rúraíochta Longes mac nUislenn, bhain saoi agus buime Dheirdre, Leabharcham, agus Deirdre féin, feidhm rathúil as an nglámh dícheann.

Tá miotas eile ann ina bhfuil ról tábhachtach ag glámh dícheann - féach mar shampla Kelten.[6]

Dearcadh ársa[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scríobh Diodor (1 RC) faoin dán drochíde Ceilteach mar a leanas:

Tá filí fonn acu [na Ceiltigh], a nglaoitear baird orthu. Mar thionlacan, bíonn uirlisí cosúil le lir acu, lena gcanaid aintiúin agus aortha.[7]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. glámh ar teanglann.ie FGB, aoir
  2. 1 glám I Abstract (a) ar eDIL
  3. Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur, lch. 504 f., 604, 833.
  4. Ingeborg Clarus: Keltische Mythen. Der Mensch und seine Anderswelt, lch. 177 f.
  5. adhbha, áras, baile, srl.
  6. Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur, lch. 943 f.
  7. Diodoros von Sizilien: Universalgeschichte, 5ú Leabhar, Cuid 31.