Cairbre mac Eithne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarCairbre mac Eithne
Cineálduine ficseanúil Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Slí bheathafile Cuir in eagar ar Wikidata

I Miotaseolaíocht na nGael, file ab ea Cairbre mac Eithne (Sean-Ghaeilge Coirpre mac Étaíne).

Seanscéal[cuir in eagar | athraigh foinse]

I leagan amháin dá sheanscéal, mac Bóinne agus Neachtain, file na dTúath Dé Danann, ab ea Cairbre. I leagan eile, ba é Oghma a athair. Toisc gur leathdeartháireacha Oghma iad Lugh agus Daghdha, ba é Cairbre a nia. Ba é Dían Cécht, lia, a sheanathair ar thaobh na máthar.

Bhí Cairbre ar cuairt le Breas, an Fomhórach a bhí ina rí na dTuath Dé. Chaith Breas go holc leis ámh, agus dá bharr chum sé glámh dícheann, le toradh ná gur chaill an rí a éileamh ar an gcoróin.

Sean-Ghaeilge Nua-Ghaeilge[1]

Gan cholt[2] for criabh ceireine[3][4]
Gan geart fearbú[5] fora n-asad aithrinni[6]
Gan adhbhai fhir iar ndrúbaí díasoirchí[7]
Gan díl daimhe reisse ropsain Breisse
Ní fil a mhaín trá Breisse

Gan bhia go beo sa bhabhla,
Gan bainne bó le fás an lao,
Gan adhbha[8] fhir le titim na hoíche,
Gan díol dáimhe reisse ropsain Breasa
Nár fhille a mhaoin chun Breasa

Ba é seo an chéad mallacht inste in Éirinn. Chuaigh Cairbre ansin go i gcomhrac, agus thug an lá leis, i dteannta leis na Túatha Dé in éadan na bhFomhórach sa Dara Cath Maighe Tuireadh.[9]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Aistrithe go litriúil agus go liteartha ón tSean-Ghaeilge
  2. 1 colt, bia
  3. crib, tapa
  4. ceirnín(e)
  5. féach 1 ás, bainne; ferb(b)
  6. ásaid, fás; aithirne, lao
  7. díṡorche, titim na hoíche
  8. adhbha, áras, baile, srl.
  9. Bernhard Maier: Lexikon der keltischen Religion und Kultur, lch. 65.