Dían Cécht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarDían Cécht
Cineáldia
health deity (en) Aistrigh
carachtar i miotaseolaíocht na nGael Cuir in eagar ar Wikidata
Comhthéacs
Miotaseolaíochtmiotaseolaíocht na nGael Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
LeanaíCian mac Dían Cecht Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Cuid deTuatha Dé Danann Cuir in eagar ar Wikidata

I Miotaseolaíocht na nGael, dia leighis ab ea Dian Céacht (Sean-Ghaeilge Dían Cécht, darb ainm chomh maith CainteCanta) na dTuath Dé Danann. Athair Cu, Cethen agus Chéin ann ea é.[1] B'iad Miach, Airmed, Étan file agus Ochtriullach a pháistí eile.[2][3] Sa Dinnseanchas, deirtear gur mac Daghdha é Dian Céacht.[4] Ba sheanathair athartha Lugh é.

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is amhlaidh[5] go bhfuil an t-ainm fréamhaithe ón bPrótai-Ceiltis *Deino-kwekwto-, ‘comhbhruith gasta’.

Sa tSean-Ghaeilge, ciallaíonn cécht[6] sail chéachta,[7] a luaigh go fileata don chéachta iomlán.[8][9][10] Is é brí le Dían ná díocasach, gasta, fuinniúil, nó tréan.[11]. Le cois sin, tugann ainmneacha a pháistí, Miach agus Airmed, tacaí do ghaol le talmhaíochta agus treabhadh.

De réir an Historical Encyclopedy of Celtic Culture, d'fhéadfadh é gur comhcheangal é ann t-ainm Dían Cécht[12] d'focail choitianta na Sean-Ghaeilge dían[13] 'swift', agus cécht, gluaiste mar 'cumhacht'.[14][15] Is amhlaidh ámh gur sanasaíocht thraidisiúnta na ndaoine é seo.

Sa Chóir Anmann, tugtar deus mar ghluais ar dían.[16]

Dia de chuid miotaseolaíocht na Breataine Bige is ea Amaethon, a bhfuil gaol aige le céachtaí.

Tobar leigheasach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bheannaigh Dian Céacht tobar darb ainm Sláine, siar ó Mhaigh Tuireadh agus soir ó Loch Arbhach[17] in áit darb ainm Achadh an Chrann Úll (Achad Abla),[18][19] áit a thagadh na Tuatha Dé Danann chun folcadh agus leigheas agus iad gortaithe, sula dtéidís ar ais chun troda. Leigheasadh an tobar gach cneá ach dícheannadh.[3]

Beiriú na Bearú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é Dian Ceacht a tharrtháil Éire tráth, agus ba chúis é, cé go hindíreach, ainm na Bearú.[20][21]

Rugadh mac do Mhór-Ríoghain, bean chéile fíochmhar dia na neimhe, ach chomh uafáis a bhí sé gur thug lia na déithe, agus baol ina thuar aige, thug sé comhairle go marófaí ina leanbh é.[21] Rinneadh amhlaidh, agus d'oscail Dian Céacht croí an linbh. D'aimsigh sé laistigh trí nathair a bheadh in ann agus iad fásta Éire a bhánú.[21] Dhíothaigh sé na nathracha agus dhóigh sé iad ina luaithreach, chun olcas a gcoirp mharbha a chosc.[21] Lena chois sin, rad sé an luaithreach isteach san abhainn ba ghiorra dó, óir go raibh faitíos air rompu fós. Agus, go deimhin, chomh nimhneach sin a bhí siad gur cuireadh an abha ag fiuchadh agus ag beiriú, agus maraíodh gach uile neach beo inti. Dá bharr sin, is é ainm na habhann ná An Bhearú as sin amach.[21]

According to the Metrical Dindsenchas:

'No motion it made
The ashes of Meichi the strongly smitten:
The stream made sodden and silent past recovery
The fell filth of the old serpent.

Three turns the serpent made;
It sought the soldier to consume him;
It would have wasted by its doing the kine;
The fell filth of the old serpent.

Therefore Diancecht slew it;
There rude reason for clean destroying it,
For preventing it from wasting
Worse than any wolf pack, from consuming utterly.

Known to me is the grave where he cast it,
A tomb without walls or roof-tree;
Its ashes, evil without loveliness or innocence
Found silent burial in noble Barrow.[20]

This tale in the Dinnseanchas indicates that the being slayed by Diancecht was a serpent named Meichi. Elsewhere the figure named as the slayer of Meichi is Mac Ceacht.[20]

Leigheas lámh Nuada[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne Dian Céacht land airgid do Nuada, a bhí in ann bogadh agus feidhmiú mar ghnáthlámh. Ina dhiaidh sin, rinne Miach mac Diain lámh chnis agus feola in hionad. Mharaigh a athair é dá bharr, ite ag an éad toisc nach raibh seisean in ann a leithéid a dhéanamh. Cháin deirfiúr Mhéich, Airmed, thar uaigh a dhearthár. Le titim a deora, d'fhás 365 luibh óna uaigh a chuir sise in eagair, ach a scaip a n-athair éadmhar. Deirtear dá bharr nach bhfuil eolas fosta ar chumhacht leighis na luibheanna ag aon duine daonna.[3]

Bhí Dian Cecht in ann Midhir a leigheas nuair a chaill sé súil a scríobadh le cipín coill.[22]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • McCone, Kim (1996). Towards a Relative Chronology of Ancient and Medieval Celtic Sound Change. Magh Nuad: Roinn na Sean-Ghaeilge, Coláiste Naomh Pádraig. ISBN 0-901519-40-5.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]