Brigit

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarBrigit

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineáldia de chuid na gCeilteach Cuir in eagar ar Wikidata
Comhthéacs
Miotaseolaíochtmiotaseolaíocht na nGael Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnebaineann Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
AthairDaghdha Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Cuid deTuatha Dé Danann Cuir in eagar ar Wikidata
ComhionannBrigantia Cuir in eagar ar Wikidata

I Miotaseolaíocht na nGael, Bandia págánach ba ea Brigit, BrídBrig (a chiallaíonn duine ceannasach[1]), ball de na Tuatha Dé Danann, iníon an Daghdé agus bean chéile Bhreas, a raibh mac aici leis darbh ainm Ruadhán.

Deilbhín i Músaem na Briotáine, Rennes, ag léiriú Brigantia: c. 1 -2 haois AD.

Mholtaí gur seanainm bhandia Ind-Eorpach na maidine é Brigit.[1] Baineann sí le séasúr an earraigh, torthúlacht, leigheas, filíocht agus ealaín an ghaibhneora. Deirtear i Sanas Chormaic, a scríobh manaigh Críostaí sa 10ú haois, gurb í Bríd an "bandia a d'adhair na filí" agus go raibh beirt deirfiúracha aici: Brigit an cneasaí agus Brigit an gabha.[2][3] Tugann sé seo le fios go bhféadfadh go raibh sí ina diacht thriarach.[4]

Tá go leor saintréithe ag am mbeirt acu, an mbandia agus Naomh Bríd, agus ó thús bhí lá a féile, 1d Feabhra, an fhéile págánach Imbolc, a cheiliúradh tús an earraigh. Moladh dá bharr gur bandia Críostaithe is ea an naomh.[5]

Clann[cuir in eagar | athraigh foinse]

I Leabhar Gabhála na hÉireann, deirtear gurbh fhile agus iníon an Daghdé í Brigit. Ba iad Cermait, Aengus, Midhir agus Bodhbh Dearg a leas-dheartháireacha.

Maoine[cuir in eagar | athraigh foinse]

I Leabhar Gabhála na hÉireann, insítear go raibh dhá dhamh ag Brigit, darbh ainm Fe agus Men, a bhíodh ar féarach ar mhachaire ainmnithe astu, Femen. In áit eile, deirtear gur le Dil iad Fe agus Men. B'fhéidir gur bua-ainm do Bhrigit atá san ainm, Dil.[6]

Ba le Brigit freisin Torc Triath, rí na dtorc, agus Cirb, rí na gcaorach (a bhfuil Mag Cirb ainmnithe as).[7] Scairteadh na hainmhithe le rabhadh baoil, agus dá bharr meastar gur cosantóir na mbeithíoch ceansaithe í Brigid.[8]

Bandia[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is bandia í Brigit de gach uile rud a mbíonn os ard, amhail is lasracha ard, ardchríocha, dúnta cnoic; agus de ghníomhartha a shamhlaítear gur uaillmhianach iad, amhail is eagna, feabhas, foirfeacht, éirim, deisbhéalaí fileata, ceardaíocht (go háirithe ceird an ghabha dhuibh), leigheasadh, eolas na ndraoi agus cumas comhraic. Sa bhéaloideas, bíonn an-bhaint aici leis an teaghlach agus an tinteán. Tá roinnt sibh siúd dheimhnithe i Sanas Cormaic.

De réir Carmina Gadelica, is éarlamh í Brigit den fhilíocht, gabhadóireacht, leigheas, na healaíona agus ceirdeanna, bólacht agus a leithéid eile, tobair bheannaithe, nathracha (in Albain) agus teacht an earraigh.[9][10] Ar lá a féile, Imbolc, bhítí i mbun réamhaisnéis na haimsire a dhéanamh:

Gàidhlig[9] Gaeilge

Thig[11] an nathair as an toll
Là donn Brìde,
Ged[12] robh trì troighean dhen t-sneachd
Air leac an làir.

Tiocfaidh an nathair as an bpoll
Lá donn Bhríde,
Cé go raibh trí troithe den tsneachta
Ar leac an láir

Is amhlaidh gurbh ionann a macasamhail na Breataine agus an Eorpaigh, Brigantia, agus dia na Rómhánach Minéirve agus dia na nGréagach Aitéiné,[13] bandéithe le saintréithe ar an dóigh chéanna acu, a thugann foirm don smaoineamh de staid ardéirime, nó corpartha nó intinne.

Seanscéal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa seanscéal Cath Maige Tuireadh, maraíodh Ruadán mac Brigit, i mbun comhraic ar son na bhFomhórach, agus chum sí an caoineadh, meascán de dhreas goil agus cantaireachta, agus í faoi mhairg dá bharr. Sa sliocht céanna, tá sé curtha síos di gurbh ise ceapadóir féasóige chun taisteal i rith na hoíche.[14]

Ina hath-insint as Béarla, deir Lady Gregory faoi Bhrigit gur bhean na filíochta í, an-uasal leis, gur bhean an leighis í agus go ndearna sise don chéad uair feadóg chun oíche.[15]

Brigit agus Naomh Bríd[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa mheánaois, cumascadh an bandia Brigit leis an naomh Críostaí den ainm céanna, mar atá Naomh Bríd. Sincréiteachas a ghlaoitear ar an bpróiseas seo. De réir eolaí na meánaoise Pamela Berger, "thóg manaigh an phearsa ársa den máthairdhia agus d'fhuadar a hainm agus a feidhmeanna le chéile leis a leagan Críostaí," Naomh Bríd.[5]

Sa ré Críostaí i gCill Dara, bhíodh naonúr ban rialta déag ag faire ar lasair bheannaithe shíoraí ar son an naoimh.[16] De réir Giraldus Cambrensis agus croiniceoirí eile, bhíodh fál ann thart timpeall na lasrach, nárbh céad d'aon fhear é a thrasnú - chuirtí mallacht ar fear ar bith a rinne iarracht, gealt, cláiríneach nó bás fiú.[17]

Saintréith spioradáltachta Ind-Eorpaigh ab ea nós faire lasracha síoraí ag bansagairt saintréith.[17] I measc samplaí eile, tá bandia na nGréagach, Hestia, agus a macasamhail Rómhánach, Vesta.

Tá gaol ag an mbandia agus an naomh le tobair bheannuithe leighis, ag Cill Dara agus go leor áiteanna eile ar fud na dtailte Ceilteacha. Tarlaíonn fós gléasadh tobair, nós ina cheanglaítear clooties (en) ar chrainn in aice le tobair leighis, agus modhanna eile um achainí a dhéanamh faoi bhráid Bhríde nó ómós a thabhairt di, i roinnt tíortha Ceilteacha agus sa diaspóra.[18][19]

Féilí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar a chéad lá de mhí Feabhra a mbíonn an fhéile phágánach, Imbolc, in ómós an bhandé.[20] Ar an dóigh chéanna, ceiliúrtar Lá Fhéile Bríde ar an 1d Feabhra san Eaglais Chaitliceach Rómhánach, san Eaglais Cheartchreidmheach an Oirthir agus sa Chomaoineach Anglacánach.

Athbheochan nuaphágánach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is pearsa thábhachtach í Brigid do phágánaigh an lae inniu, a chuireann béim ar a diagacht thriarach. Adhrtar í scaití i dteannta le Cernunnos.[21]

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ón Sean-Ghaeilge i leith, athraíodh Brigit go Briġid, Brighid agus sa deireadh Bríd tar éis leasú na litrithe. Bhí an fhoirm SheanGhaeilge mar bhun de leaganacha i dteangacha na hEorpa, ag tosú le Brigit as Laidin na meánaoise, ansin sa lá inniu: Bridget agus Bridgit as Béarla, Brigitte as Fraincis, Birgitta Sualainnis, Brigida as Iodáilis agus Piritta as Fionlainnis.

Tá an t-ainm fréamhaithe ón bPrótai-Ceiltis *Brigantī le brí "An Duine Ceannasach", gaolmhar le bandia na mBriotanach goddess Brigantia, an t-ainm SeanGhearmáinis Ard Burgunt, agus an focal Sanscrait Bṛhatī (बृहती) "ard", buafhocal den bhandia Hiondúch éirí na gréine, Ushas. Ar deireadh, tá sé fréamhaithe ón bPrótai-Indo-Eorpais *bʰr̥ǵʰéntih₂ (foirm bhaininscneach de *bʰérǵʰonts, "ard"), fréamhaithe ó *bʰerǵʰ- ("ardaigh").[22][23]

Leaganacha eile:

  • Brìghde/Brìde (Alba)
  • Ffraid (An Bhreatain Bheag); freisin Braint, alt. Breint, ainm abhann ar Inis Món. De dheasca athruithe tosaigh i mBreatnais agus neamhghuthú i ndiaidh "t" i Sant, athraíonn a hainm ó *Fraid (< *Braid) go Ffraid i logainmneacha amhail is Llansanffraid, Baile Naoimh Bhríde.[24]
  • Breo Saighead - sanas am bhéaloidis le fáil i Sanas Cormaic, ach measann sanasaithe gur sách neamhdhóchúil é.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Bitel, Lisa M. 2001. St. Brigit of Ireland: From Virgin Saint to Fertility Goddess
  • MacKillop, James. 1998. Dictionary of Celtic Mythology. (Oxford: Oxford University Press) ISBN 0-19-280120-1
  • The Slaney Press. 1994. Lady Gregory's Complete Irish Mythology. (Londain: The Slaney Press)

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Campbell, Mike Behind the Name. Féach freisin Xavier Delamarre, brigantion / brigant-, in Dictionnaire de la langue gauloise (Éditions Errance, 2003) ll. 87–88: "Le nom de la sainte irlandaise Brigit est un adjectif de forme *brigenti… 'l'Eminente'." Tá E. Campanile luaite ag Delamarre, in Teangacha Ind-Eorpacha ("The name of the Irish Saint Brigid is an adjective of the form *brigenti… 'the Eminent'"), eagraithe ag Françoise Bader (Páras, 1994), ll. 34–40, a mhaíonn gur bandia Ind-Eorpach éirí na gréine í Brigid, maraon le hAurora.
  2. Ó hÓgáin, Dáithí. Miotas, Finscéal & Rómánsacha: Craicteagán traidisiún tíre na hÉireann. Prentice Hall Press, 1991, lch. 60
  3. Wright, Brian. Bríd: Bania, Druidess agus Saint. The Press Press, 2011. lch.26-27
  4. Sjoestedt, Marie-Louise. "Celtic Gods and Heroes": 21, 25. Dover Publications. 
  5. 5.0 5.1 Berger, Pamela (1985). "The Goddess Obscured: Transformation of the Grain Protectress from Goddess to Saint". Boston: Beacon Press. 
  6. The Metrical Dindsenchas: "Mag Femin, Mag Fera, Mag Fea," Dán 36
  7. Macalister, R. A. Stewart. Lebor Gabála Érenn. Part IV. Irish Texts Society, Baile Átha Cliath, 1941. § VII, Céad Athleagan, ¶ 317.
  8. Ellis, Peter Berresford. "Celtic Women." Wm. B. Erdmans Publishing, Grand Rapids, MI, 1995, lch. 28.
  9. 9.0 9.1 Carmichael, Alexander (1900) Carmina Gadelica: Hymns and Incantations, Ortha Nan Gaidheal, Volume I, lch. 169 The Sacred Texts Archive
  10. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". Jones' Celtic Encyclopedia.
  11. thig ar en.wiktionary.org
  12. ged ar en.wiktionary.org
  13. Encyclopædia Britannica: Celtic Religion
  14. Dara Cath Maige Tuired, aistrithe le Elizabeth A. Gray. ¶ 125
  15. Gregory, Isabella Augusta (1904). "Gods and fighting men : the story of the Tuatha de Danaan and the Fiana of Ireland": 24. OCLC 907958219. 
  16. Sa lá atá inniu ann: Perpetual flame
  17. 17.0 17.1 "The Topography of Ireland" 54, 59.
  18. Healy, Elizabeth (2002) In Search of Ireland's Holy Wells. Dublin, Wolfhound Press ISBN 0-86327-865-5 ll. 12–19, 27, 56–7, 66, 69, 81.
  19. Logan, Patrick (1980) The Holy Wells of Ireland. Buckinghamshire, Colin Smythe Limited. ISBN 0-86140-046-1, ll. 22–3, 95.
  20. John T. Koch (2006). "Celtic Culture: A Historical Encyclopedia". ABC-CLIO. Dáta rochtana: 14 March 2013. 
  21. Magliocco, Sabina (2001-01-28). "Neo-pagan sacred art and altars : making things whole": 30. Jackson: University Press of Mississippi. OCLC 46573490. 
  22. Matasović, Ranko, Etymological Dictionary of Proto-Celtic, Brill, 2009, ll. 78-79
  23. Mallory, J. P. agus Adams, Douglas Q. (eag.), Encyclopedia of Indo-European Culture, Taylor & Francis, 1997, lch. 269
  24. "Brigit in Wales: Sant Ffraid". www.brigitsforge.co.uk. Dáta rochtana: 2023-02-01.