Minéirve
| Minerva | |
|---|---|
| Cineál | bandia dia an chogaidh dia Rómhánach |
| Comhthéacs | |
| Miotaseolaíocht | creidimh na Sean-Róimhe |
| Bunaithe ar | Menrva (en) |
| Dáta | |
| Inscne | baineann |
| Muintir | |
| Céile | luach ar iarraidh |
| Máthair | Metis |
| Athair | Iúpatar |
| Eile | |
| Cuid de | Dii Consentes (en) |
| Smacht | ceardaí, trade (en) |
| Siombail | Farnese Minerva (en) |
| Comhionann | Aitéiné, Senuna (en) |

Is í Minéirve[1] nó Mineirve[2] (Laidin: Minerva) dia na heagna, na n-ealaíon, na cogaíochta straitéisí, agus chomh maith cosantóir na Róimhe agus pátrún na gceardaithe sa mhiotaseolaíocht Rómhánach. Tá sí ar aon dul le hAitéiné, sa mhiotaseolaíocht Heilléanach.
Teidil agus róil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ag eascairt as dia Iodálach na gealaí darb ainm *Meneswā (“ise a thomhaiseann”), ghlac na hÉatrúscaigh leis an ainm Sean-Laidine *Menerwā, agus thugadar Menrva uirthi. Meastar go bhfuil a hainm Rómhánach, Minerva, bunaithe ar an miotaseolaíocht Éatrúscach seo. Ba í macasamhail Éatrúscach Aitéiné na Gréige. Cosúil le hAitéiné, phléasc Minéirve ó cheann a hathair, Iúpatar (Séas na Gréige), a d'alp a máthair (Metis) in iarracht nár éirigh léi a breith a chosc.
Dar leis an interpretatio Romana, deirtear go bhfuil gaol idir Minéirve, Tyche/Fortuna, Victoria agus Brid as miotaseolaíocht na nGael, cé gur pearsana éagsúla iad féin.
Adhradh
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Teampaill
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Cnoc an Chaipeatóil sa Róimh.