Séas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Busta de Séas, san Otricoli (Sala Rotonda, Cathair na Vatacáine Iarsmalanna Museo Pio-Clementino, Cathair na Vatacáine)

Dia na spéire agus na toirní agus rí na ndéithe ar [[Sliabh Oilimpeas|Shliabh Oilimpeas] is ea Séas, (Gréigis:Zεύς.) Tá an t-ainm Séas comhchosúil leis an chéad eilimint dá choibhéis Rómhánach Iúpatar. Tá a chuid miotaseolaíochtaí agus cumhachtaí cosúil, cé nach bhfuil siad comhionann, le cinn na ndéithe Ind-Eorpacha mar Iúpatar, Perkūnas, Perun, Iondra, Dyaus Pita agus Túr.[1][2][3][4]

Ba é Séas an pháiste is óige na dTíotán Crónas agus Ria i miotaseolaíocht na Gréige. Ba iad Poiséadón agus Háidéas a dheartháireacha. Ba iad Héire, Déiméitéir, agus Heistia a dheirfiúracha.

Ba í Metis a chéad bhean chéile. Ba í Aitéiné an iníon de Shéas agus Metis.

Ba í Héire a bhean chéile agus banríon. Bhuail sí bob ar Shéas ionas go mbeadh a mac is leasdeartháir Earcail, Eoraistéas, ina rí ar Mhicéanae.

Ba iad Apalló agus Artaimís clann Shéas agus Lató[2].

Ba mhac le bean darbh ainm Ailcméiné agus leis an dia Séas é Earcail.

Ba í Héilin iníon Leda agus Séas (athair na ndéithe) nó Tyndareus (Rí Sparta). 

Mac leis an mbean so-mharaithe Danae agus an dia Séas ab ea Peirséas[3]. 

Ba iad Aeacas, Aingealós, Afraidíté, Apalló, Airéas, Artaimís, Aitéiné, Dinísias, Eileithyia, Enyo, Eris, Ersa, Héilin na Traoi, Héafaestas, Earcail, Heirméas, Míonós, Pandia, Peirsifiné, Peirséas, Rhadamanthus, na Grása, na Horae, na Liotae, na Béithe, agus na Fáithe i measc a chlann.

Chuir Séas an Scairp agus Oiríon sa spéir[4].


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

[1]

[2]

[3]

[4]



  1. Thomas Berry (1996). "Citation is missing a title. Either specify one, or click here and a bot will try to complete the citation details for you. {{{title}}}": 20–21. Columbia University Press. 
  2. T. N. Madan (2003). "Citation is missing a title. Either specify one, or click here and a bot will try to complete the citation details for you. {{{title}}}". Oxford University Press. 
  3. Sukumari Bhattacharji (2015). "Citation is missing a title. Either specify one, or click here and a bot will try to complete the citation details for you. {{{title}}}": 280–281. Cambridge University Press. 
  4. Roshen Dalal (2014). "Citation is missing a title. Either specify one, or click here and a bot will try to complete the citation details for you. {{{title}}}". Penguin Books.  Entry: "Dyaus"