Jump to content

Cernunnos

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarCernunnos

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineáldia an dúlra
dia de chuid na gCeilteach Cuir in eagar ar Wikidata
Comhthéacs
MiotaseolaíochtNa Ceiltigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Cuid demiotaseolaíocht na gCeilteach Cuir in eagar ar Wikidata
Comhionanndia an dúlra agus Herne the Hunter (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Dia na nGallach ba ea Cernunnos (an Té Adharcach) a d'adhrtaí chuig deireadh ré na Rómhánach. Tá níos mó ná 50 eiseamláir dá íomhá aimsithe ón ré seo, go formhór ó thaobh iarthuaisceart na Gaille, agus i measc na gCeiltibéarach fosta. Léitear Cernunnos le beanna, ina shuí agus a chosa trasna ar a chéile. Tá sé gaolta le pící, nathracha adharca, cúnna, tairbh agus francaigh. De ghnáth, feictear é agus torc ina láimh aige, nó á chaitheamh.[1]

De thoradh easpa litríochta caomhnaithe, níl tada ar eolas againn maidir leis an dia seo ó fhoinsí dá leithéid. Faightear léirmhínithe dá ról i gcultúr na nGallach mar dhia na n-ainmhithe, an nádúir nó na torthúlachta, nó fiú dia an taistil, na tráchtála nó na dé-treoíochta.[2]

Cernunnos ar Pillar of the Boatmen (Gallán na mBádóirí), sa Musée national du Moyen Âge, i bPáras, An Fhrainc

Faightear an t-ainm, [C]ernunnos ar Ghallán na mBádóirí, séadchomhartha Gaill-Rómhánach a théann siar go dtí an chéad aois[3]

Athchruthaítear a ainm as Prótai-Ceiltis mar *Carno-on-os. Is saintréith an iarmhír -on- i ndia-ainmneacha, amhail is Maponos, Epona, Matronae, agus Sirona.[4] De réir Maier (2010), is doiléir é sanasaíocht Cernunnos, ach is amhlaidh go bhfuil sé fréamhaithe ón bhfocal Ceiltise do "beann" nó "adharc".[5]

Tá fianaise eile ann a thacaíonn an smaoineamh seo. Tá an focal Gaillis *carnon "corn" gaolmhar le Laidin cornu agus Gearmáinic *hurnaz, sa deireadh ón bPrótai-Ind-Eorpais *ḱerh₂-|*k̑r̥no-.[6] Feictear an fhréamh-mhír[7] *karn- as Gaillis agus Galátais araon. Tugann Hesychius d'Alexandria "corn Gallach" mar ghluais ar an focal Galátaise karnon (κάρνον), 'sé sin, an corn míleata Ceilteach luaite mar carnyx (κάρνυξ) ag Eustathius de Thessalonica, a thugann faoi dheara clog ainmhí-chruthach an ghléis.[8][9] Feictear an fhréamh fosta i n-ainmneacha treibheanna Ceilteacha, go suntasach prominent among them the Carnutes,[10] agus i roinnt ainmneacha pearsanta faighte i n-inscríbhinní eile, amhail is Carnarus, Carnatus, Carneolus, Carnius agus Carnicus[11]

Cuireadh an t-ainm i gcomparáid le buafhocal diaga Carnonos faighte i n-inscríbhinn Cheilteach scríofa as aibítir Ghréigis ag Montagnac, Hérault mar καρνονου, karnonou, sa tuiseal tabharthach.[12]

Conall Cearnach

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinneadh iarrachtaí an fhréamh cern a fheiceáil san ainm Conall Cearnach, deartháir altrama an laoich Ghaelaigh, Cú Chulainn.[13] Sa léirmhíniú seo, b'ionann Conall agus Cernunnos ársa, le bríonna tugtha dá bhua-ainm amhail is — "cearnógach; buach; le fás suntasach".[14]

Tá fianaise níos fearr ann a nascann Conall Cearnach le Cernunnos. Sa scéal na Rúraíochta den 8ú haois, Táin Bó Fraích,[15] is laoch é Conall a thugann cabhair don phríomhphearsa Fraoch chun a bhean chéile agus a mhac a tharrtháil, agus a cuid bó a fháil ar ais, tar éis dóibh foghlaithe iad a fhuadach. Tá dún na bhfoghlaithe faoi chosaint nathrach móire. Críochnaíonn an scéal le deireadh amhrasach díomách. Níor ionsaíonn an nathair Conall, ach a mhalairt, darts sí go coim Chonaill agus girdles é mar chrios. Ní maraíonn Conall an nathair, agus ansin creachann sé an dún dá thaisce seod.

Dá mb'ionann é sa Ghaill agus Dis Pater na Rómhánach, mar a mholtar,[15] ba chosantóir ar thaisce an Alltair. I Míolseanchais na meánaoise, ceanglaíodh taiscí fothalún leis an nathair.[16] Feictear an tréith seo ar dealbh cloiche ar thobar i Sommerécourt, Haute-Marne, France, agus ar deilbhín cré-umha ó Autun.[15] ar a bhfuil léirithe ann Cernunnos le dhá nathair reithe-cheannach thart timpeall a choime aige.

Cernunnos' connections to the deity Mars[15] serve to underline Conall's role as hero-warrior in the tale. Déantar soiléir deireadh díomách an scéil nuair a chuirtear Conall i gcomparáid Cernunnos, dia beannach, gaiscíoch, nó sinsear, agus an nathair in a cónaí faoin dtalamh, a théann timpeall an té chosnaíonn sí. Caomhnaítear an smaoineamh pain-Cheilteach seo universal Celtic mar scáth a bhunúis ársa tar éis chríostú na hÉireann ar feadh na gcéadta.

Tagairtí an lae inniu

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Cernunnos le feiceáil sa scéinséir teilifíse Francach-Beilgeach Zone Blanche (en) Cosnaíonn sé an fhoraois ar dhaoine, bailíonn taisce, agus athbheonn carachtair mharbha.

  1. Green, Miranda, Celtic Art, Reading the Messages, lch. 147, 1996, The Everyman Art Library, ISBN 0-297-83365-0
  2. Green, Miranda (1992). "Animals in Celtic Life and Myth": 227–8. Routledge.  Cernunnos Paper
  3. A. Kingsley Porter, "A Sculpture at Tandragee," Burlington Magazine 65 (1934), lch. 227, pointing out the relative maturity of the antlers.
  4. Delamarre, citing M. Lejeune, Lepontica (Paris 1971), lch. 325.
  5. Bernard Maier, Dictionary of Celtic Religion and Culture (Alfred Kröner, 1994; Boydell, 2000), lch. 69, ar líne.
  6. Pokorny (1959) "k̑er-, k̑erə-; k̑rā-, k̑erei-, k̑ereu" ar Indo-European Lexicon Curtha i gcartlann 2014-03-07 ar an Wayback Machine, LRC, University of Texas.
  7. Béarla: etymon
  8. Delamarre
  9. Téacs Gréigis agus aistriúchán Béarla de shliocht óna Homeric tráchtais Hóiméaracha le Eustathius, tugtha ag Edward Wigan, "Account of a Collection of Roman Gold Coins," Numismatic Chronicle 5 (1865), lch. 11, online.
  10. Carni agus Carnonacae freisin.
  11. Altay Coşkun with Jürgen Zeidler, "'Cover Names' and Nomenclature in Late Roman Gaul: The Evidence of the Bordelaise Poet Ausonius" (2003), lch. 33.
  12. Xavier Delamarre, Dictionnaire de la langue gauloise (Éditions Errance, 2003), ll. 106–107.
  13. Porter, A Sculpture at Tandragee, lch. 227.
  14. John Koch. (2006) Cernunnos [in] Celtic Culture: A Historical Encyclopedia, lch. 396. ABC-Clio.
  15. 15.0 15.1 15.2 15.3 Anne Ross. (1967, 1996). Pagan Celtic Britain: Studies in Iconography and Tradition. Academy Chicago Publishers.
  16. Charbonneau-Lassay, Louis. (1940). The Bestiary of Christ. France: Desclée, De Brouwer, & Cie.