Daghdha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Dagda)
Jump to navigation Jump to search

Duine de phríomhlaochra Thuatha Dé Danann é Daghdha, nó Eochaid Ollathair. Ciallaíonn a ainm "dia maith"; tá "dagh-" na Sean-Ghaeilge athruithe go "dea-" sa Nua-Ghaeilge, agus is foirm scioptha den fhocal "dia" a bhí in "da" na SeanGhaeilge.

De réir Leabhar Gabhála na hÉireann, an príomhfhoinse atá againn ar imeachtaí Thuatha Dé Danann, bhí goile iontach mór ar Dhaghdha. In eachtra amháin, d'ith sé a oiread sin anlann tigh na bhFomhórach nach bhféadfadh a chlóca a thóin a chlúdach.

Is mac leis an Daghdha Aonghas Óg.

Daghdha, Ard Rí

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]


Roimh
Lugh
Ard-Rí na hÉireann
ACM 1830-1750 RC
FFE 1407-1337 RC
Tar Éis
Dealbhaodh