Jump to content

Dáirine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Lucht ceannais próta-stairiúil na Mumhan roimh éirí na n-Eóganachta sa 7ú haois ab ea na Dáirine[1], aitheanta níos deireanaí go ríoraíoch mar Corcu Loígde.[2] Is amhlaidh gur thángthas iad óna Darini de réir Tolamaes, agus gaolta leis na hUlaid agus Dál Riata as cúige Uladh agus Albain.[3] Faightear a shinsearacht go minic sa Rúraíocht, aitheanta mar Chlanna Dedad, agus marfoirí Chú Chulainn. Meastar gurbh Érainn iad cách[3][4] (féach freisin samhail stairiúil Uí O'Raithille). Sa ré stairiúil, léiríodh na Dáirine leis an Corcu Loígde, agus is dócha le muintire Uí Fidgenti agus Uí Liatháin[5] agus roinnt clann stairiúil eile as Mumha agus Ulaidh araon. Sa seanghinealaigh,[6] ba chuid de mhuintir Dáirine iad Dál Fiatach stairiúil na nUlad.

Tugtar scaití an t-ainm Dáirine do mhuintir Érann mar chúinne iomlán.[7]

Dúradh gur shliocht iad Dáirine na Mumhan de phearsa darbh ainm Dáire (*Dārios),[8]Dáire Doimthech, sinsear Corcu Loígde', agus/nó Dáire mac Dedad, athair Chú Raoi. Is dócha é gurb ionann iad an bheirt acu.[4] Bhí na ginealeolaithe meánaoiseacha ar an eolas faoin mearbhall agus thug faoi ndeara é i Rawlinson B 502. Tá an Chlann Dedad ainmnithe as seanathair Chú Raoi, Deda mac Sin.

Is suntasach é go raibh clú agus cáil ag na Dáirine mar shainaicme mhíleata, os coinne a gcomharbaí talmhaíocha síochánta. De réir an scéil Táin Bó Flidais, ar cheann desna trí laoch-aicme na hÉireann ab ea Clanna Dedad (agus na cinn eile Clanna Rudraige, a gcolanna ceathrar Ulad, agus na Gamanrad as Irrus Domnann), a raibh gaol acu leis na Laigin.[9]

Tá cáil ag na Dáirine sna seanscéalta as a réim géar crua fuilteach, i roinnt scéalta uafásach millteanach, ach d'fhéadfadh gur chumadóireacht staraithe agus scéalaithe é seo.

I measc na clanna ríoga ar marthain i gCúige Mumhan tá muintire Uí Eidirsceoil, Uí Laoghaire, Uí Chofaigh, Uí Aonghusa agus Uí Fhloinn, go léir de shliocht Lughaí Mhic Con.[10][11] I gcúige Uladh, is iad na clanna Dál Fiatach ná mhuintir Uí Eachaidh agus Uí Dhuinnshléibhe.[12]

D'fhéadfadh gurbh as clanna imeallacha na nDáirine ba ea semi-historical Mongfind agus Crimthann mac Fidaig leathstairiúil, ach ní féidir é seo a cruthú.

I measc pearsana seanscéalacha de mhuintir Dáirine, de shliocht Dáire mhic Dedad / Dáire Doimthigh, faightear:

  • Cross, Tom Peete and Clark Harris Slover (eds.), Ancient Irish Tales. Henry Holt and Company. 1936.
  • Gantz, Jeffrey (tr.), Early Irish Myths and Sagas. Penguin. 1981.
  • Hellmuth, Petra Sabine, "A Giant Among Kings and Heroes: Some preliminary thoughts on the character Cú Roí mac Dáire in medieval Irish literature", in Emania 17 (1998): 5–11.
  • Kinsella, Thomas (tr.), The Tain. Oxford. 1969.
  1. leaganacha eile Dárine, Dáirfine, Dáirfhine, Dárfine, Dárinne, Dairinne
  2. Ó Corráin 2001, lch. 30
  3. 3.0 3.1 O'Rahilly 1946
  4. 4.0 4.1 Pokorny 1918
  5. Byrne 2001, lch. 178
  6. Rawlinson B 502, eag. Ó Corráin 1997
  7. Dáirine ar eDIL
  8. T. F. O'Rahilly, Early Irish History and Mythology, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. 1946, ll. 2, 7
  9. O'Rahilly 1946, lch. 96
  10. Ó Donnabháin 1849
  11. O'Hart 1892
  12. The Kingdom of Ulster le Dennis Walsh
  13. 13.0 13.1 Byrne 2001, p. 193
  14. 14.0 14.1 Charles-Edwards 2000, lch. 611