Jump to content

Uí Fiodhghinte

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Luathdhream agus ríocht i dtuaisceart na Mumhan ab ea Uí Fiodhghinte (Sean-Ghaeilge Uí Fidgenti), suite go formhór i gContae Luimnigh an lae inniu, ach sínte i gContae an Chláir agus i gContae Thiobraid Árann isteach, agus b'fhéidir gur Contae Chiarraí agus Contae Chorcaí, ó am go chéile. Bhí siad faoi bhláth ó 377 AD go 977 (bás Donnabháin), cé gur lean a dtionchar le trí chéad bliain anuas.

Tá scéalta bunúis difriúla tugtha dóibh ag scoláirí éagsúla, idir luath- nó prót-Eoghanachta agus na Dáirine fosta, gan chomhaontú le feiceáil.

Fiacha Fiodhghinte, dara mac Dháire Chearba, ab ea sinsear chlann Uí Fiodhghinte. Creidtear gur éirigh Dáire ina phríomhphearsa de chine Mhíl Easpáine i ndiaidh bás Criomhthainn sa bhliain 379 AD. Níor éirigh Fiacha féin ina rí Mumhan ámh, óir gur mharaigh a chéile comhraic, Aonghas Tireach fionnó Chormaic Cais, é in a battle fought at Clíodhna, gar do Chuan Dor.[1]

Insítear i Leabhar Mór Leacáin, gur ainmníodh Fiacha Fiodhghinte as capall adhmaid (fiodh/feá) a rinne (ghin) sé ag Aonach Cholmáin.

Sé chéad bhliain tar éis aimsir Fhiacha, bhí dhá phríomhchlann ann i measc a mhuintire, clann Uí Chairbre Aobha agus Uí Chonaill Gabhra.[2][3][4][5] Ba mhinic é go raibh an dara acu ina clann is cumhachtaí.[3] Faoin mbliain 1169, bhí clann Uí Chairbre roinnte ina dís, Uí Chairbre féin agus Uí Dhonnabháin.[6] Sna ginealaigh le fáil i Rawlinson B 502 agus an Leabhar Muimhneach, ámh, feictear gur scar an chraobh le ’'Cenn Faelad, ceithre glúin roimh Ó Donnabháin (bás 974), de thoradh an chomhaontais le Lochlannaigh Luimnigh agus Port Láirge.

Dlúthghaoil na n-Uí Fiodhghinte ab ea an chlann Uí Liatháin, a mhaígh freisin gur shinsear acu é Dáire Cearba. Luaitear le chéile iad, bíodh is dála an scéil, i leat fhoinsí amhail is Tairired na nDéssi.[7]

I measc clanna mhuintir Uí Fiodhghinte, tá: Ó Billrí, Ó Bruadair, Ó Cinnfhaolaidh, Ó Cléireacháin, Ó Coileáin, Ó Connaill, Ó Diaghaidh, Ó Donnabháin, Ó Flannabhra, Ó hIfearnáin, Mac Eneiry, Ó Coinn, agus Ó Treasaigh.[8]

I measc daoine an lae inniu atá de shliocht Dháire Cearba tá na Uí Chonnaill as Doire Fhíonáin.[9][10] D'fhógair Daniel Charles O'Connell é seo go follasach do bholscairí Louis XVI na Fraince. De shliocht Uí Chonaill Gabhra ab ea Mícheál Ó Coileáin.[11][12][13]

Mícheál Ó Coileáin

Méid agus teorannacha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir foinsí éagsúla, an ríocht is cumhachtaí sa Mumhain roimh na hEoghanacht ab ea muintir Uí Fiodhghinte (má fhágtar ar lár an Corca Laidhe iar-cumhachtach agus an tOsraí ar an imeall.[14] Faoi 950, bhí na críocha roinnte go formhór idir an dá phríomhchlanna, Uí Chairbre agus Uí Choileáin. Bhí clann Uí Chairbre Aobhdha (of which Uí Donnabháin were chieftains) suite feadh ghleann na Máighe i gCois Máighe agus Caonraí, i ndéanacht Átha Dara, agus ar am éigin chomh fada le Cill Mocheallóg ar aghaidh go hArd Pádraig agus Dún ar Aill. Bhíodh Ui Chonaill Gabhra lonnaithe thiar, feadh An Daoil chuig Sliabh Luachra, mar atá inniu sna barúntachtaí Conallaigh Uachtaracha agus Íochtaracha.

Bhíodh naisc ag clanna eile Uí Fiodhghinte le suíomhanna eile i Luimneach. Tá Maigh Thamhnach ainmnithe as géag na bhFear Tamhnaí.[15]

Is é Fíonach an t-aon áit amháin le fáil inniu le hiarsma den ainm Fiodhghinte.[16] Paróiste atá ann suite ó dheas den Caisleán Nua i gContae Luimnigh.[17]

Naomh Pádraig

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach Vita tripartita Sancti Patricii.[18]

Féach Senán mac Geircinn.

Uí Fhiachrach Aidhne

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Feictear sna hannála, don bhliain 645, go raibh na hUí Fiodhghinte ina gcomhghuaillí rí na gConnacht, Guaire Aidhne mac Colmáin, ag Cath Charn Chonaill. Bhí na críocha ó thuaidh de mhuintir Uí Fiodhghinte faoi smacht ríora Ghuaire, darbh ainm Uí Fhiachrach Aidhne. Molann Byrne[19] go raibh coimhlint idir an dá ríocht for control over roinnt tuath níos lú, ach other evidence suggests they were allied.[20] San 8ú haois, deirtear go ndeachaigh na hUí Fiodhghinte i mbun comhraic in éadan Guaire, athair Lament of Crede, iníon Ghuaire, ag Cath Áine sa bhliain 667.

Suíomhanna agus seandálaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Cailís Ardach

Ba é Dún Eochair, in aice le Brú Rí inniu, príomhchathair na nUí Fiodhghinte.[3][21] Dúirt Seathrún Céitinn gurbh í ar cheann de dhá phríomhchathair na nDáirine agus Cú Raoi seanscéalach mac Dáire.[22] Tá na hoibreacha créafóige le feiceáil fós ar bhruach na Máighe.[23] Faightear fud i mBrú Rí ceantar darb ainm Lios Ailealla Óloim,[24][25] sin-sin-sin-seanathair Fiacha Fiodhghinte, a fuair bás sa bhliain 234 AD, agus atá ar adhlacadh ag Dún Trí Liag.

Raibh ó dheas de Bhrú Rí tá Cnoc Samhna,[26] aitheanta fosta mar known as Ard na Ríoghraidhe. Nasctha le Moingfhionn,[27] d'fhéadfadh é gur suíomh insealbhaithe na nUí Fidgenti a bhí ann.

D'aimsíodh an Cailís Ardach i gcríocha na nUí Fiodhghinte, ag Ráth Riaráiste sa bhliain 1868.[28][29]

Gaol leis na nEoghanacht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deirtear go raibh gaol ar leith ag na hUí Fiodhghinte le ríthe na nEoghanacht i gCaiseal.

Cúig ghlúin roimh Fhiacha, creidtear gur roinn Ailill Ólom (bás 234 AD) cúige Mumhan idir a mhic, agus rinne sé an coinníoll go ndéanfadh a shleachta sealaíocht le chéile mar rí. Rinneadar san go dtí aimsir Bhriain Bhóramha, a mharaigh mar a chreidtear Donnabhán Ui Fiodhghinte sa bhliain 977.[30]

Ní bhíodh na hUi Fiodhghinte ina ngéillsinigh ríthe na nEoghanacht, agus níor íoc siad cáin. Tugtar i Leabhar na gCeart trácht ar cúitimh Rí Chaisil do rí Uí Chonaill

deich n-each, sciath, gcorn

agus rí Dhún Eochair

seacht n-each, sciath, gcorn, claíomh agus seachtar ógánach aimsire agus seachtar daoránach.

Tugtar trácht fosta gurbh fhiú dusk Rí Uí Chonail le Ríthe Chaisil, agus níor ghá ghiall ar bith a mhalartú le haghaidh comhaontaithe. In alt sa scéal Tairired na nDéssi,[31] ainmnítear na hUí Fiodhghinte (agus na hUí Liatháin san áireamh) i measc Thrí Eoghanachta na Mumhan, agus iad eile ná an Eoghanacht Locha Léin agus an Eoghanacht Raithlinn.[32]

Sa 10ú haois, roinneadh na hUí Fiodhghinte teorann le chéile le Mathún (i gCaiseal) agus Brian Bóramha (i dTuamhain), agus is minic a bhíodh comhraic críche eatarthu.

Rinne Donnabhán mac Cathail, sinsear Uí Dhonnabháin, comhaontas in aghaidh an Dáil Chais le beirt ceannairí eile, a athair céile Íomhar, rí Danmhargach Luimnigh, agus Máel Muad mac Brain, rí na Mumhan. Mar thoradh míchlúiteach, maraíodh Mathún mac Cinnéide, deartháir mór Briain Bhóramha, mar chúiteamh ar a chuid ionsaithe ar Uíbh Fhiodhghinte. D'imir Brian Bóramha díoltas orthu triúr as a bhás á chloí.[33]

Thosaigh meath Uí Fhiodhghinte sa 12ú haois, sa bhliain 1178, nuair a chuir Domhnall Mór Ó Briain an ruaig ar Uí Chonaill agus Uí Chairbre chomh fada leis an Eoghanacht Locha Léin (AIF). Leanfadh clann chumhachtach Uí Choileáin, roinnt leathscór bliain níos déaranaí,[34] ach d'fhan clann níos lú amháin nó dhó, go háirithe Mhic Innéirí,[34] i gContae Luimnigh le roinnt aoiseanna, mar thiarnaí faoi cheannas Iarlaí nua Deasmhumhan.

I measc teaghlach tábhachtach nár tháinig slán as cogaidh Uí Bhriain, agus ina dhiaidh sin ionraí Mhic Gearailt, bhí Uí Chinnfhaolaidh, Uí Fhlannabhra, Uí Threasaigh, Uí Chléireacháin agus Uí Rinn. Scaip na clanna seo ar fud na Mumhan.

Armas Uí Choileáin.

Bhí comhaontas déanta idir Uí Fiodhghinte agus Uí Íomhair cúig ghlúin roimh mharú Donnabháin sa bhliain 977, agus bhí ainmneacha Danmhargacha ag Uí Dhonnabháin fad tar éis bás Amhlaoibhe (Olaf) Uí Dhonnabháin sa bhliain 1201. Agus iad ar an bhfoireann a chaill i mblianta deiridh na 10ú haoise, thit tionchar Uí Dhonnabháin i léig sna haoiseanna ina dhiaidh sin.

D'fhan croí Uí Chonaill Gabhra, faoin Uí Choiléain, ina dream cumhachtach sa Mhumhain le tamall fada fós. Deirtear i nAnnála Inis Faithlinn don bhliain 1177 go raibh "Táin bó i gceannas by Domhnaill Uí Dhonnchadha agus Coileán Ó Coileáin in aghaidh Machaire, agus thug siad leo go leor bó. Rinneadh síocháin i ndiaidh sin ag mac Mhic Cárthaigh agus Uí Bhriain".[35] Cuireann sé seo in iúl go raibh Uí Chonaill Gabhra i gceannas airm mhóir ag an am úd, agus nár chuir Mhic Gearailt an ruaig orthu go Corcaigh go dtí lár na 13ú haoise.

Maraíodh Coiléan agus go leor uaisle Uí Chonaill Gabhra i rith cath in éadan a battle with Domhnaill Mhic Cárthaigh sa bhliain 1189,[36] rud tubaisteach nár chuidigh leo in aghaidh ionsaí na Cambra-Normannach. Sa bhliain 1201, maraíodh Domhnall Mac Carthaigh i mbun ionradh a dhéanamh ar Uí Chairbre. Bliain ina dhiaidh sin, maraíodh an rí deireanach luaite sna hannála, Amlaíb Ua Donnubáin, ag William de Burgh agus mic Domhnaill Mhóir Uí Bhriain (AIF).

Contae an Chláir

[cuir in eagar | athraigh foinse]

De bharr cheannas níos deireanaí an Dáil Chais i gContae an Chláir, tharla dó gur deacair é clanna Uí Fidgenti ann a aimsiú agus a aithint. Chaomhnaigh géag cumhacht Uí Chonaill Gabhra, darbh ainm Uí Chormaic, a gcuid féiniúlachta, óna bhfuil na hUí Aichir síolraithe, ach creidtear gur cuireadh clanna eile i measc an Dáil Chais, san áireamh b'fhéidir clanna Uí Dhéaghaidh agus Uí Choinn as Uí Fearmaic,[37] agus Mhic Conmara as Clann Choileáin.

Tá fianaise ann go raibh gaol ar leith idir Uí Fiodhghinte agus an Chorca Laidhe agus a gcolanna ceathrair, na Dáirine, rud a gcuirfeadh in iúl saol polaitiúil na Mumhan roimh na hEoghanachta. Tá an fhianaise seo le fáil sna luath-ghinealaigh ó 550 go 1130 (mar shampla Rawlinson B 502[38]) agus iad tiomnaithe ag Seán Ó hAirt sa 19ú haois.[34]

Tugtar ginealach Uí Fiodhghinte (Uí Chonaill Gabhra) do chlann Uí Laoghaire,[39] cé go meastar go hiondúil gur de mhuintir na Corca Laidhe iad.

Tagairtí sna hAnnála

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach Annála Inis Faithlinn (AIF) agus Leabhar Mhic Cárthaigh (LMC).

# Meán-Ghaeilge/Laidin Nua-Ghaeilge
AIF I635.1 Cath Cúile Óchtair eter h-Ú Fidginte & Aradu Cath Cúil Óchtair idir UÍ Fhidgeinte agus Araid.
AIF 649.2 Mors Crundmaíl meic Aeda, rig h-Ua Fidginte. Mors (bás) Crunnmaoil mhic Aodha, rí Uí Fiodhghinte.
AIF 683.1 Mors Donennai(ch), rig h-Ua Fidginte, & duineba[40] na macc. Mors Donennaigh, rí Uí Fiodhghinte, agus bás na mac. [AU 683, 684].
AIF 732.1 Mors Duib Indrecht m. Erca, ríg h-Ua Fidginte. Mors Duibh Indreachta mac Earca, rí Uí Fiodhghinte.
AIF 751.1 Mors Duib dia Bairend meic Aeda Róin, rí h-Ua Fidgente. Mors Duibh dá Bhairinn mhic Aodha Róin, rí Uí Fiodhghinte.
AIF 762.2 Mors Flaind m. Eirc, ríg h-Ua Fidginte. Mors Fhlainn mhic Eirc, rí Uí Fiodhghinte.
AIF I766.2 Maidm for Mael Dúin mc. Aeda i m-Bregaib re n-Uíb Fidginte & re n-Araib Cliach, .i. Enboth Breg. Maidhm ar Mael Dúin mac Aodha i mBreá le hUí Fiodhghinte agus Araid Cliach, i.e. Énboth Breg.
AIF 774.4 Mors Cind Foelad, ríg h-Ua Fidginte, ocus Rechtabra, ri Corcu Bascind. Mors Chinn Fhaoladh, rí Uí Fiodhghinte, agus Reachtabhra, rí Chorca Bascinn.
AIF 786.2 Mors Scandlain m. Laind m. Eircc, ri h-Ua Fidginti. Mors Scannláin mhic Fhlainn mhic Eirc, rí Uí Fiodhghinte.
I834.8 ? Dúnadach mac Scannláin, rí Uí Fiodhghinte, won a battle against the heathens, in which many fell.
I835.9 ? Death of Dúnadaigh mhic Scannláin, rí Uí Fiodhghinte.
I846.5 ? Niall mac Cinn Fhaoladh, rí Uí Fiodhghinte, dies.
I860.2 ? Aidh mac Dhuibh dá Bhairin, rí Uí Fiodhghinte, dies.
I906.4 ? Ciarmac, rí Uí Fiodhghinte, dies.
AIF 962.4 Mors Scandlain h-ui Riacain, rí h-Ua Fidginte. Mors Scannláin uí Riacáin, rí Uí Fiodhghinte.
I972.3 ? The capture of Mathgamain son of Cennétig, king of Caisel. He was treacherously seized by Donnuban and handed over to the son of Bran in violation of the guarantee and despite the interdiction of the elders of Mumu, and he was put to death by Bran's son.
974.0 ? Bás of Dhonnabhan mac Cathail, tiarna Uí Fiodhghinte.
AIF 977.3 Crech la Brian mc. Cennetich for h-U Fidginte coro la ar n-Gall and. Féach ag Brian mac Cinnéide ar Uí Fiodhghinte, agus rinne sé ár Gall ann.
I982.4 ? Uainide son of Dhonnabhán, king of Uí Chairpri, died.
AIF 1177.3 Coccad mór itir Tuadamain & Desamuin in hóc anno goro fássiged o Lumniuch co Corcaig & o Chlár Dairi Mór go Cnoc Brénain itir chill & túaith, go rancatar Í Mc. Caillai & U Liathain i n-iarthar h-Eren, & go rangatar Eoganacht Locha Léin go Férdrum i n-Uíb Echach, & go rangatar Chíarrigi Lúachra i Tuádamain, & go rangatar I Chonaill & Í Charbri go h-Eoganacht Locha Léin. Cogadh mór idir Tuamhan agus and Deasmhumhan, agus scriosadh ó Luimneach go Corcaigh agus ó Chlár and o Chlár Doire Mór go Cnoc Bréanáin, idir chill agus tuath, agus tháinig Uí Mhic Caille Uí Liatháin i n-iarthar na hÉirinn, agus tháinig Eoghanacht Locha Léin go Féardroim in Uí Eochach, agus tháinig Ciarraí Luachra i dTuamhan, agus tháinig Uí Chonaill agus Uí Chairpri go hEoghanacht Locha Léin.
LMC 1177.2 Cogadh mór broke out between Domhnall Mór Ó Briain and Diarmaid Mór Mac Carthaigh, and they laid waste from Limerick to Cork, and from Clár Doire Mhóir and Waterford to Cnoc Bréanainn, both church and lay property. The Uí Mac Caille fled southwards across the Lee into Uí Eachach, the Eóghanacht Locha Léin fled to Féardhruim in Uí Eachach, the Ciarraighe Luahra into Thomond, the Uí Chairbre, the Uí Chonaill, and the Uí Dhonnabháin into Eóghanacht Locha Léin, and to the country around Mangarta.

Craobh ghinealaigh

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaithe go príomhúil ar Rawlinson B 502:[41]

 
 
 
 
 
 
 
 
Dáire Cearba /
Maine Munchaín
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Fiach
 
Uí Liatháin
 
Uí Fiodhghinte
 
Uí Dedaid
 
Uí Duach Argetrois
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Criomhthann mac Fiaigh
 
Moingfhionn
 
Eochaidh Moghmheán
 
Caireann
 
 
 
 
 
 
ConnachtaUí Néill

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Aguisín le hAnnála na gCeithre Máistrí, eag. by John O'Donovan, lch. 2434
  2. O'Donovan 1856
  3. 3.0 3.1 3.2 Begley
  4. Mac Spealáin 1960
  5. Mac Spealáin 2004
  6. MacCarthaigs Book, 1177.2
  7. eag. Meyer 1901
  8. An Leabhar Muimhneach
  9. O'Hart, ll. 183–85
  10. Cusack, lch. 6 ff
  11. Coogan, ll. 5–6
  12. O'Hart
  13. Coogan, Tim Pat (2002). "Michael Collins: The Man Who Made Ireland": 5–6. Palgrave Macmillan. 
  14. Byrne, passim; Charles-Edwards, passim
  15. Westropp, Ancient Churches in Co. Limerick, ll. 332-333
  16. Lewis, Topographical Dictionary, faoin ainm Mahonagh
  17. "Genealogical Memoir of the O'Donovans, formerly Kings of Ui Fidgheinte", C. L. Nono & Son, Printers and Stationers Inis, Co. an Chláir, Éire 1902
  18. Stokes 1887, ll. 202–5
  19. Byrne 2001, lch. 243
  20. Ó Coileáin 1981, lch. 133
  21. FitzPatrick
  22. lch. 123
  23. Begley, 1906
  24. name="Begley 1906"
  25. Joyce 1903, iml. II, ll. 101–2
  26. [1] ar logainm.ie
  27. FitzPatrick 2004, ll. 131–2
  28. Gógan, 1932
  29. Begley, 1906
  30. Aguisín le hAnnála na gCeithre Máistrí, eag. John O'Donovan, lch. 2432
  31. Meyer, 1901
  32. Byrne 2001, lch. 178
  33. Todd, 1867
  34. 34.0 34.1 34.2 O'Hart, 1892
  35. Annála Inis Faithlinn 1177.4
  36. Annála Inis Faithlinn 1189.3
  37. The Kingdom of Thomond le Dennis Walsh
  38. féach Ó Corráin (eag.), 1997
  39. O'Leary of Uí Fidgenti (Ó hAirt, 1892)
  40. duineba, básmhaireacht, ar eDIL
  41. Ó Corráin (eag.), 1997, lch. 195 (176)