Cambra-Normannach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is Cambra-Normannach ann ná téarma a úsáidfear chun tagairt shainráite a dhéanamh do na ridirí Normannacha a lonnaigh i ndeisceart na Breataine Bige tar éis concas na Normannach ar Shasana sa bhliain 1066. Tugann roinnt staraithe le fios go bhfuil an téarma níos fearr ná an téarma Angla-Normannach do na Normannaigh a rinne ionradh ar Éirinn tar éis 1170 - cuid mhaith acu ón Bhreatain Bheag i dtosach.[1]

Is é an sampla is suntasaí ná Risteárd de Clare, ar a raibh tailte aige sa Bhreatain Bheag, dírithe ar Phembróc (Breatnais: Penfro) agus a bhí i gceannas ar ionradh na Normannach ar Éirinn.

Chomh maith le tiarnaí Chambra-Normannacha den sórt sin, ba theaghlaigh dhúchasacha de chuid na Breataine Bige iad cuid de na teaghlaigh is mó le rá in Éirinn, lena n-áirítear Breatnach (Béarla: Walsh), Seoige (Béarla: Joyce) agus Ó Gríobhtha (Béarla: Griffith), a tháinig le ionradh na Normannach. Bhí sloinnte Breatnacha eile ar nós Taaffe a tháinig ag an am seo freisin thar a bheith tábhachtach i measc phobal na Páile.

Mar sin féin, is dócha gurb é Mac Gearailt (Béarla: FitzGerald), ar a dtugtar Gael-Normannach comh maith, an sloinne is aithnidiúila.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. Bradley,, John; Francis X. Martin (1988). "Settlement and society in medieval Ireland: studies presented to F.X. Martin" 2 of Irish studies: 193. Boethius Press,. Retrieved on 07/11/09. 

Naisc sheachtracha[athraigh | athraigh vicithéacs]