Máel Muad mac Brain
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 10 haois |
Bás | 978 |
Rí na Mumhan | |
959 – 978 ← Donnchad mac Cellacháin – Íomhair Luimnigh, Mathgamain mac Cennétig → | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | rí |
Teaghlach | |
Teaghlach | Eoghanachta |
Páiste | Cian mac Máelmuaid |
Rí na Mumhan ba ea Maol Muadh mac Brain (Meán-Ghaeilge Máel Muad mac Brain) (bás 978), ón mbliain 959 b'fhéidir,[1] é sin nó 963, go dtí c. 970, nuair a chuir b'fhéidir Mathúin mac Cinnéide den Dál gCais as a gcoróin é. Sa bhliain 976, mharaigh sé Mathúin agus tháinig sé ar ais i gcoróin. Idir an dá linn, luaitear é sna foinsí mar rí na Deasmhumhan, ach bhíodh sé "i bhfreasúra" Mhathúna i rith a shaoil. Maraíodh é féin ag Cath Bealach Leachta i gcoinne deartháir Mhathúna, Brian Bóramha, sa bhliain 978.
Ba é Donnabhán mac Cathail príomh-chomhghuaillí Mhaoil Muadha sa Mhumhan, agus a bhuíochas dó go raibh a réimeas aige. De réir an dréachta, Cogad Gáedel re Gallaib, bhí comhaontas aige fosta le hÍomhar Luimnigh, a bhí b'fhéidir féin go sealadach ina rí na Mumhan.
Ba bhall d'Uí Echach Muman nó Eoghanacht Raithlinn é Maol Muadh agus is sinsear é de chlann Uí Mhathúna.
Dlúthchara Bhriain ba ea a mhac Cian, a bhí pósta dar le foinsí níos deireanaí lena iníon, Sadhbh.
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Green, Alice Stopford, History of the Irish State to 1014. Londain: Macmillan. 1925.
- Ó Corráin, Donnchadh, Ireland Before the Normans. Gill and Macmillan. 1972.
- O'Donovan, John (eag. & aistr.), Annála na gCeithre Máistrí. 7 iml. Baile Átha Cliath: Acadamh Ríoga na hÉireann. 1848–51. 2a heagrán, 1856.
- O'Mahony, John, "A History of the O'Mahony septs of Kinelmeky and Ivagha", in Journal of the Cork Historical and Archaeological Society, iml. 12–16, 2a Sraith. 1906–1910.
- Ó Murchadha, Diarmuid, Family Names of County Cork. Corcaigh: The Collins Press. 2a heagrán, 1996.
- Todd, James Henthorn (eag. & aistr.). Cogadh Gaedhel re Gallaibh: The War of the Gaedhil with the Gaill. Londain: Longmans. 1867.
- Annála Inis Faithlinn
- O'Brien, John agus John Conry, Annála Inis Faithlinn as Áth Cliath (féach O'Donovan)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Green, lch. 362