Mathgamain mac Cennétig

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMathgamain mac Cennétig
Beathaisnéis
Breithluach anaithnid
Bás976
Rí na Mumhan
970 – 976
← Donnchad mac Cellacháin, Íomhair LuimnighBrian Bóramha → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairm Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairCennétig mac Lorcáin  agus Bébhinn ní Urchadha
Dúnmharú fealltach Mhathúna ag Donnabhán.

Rí na Mumhan ba ea Mathúin mac Cinnéide (Meán-Ghaeilge Mathgamain mac Cennétig. Bhí sé i réim ón mbliain 970 go dtí a bhás sa bhliain 976. Deartháir is sine de Bhrian Bóramha ba ea é.

Cennétig mac Lorcáin den Dál gCais ba ea athair Mathúin. Fuair a athair bás sa bhliain 951. Glaoitear rí Thuamhumhan air ina thásc. Is amhlaidh gur tháinig Lachtna, deartháir Mhathúna, i gcoróin ansin. Maraíodh é áfach sa bhliain 953 ag clanna comhraic an Dáol Chais (Uí Fhloinn agus Uí Chearnaigh). Tháinig Mathúin i gcomharbacht ar a dheartháir.

Sa bhliain 967, glaoitear "rí Chaisil" ar Mathúin i nAnnála Uladh. Creidtear ámh nach ndearnadh rí na Mumhan de go dtí an bhliain 970 nó Behan ina dhiaidh sin, nuair a chuir sé Maol Muadh mac Brain as a choróin. Sa bhliain 967, chloígh Mathúin Íomhar Luimnigh ag Cath cáiliúil Shulchódach, tar éis ruathar i gcríocha Uí Fiodhghinte isteach sa bhliain 964.

De réir an chuir síos is coitianta, d'éag Mathúin sa bhliain 976 tar éis dó Donnabhán mac Cathail, tiarna Uí Fidgenti, céilí comhraic an Dáil Chais. Thug Donnabhán ar láimh é dá chomhghuaillí is cumhachtaí, Maol Muadh mac Brain, iar-rí na Mumhan, a rinne Mathúin a mharú. Ní ghlacann cách leis an gcur síos seo, ámh; dar le foinsí eile, rinne a mhuintir féin feall air.[1]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • "Annals of Ulster AD 431-1201". CELT: Corpus of Electronic Texts. Dáta rochtana: 24ú Deireadh Fómhair 2007.
  • Byrne, Francis John, Irish Kings and High-Kings. Batsford, Londain, 1973; ISBN 0-7134-5882-8
  • Máire Ní Mhaonaigh, "Cogad Gáedel Re Gallaib" and the Annals: A Comparison, Ériu, Iml. 47 (1996), ll. 101-126.
  • Duffy, Seán (2004). "Brian Bóruma [Brian Boru (c. 941–1014)]". Oxford Dictionary of National Biography. Dáta rochtana: 22ú Deireadh Fómhair 2007.
  • Thornton, David E., "The genealogy of Gruffud ap Cynan" in Maund, Kerry L. (eag.), Gruffudd Ap Cynan: A Collaborative Biography. Boydell & Brewer, Woodbridge, 1996; ISBN 0-85115-389-5

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Genealogical Memoir of the O'Donovans Curtha i gcartlann 2020-10-21 ar an Wayback Machine, donovanites.org, dátarochtana 11d Lúnasa 2017.