Íomhar Luimnigh
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | luach anaithnid |
| Bás | 977 Inis Cathaigh |
| Rí na Mumhan | |
| 970 – 977 ← Donnchad mac Cellacháin, Máel Muad mac Brain – Mathgamain mac Cennétig, Brian Bóramha → | |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | monarc |
| Tréimhse ama | Glúin an 10ú aois |
| Gairm mhíleata | |
| Coinbhleacht | Cath Shulchóid |
| Teaghlach | |
| Teaghlach | Uí Íomhair |
| Páiste | Aralt mac Ímair |
Rí Lochlannach deireanach chathairstát Luimnigh, agus rí leathdheireanach 'Ghaill na Mumhan', ba ea Íomhar Luimnigh (Meán-Ghaeilge Ímar Luimnich; Sean-Ioruais Ívarr) (bás 977). Tháinig sé i gcoróin idir titim na nEoghanacht agus teacht i réim an Dáil Chais.
Trína chuid iarrachtaí arís is arís eile um a údarás a dhearbhú i Luimneach agus sa cheantar ina thimpeall, agus b'fhéidir sa Mhumhain féin, thuill sé ardról mar chéile comhraic sa chéad chuid den dréacht den luath-12ú haois, Cogad Gáedel re Gallaib. Namhaid Mhathúna mhic Cinnéide, éilitheoir ar an teideal Rí na Mumhan ba ea é, agus in ann trátha a dheartháir níos óige is níos cáiliúla agus comharba, Brian Bóramha.[1]
De réir Cogad Gáedel re Gallaib, d'éirigh le hÍomhar é féin a shocrú mar rí Mhumhan ar feadh tréimhse sna 960idí,[2] go dtí gur cloíodh é i gCath Sulchóid sa bhliain 968, ach is amhrasach é seo mar fhíorstair, dar le scoláirí. Is amhlaidh gur tháinig sé ar ais ach bliain nó dhó ina dhiaidh sin agus bhain sé cáil éigin amach.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol na staire é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |