Déisi Muman

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Dream de chuid na nDéis ba ea Déise Mumhan (Sean-Ghaeilge Déisi Muman) nó Déise Deiscirt. Bhí a ndóthain chumhachta acu chun a bhfo-féin a chruthú, suite i bPort Láirge i ríocht na Mumhan, ó am éigin luath. Tá inscríbhinní Oghaim ann sa cheantar a théann siar b'fhéidir go dtí an cúigiú haois, ar a bhfuil scríofa orthu as Gaeilge Chianach ainmneacha uathúla dá ríthe.[1]

Eoghanachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá roinnt fianaise ann in inscríbhinní Oghaim gur tháinig na hEoghanachta agus a ngéillsinigh, na Déise Mumhan, go hÉirinn as an nGaill ach le sách déanaí.[2] Is eol go fosta raibh sinsir na nEoghanacht, aitheanta mar na Deirgtine, gníomhach sa Bhreatain Rómhánach. Mar fhianaise, cuirtear ainm a bpríomhchathair Caiseal i láthair, spreagtha a mheastar as castella Rómhánacha a chonaic siad ar ruathair.[3]

Is dóigh go raibh stádas ar leith ag na Déise Mumhan sa ríocht muid deireanaí faoi cheannas na nEoghanacht. Thug Eoin Mac Néill faigh ndeara go bhfuil roinnt ainmneacha na Eoghanacht le feiceáil ar chlocha oghaim i ndúiche na nDéis i bPort Láirge, ina measc, Nia Segamain (NETASEGAMONAS), as Dia na nGallach, Segomo.[4] De réir Mhic Néill, ní féidir Déise Phort Láirge agus na hEoghanachta ag Caiseal a scaradh óna chéile.[5]

Uí Liatháin agus Laigin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Comharsana taobh thiar desna Déise Mumhan ba ea clann Uí Liatháin. Bhíodh ruathair á dhéanamh acu ar an mBreatain Bheag agus ar Chorn na Breataine Cornwall, agus lonnaigh siad ann. Is iad na lonnaitheoirí as deisceart Éireann a bhfuil an t-eolas is mó againn fúthu, a bhuí le tagairtí i bhfoinsí idir Gaelacha agus Briotanacha, cé nach bhfuiltear in ann láithreach na Déise Mumhan a dheimhniú. Feictear Uí Liatháin i Sanas Cormaic agus in Historia Brittonum (ch. 14) araon; cé nach ndéantar trácht ar na Déise ach an oiread sna foinsí úd.[6]

Pléann go mion Mac Néill eachtraí Uí Liatháin, ag cur ginealach idir Breatnach agus Gaelach i gcomparáid, ó thaobh rítheaghlach níos deireanaí Brycheiniog de. Molann sé gurbh fho-lonnuithe na nDéis a bheadh ann é sular chuir mic Cunedda an ruaig ar Uí Liatháin.[7]

Feictear freisin na Laigin agus iad gníomhach sa cheantar, i dtuaisceart na Breataine Bige ach go háirithe.[8]

mion
mion

Tairired na nDéssi[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugtar sa bhréagstair Tairired na nDéssi ginealach ríoga ficseanúil ag Teamhraigh dosna Déise, chun a mbunúis bhochta a cheilt.[9][10]

Insítear gur cuireadh an ruaig ar Dál Fiachrach Suighe as Teamhraigh ag a ngaol, Cormac mac Airt, agus go ndeachaigh siad gan dídean ag fánaíocht. Tar éis imirce ó dheas agus go leor cathanna, lonnaigh cuid dóibh i ndeireadh na dála sa Mumhain. Chuaigh cuid eile acu, faoi cheannas Eochadha Allmara mhic Airt Choirb, thar lear chuig an mBreatain Bheag, áit a bhunaigh a mhuintir, a deirtear, ríocht Dyfed, iar-chríocha Demetarum.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. MacCotter 2008, lch. 245.
  2. Byrne 2001, lch. 72.
  3. Byrne 2001, ll. 72, 184.
  4. Byrne 2001, lch. 182
  5. MacNeill 1911, lch. 73
  6. Charles-Edwards, lch. 163.
  7. Mac Néill 1926, ll. 128-32
  8. Ó Corráin 2001, lch. 6
  9. Meyer, ll. 101–135.
  10. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named OCathasaigh