Caithréim Chellacháin Chaisil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Dréacht bréagstairiúil Gaelach den 12ú haois is ea Caithréim Chellacháin Chaisil.[n 1] Scríobhadh é is dócha am éigin idir 1127 and 1134,[n 2] árna coimisiúnaithe ag Cormac Mac Carthaigh, rí na Mumhan agus éilitheoir ar theideal Ard-Rí na hÉireann.

Is beathaisnéis shinsear Chormaic den 10ú haois, Ceallachán Caisil, é an scéal seo de réir dealraimh, ach le fírinne is dréacht bolscaireachta é.[1] Scríobhadh é mar aisfhreagra Eoghanacht ar an gcroinic Cogad Gáedel re Gallaib leis an Dál gCais/Uí Bhriain, ach ag tabhairt an chúrsaí reatha pholaitiúil le fios ina bhfuil na hiar-chéilí comhraic úd anois ina gcomhghuaillithe in aghaidh Thoirdhealbhaigh Uí Chonchúir, le béim ar leith ar chomhar idir Ceallachán Caisil agus Cinnéide mac Lorcáin in éadan a gcomh-namhaid, na Lochlannaigh.[2]

Caomhnaítear cóip den scéal i Leabhar Leasa Mhóir, chomh maith le roinnt lámhscríbhinní eile.[3] Foilsíodh an t-eagrán is déanaí ag Alexander Bugge sa bhliain 1905, bunaithe are an téacs le fáil i Leabhar Leasa Mhóir agus R.I.A. 23 H 18 (707), le leaganacha criticiúla ó Egerton 106 luaite anois is arís.[3]

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Deir Donnchadh Ó Corráin gur thug Eugene O'Curry an teideal seo don scéal agus é á thras-scríobhadh. Níl teideal ar bith air sa chóip is luaite i Leabhar Leasa Mhóir. Faightear teidil éagsúla don scéal i lámhscríbhinní níos déanaí, ina roinntear an scéal de ghnáth ina dhá leath, faoi theidil Cathughadh Ceallachain re Lochlannuibh agus Toruigheacht na tTaoiseach air Cheallachain (Ó Corráin, 'Caithréim' lch. 1 (fn 1))
  2. De réir Chaoimhín Breatnaigh (lch. 222), is amhlaidh gur scríobhadh é idir 1127 agus 1134, agus Letitia Campbell (lch. 288), idir 1128 agus 1131.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Breatnach, Caoimhín (2005). "Historical tales" Medieval Ireland. An Encyclopedia: 221–222.. 
  • Campbell, Letitia (2005). "Mac Carthaig, Cormac (fl. 1138)" Medieval Ireland. An Encyclopedia: 288–289. 
  • Flanagan, Marie Therese (2008). "Prehistoric and Early Ireland" I: 899–933. Oxford: Oxford University Press. 
  • Ó Corráin, Donnchad. "Caithréim Chellacháin Chaisil: History or Propaganda?". Ériu 25: 1–69. Acadamh Ríoga na hÉireann. JSTOR 30008432. 

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Campbell, lch. 288
  2. Flanagan, lch. 919
  3. 3.0 3.1 Ó Corráin, ll.1–3