Éile
Tuath na meánaoise ab ea Éile (Sean-Ghaeilge: Éli, go minic Ely as Béarla), suite i ndeisceart Uíbh Fhailí agus cuid de thuaisceart Tiobraid Árann an lae inniu.
Achoimre
[cuir in eagar | athraigh foinse]Mhaígh an chlann Éile gur de shliocht Céin iad, mar atá Cian mac níos óige Ailealla Óloim agus deartháir Eoghain Mhóir, agus dá bharr gaolta leis na hEoghanachta. Moladh gurbh Laighneach iad na hÉile ó dhúchais,[1] agus go raibh siad b'fhéidir ina ríthe Caisil roimh theacht i gceannas na nEoghanacht. Cuirtear amhlaidh in iúl i seanscéalta a mbunús 'sacu,[2][3] mar shampla Senchas Fagbála Caisil.
Bhí teorannacha ag Éile le Ríocht na Mí ó thuaidh, Caiseal ó dheas agus Osraí ar an taobh thoir. Le teacht an 12ú haois, míle bliain ina dhiaidh, bhí sé i bhfad níos lú.
Bhí Éile roinnte ina dhá leath, sa tuaisceart Éile Uí Chearbhaill, agus sa deisceart Éile Uí Fhogartaigh. D'fhéadfadh gur chlann éagsúil iad Uí Fhogartaigh, Dál gCais b'fhéidir,[4] sin nó gaolta ab ea an dá chlann i ndáiríre, ach faoi thionchar pholaitíochta na dtuaithe, rinne ginealeolaithe ceangail eatarthu agus rítheaghlaigh áitiúla éagsúla. Molann John O'Hart gur sinsear Uíbh Fhogartaigh ab ea Foghartach mac Néill.[5]
Bhí an teorainn idir Éile Uí Chearbhaill agus Ríocht ársa na Mí ar chomhchríoch leis sin idir deoise Cill Dalua agus deoise na Mí. Bhí Éile Uí Chearbhaill suite sa chuid de Chontae Uíbh Fhailí atá i ndeoise Cill Dalua was Ely O'Carroll, agus sa Mhumhain ó thús.
Bhí Éile Uí Fhógarta ó thús sa Mhumhain fosta, agus tá barúntachtaí Uí Chairín agus Éile Uí Fhógarta anois i gContae Thiobraid Árann. Tá cuid de suite anois ámh i mbarúntachtaí Cluain Leisc agus Baile an Bhriotaigh i gContae Uíbh Fhailí. Tar éis concas na Normannach, cuireadh na barúntachtaí seo le contaetha palaitíneacha Iarlaí Ormhumhan. Fágadh na tiarnaí dúchasacha, Uí Mheachair agus Uí Fhógarta, i gceannas a gcuid tailte, ach b'éigean dóibh cáin a íoc don iarla.[6]
An Domhan Nua
[cuir in eagar | athraigh foinse]Maireann tiarnaí Uí Chearbhaill fós sa lá atá inniu ann sa Carroll family iomráiteach as Maryland sna Stáit Aontaithe.[7]. Sínitheoir Fhorógra Saoirse Mheiriceá ab ea Charles Carroll as Carrollton. Tá a chlann cónaithe in Doughoregan Manor le dhá aois anuas. Bhí Charles Carroll the Barrister, gaolta i bhfad amach, síolraithe ó thiarnaí déanacha Éile. Bhí cónaí air i Mount Clare, Maryland.
Tagairtí sna hAnnála
[cuir in eagar | athraigh foinse]IF=Annála Inis Faithlinn; LC=Annála Loch Cé; M=Annála na gCeithre Máistrí; CS=Chronicon Scotorum; U=Annála Uladh
# | Meán-Ghaeilge Laidin |
NuaGhaeilge |
---|---|---|
571 | The battle of Tola, by Fiachna, son of Baedan, son of Cairell, against the people of Osraighe and Eile; and they were defeated. Tola is the name of a plain situated between Cluain Fearta Molua and Saighir. | |
IF670 | Mors Forchellaich, ri Héle | Mors (bás) Fhorcheallaigh, rí Éile. |
707 | The battle of Dola, in Magh Ele, where Leathlobhar, son of Eochaidh, Cu Allaidh, and Cu Dinaisc, were slain. | |
IF744.1 | Mors Ardgail, rí Éle. | Mors Ardgail, rí Éile. |
M757 T762 |
Fogartach, mac Eathach, tigherna h-Ele. Fógartach rí Ele moritur. |
Fuair Fógartach mac Eathach, tiarna/rí Éile, bás. |
M847.14 | Tuathal, mac Ceallaigh, tighearna Ele, d'écc. | Tuathal, mac Ceallaigh, tiarna Éile, d'éag. |
874 | Donnchadh, son of Maelseachlainn, was mortally wounded by the Eili. | |
888 | A battle was gained over the Eili by Maelguala and the men of Munster, at Caiseal, in which many noble youths were slain. | |
900 | A battle was gained by Ceallach, son of Cearbhall, and by the Osraí, over the Eili and the Muscraighi, in which fell one hundred and ten persons, among whom was Techtegan, son of Uamnachan, lord of Eili, and many others of distinction. | |
M903.9 | Cnáimheini, mac Maenaigh, tighearna Ele, d'ég. | Cnáimheini, mac Maonaigh, tiarna Éile, d'éag. |
M975.9 | Seachnasach mac h-Iruaidh tigherna Eile do mharbhadh. | Seachnasach mac hIruaidh, tiarna Éile, do mharú. |
c. 1000 | Cearball mac Dublaidhe Duind appears king of Éile in MacLiacc poem 'Siath righ Gaela, glantar hi!' | |
IF1022 | Bás Gillai Phatra(ic) m. Cerbaill, rí h-Ele. | Bás Giolla Phádraic Mac Cearbhaill, rí Éile. |
1023 | Tadhg, mac Briain, mic Cindeittigh, do mharbhadh do Eilibh i fiull, iar na eráil dia bhrathair féin do Dhonnchadh, forrae. | |
IF1028.7 | Bás h-Uí Dubchroin, rí h-Ele. | Bás Uí Dubhchróin, rí Éile. |
LC1033.4 | Aimergin .H. Cerbhaill, ri Eli, & Cu Mhuman mac Ruaidri h-I Cedfadha, mortui sunt. | Amhairghin Ó Cearbhaill, rí Eile, ..., d'éag. |
LC1033.5 | Maidhm lé h-Ele, i torcradar[8] Braon h-Ua Cleirigh, & Muiredach mac mic Gilla Padraig, et alii multi. | Maidhm ag Éile, inar maraíodh Braon Ó Cléirigh, agus Muireadach Mac Giolla Phádraig, et alii multi. |
U1033.6 | Maidm iter Eile i torcair Braen H. Cleiridh & Muiredach m. m. Gilla Patraicc & alii multi. | Maidhm idir Éile inar maraíodh Braon Ó Cléirigh agus Muireadach Uí Giolla Phádraig agus alii multi |
IF1033.13 | Bróen h-Ua Clérich, rí h-Eli, do marbad. | Braon Ua Cléirigh, rí Éile, do mharú |
M1050.13 | Maol Ruanaidh, mac Con Cóirne, tigherna Ele, do mharbhadh dia mhuintir fén. | Maol Ruanaí, nach Con Cóirne, tiarna Éile, do mharú dá mhuintir féin. |
LC1050.1 | Maol Ruanaid .H. Concoirne, rí Ele; Donnchad mac Gilla Fhaoláin, rí .H. b-Failghe, occisi sunt. | Maol Ruanaidh Uí Chon Coirne, rí Éile, ..., d'éag. |
U1050.1 | Mael Ruanaid m. Con Choirne ri Eile, Donnchad m. Gilla Fhaelan ri H. Failghi, occisi sunt. | Maol Ruanaí Mc Con Choirne, rí Éile, do mharú (ag a mhuintir féin). |
LC1058.3 | Maidhm ..., Ríbhardan mac Concoirne, rí Ele, ... | Maidhm ..., Ríbhardán mac Con Coirne, rí Éile. |
M1071.5 | Mac Righbhardan mac Con Choirne, tigherna Ele, do mharbhadh a c-cath ... | Mac Ríbhardáin, mac Con Cóirne, rí Éile, do mharú i gcath ... |
M1072.6 | h-Ua Fócarta, tigherna Éle do marbhadh lá h-ua m-Briain. | Ó Fógartaigh, tiarna Éile, do mharú ag Ó Briain. |
IF1071.4 | Mc. Rígbartáin, rí Éle, do marbad. | Mac Ríbhardáin, rí Éile, do mharú |
M1121.12 | Ríghbhardán, mac Con Choirne, tighearna Ele do écc. | Ríbhardán, mac Con Choirne, tiarna Éile d'éag. |
M1145.20 | Fionn Ua Cearbhaill, tanaisi Ele, do mharbhadh. | Fionn Ó Cearbhaill, tánaiste Éile, do mharú. |
M1152.13 | Domhnall mac Ríoghbhardáin Uí Cherbhaill, tigherna Ele, do mharbhadh la mac An Chos Fhada Uí Cearbhaill | Domhnall, mac Ríbhardáin, tiarna Éile, do mharú ag mac An Chos Fhada Uí Chearbhaill. |
IF1058.4 | Tairdelbach h-Ua Briain do thabairt m. Maíl na m-Bó & Laigen & Osraige & Gall laiss do insaigid ar mc. m-Briain coro loiscset ermór na Machare co Luimnech & ro loiscset fir Muman fein Luimnech ar omun ind lochta aile dia loscud, & tucad debaid dóib oc intúd[9] doib as coro marbad h-uathad[10] dibsom & sochaide do feraib Muma(n) im h-Ua Lígda, airchinnech Imlecha Ibair, & im macc Con Chorne, rí h-Éle, & im h-Ua Gébennaich, rí na Désse Bice. | Thug Tairdhealbhach Ó Briain mac Maoil na mBó, agus Laighin, Osraí, agus gaill leis chun ionsú ar mhac Bhriain, agus loisceadar cuid mhór den Mhachaire go Luimneach. Agus loisc fir na Mumhan féin Luimnneach le nára loisce eile é, agus tugadh deabhaidh[11] dóibh agus iad ag tiontú dóibh as, agus maraíodh roinnt dóibh eile agus sochaí d'fhir na Mumhan, ann Ó Lía, airchinneach[12] Imligh Iúir, mac Con Choirne, rí Éile, agus Ó Géibheannaigh, rí na Déise Bige. |
M1163.11 | Mac Find Ui Cherbhaill, tigherna Ele Tuaisceirt, do mharbhadh lá Domhnall, mac Toirrdhealbhaigh | Mac Fhionn Uí Chearbhaill, tiarna Éile Tuaiscirt, do mharú ag Domhnall, mac Toirdhealbhaigh. |
M1174.6 | Ruaidhri Ua Cearbhaill tighearna Ele do mharbhadh ar lár Innsi Clothrann. | 'Ruairí Ó Cearbhaill, tiarna Éile, do mharú i lár Inis Clothrann. |
IF1174 | Sluaged la Gallaib Glassa gu tancatar i h-Eli coro tinolastar Domnall Ua Briain & Tuadmumu gu Durlus U Fócarta coro cuired cath eturu coro maid ar Gallaib Glassa in cath in quo .dcc. l^ paulo plus ceciderunt. | Slua de Ghallaibh Glasa a tháinig i nÉile. Thionólaigh Domhnall Ó Briain agus Tuadjmhumha [ina gcoinne] ag Durlas Uí Fhógartaigh, agus cuireadh cath eatarthu, inar cloíodh na Gaill Ghlasa, 700 nó beagán níos mó maraithe. |
M1205.5 | Mac Guillbhealaigh Uí Cherbhaill tigherna Éle do mharbhadh lá Gallaib | Mac Guillbhealaigh Uí Chearbhaill, tiarna Éile, do mharú ag Gallaibh [Sasanaigh] |
CS1318 | A great victory was gained over the English in Ely, by O'Carroll; and Adam Mares and many other Englishmen were slain. | |
CS1399 | Tadc O Cerbaill, king of Ely, was captured by the Earl of Ormond this year. | |
M1432.20 | Coccadh mor eitir ó c-Cerbaill tighearna Éle & Iarla Urmumhan. An t-Iarla do thecht i n-Élibh go sluagh mór imaille fris. An tír do mhilleadh, & da chaislén Ui Cearbaill do briseadh lais. | Cogadh mór idir Ó Cearbhaill, tiarna Éile, agus Iarla Urmhumhan. An t-Iarla do theacht i nÉile le slua mór. An tír do mhilleadh, agus dhá chaisleán Ui Chearbhaill leis. |
M1443.6 | Maol Ruanaidh mac Taidhg Ui Cherbhaill tigherna Éle d'écc. | Maol Ruanaí Mac Tadhg Uí Chearbhaill, tiarna Éile, d'éag |
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Eliogarty, barony in North Tipperary
- Ikerrin, barony in North Tipperary
- Durlas, stronghold of the O'Fogartys
- Ricamil, an O'Carroll site
- Birr Castle
- Leap Castle
- Crónán of Roscrea
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Francis John Byrne. Irish Kings and High-Kings. Four Courts Press. 2nd revised edition, 2001.
- Thomas Charles-Edwards. Early Christian Ireland. Cambridge. 2000.
- Ronald Hoffman and Sally D. Mason. Princes of Ireland, Planters of Maryland: A Carroll Saga, 1500–1782. Chapel Hill: University of North Carolina Press. 2000.
- John Gleeson. History of the Ely O'Carroll Territory of Ancient Ormond. Dublin. 1915.
- Paul MacCotter. Medieval Ireland: Territorial, Political and Economic Divisions. Four Courts Press. 2008.
- Donnchadh Ó Corráin (ed.). Genealogies from Rawlinson B 502. University College, Cork: Corpus of Electronic Texts. 1997.
- John O'Hart. Irish Pedigrees. Dublin: James Duffy and Co. 5th edition, 1892.
- Ely Carroll Map Curtha i gcartlann 2019-06-24 ar an Wayback Machine.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Byrne, ll. 133, 180-1
- ↑ Charles-Edwards, lch. 546
- ↑ MacCotter, lch. 212
- ↑ Tuadmumu, The Kingdom of Thomond by Dennis Walsh
- ↑ O'Hart, lch. 454
- ↑ Leabhar na gCeart, ll. 78, 79, nóta i.
- ↑ Hoffman and Mason
- ↑ 1 do-tuit, tit, le ciall maraítear, ar eDIL
- ↑ intúd, tiontú, ar eDIL
- ↑ uathadh, roinnt, líon beag, ar teanglann.ie
- ↑ deabhaidh, troid, ar teanglann.ie
- ↑ airchinneach, giolla oidhreachtúil tailte eaglaise, ar teanglann.ie FGB