Cearbhall mac Dúnlainge
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | luach anaithnid |
Bás | 888 (Féilire Ghréagóra) |
Áit adhlactha | Saighir |
Ríthe na nOsraí | |
842 – 888 ← Dúngal mac Fergaile – Riacán mac Dúnlainge → | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Tréimhse ama | Glúin an 9ú aois |
Teaghlach | |
Páiste | Cellach mac Cerbaill, Eithne ingen Cerbaill, Mór ingen Cearbhaill, Diarmait mac Cerbaill, Rafertach ingen Cearbhaill (en) |
Athair | Dúngal mac Fergaile |
Siblín | Riacán mac Dúnlainge |
Rí na nOsraí de rítheaghlach Dhál Bhirn ba ea Cearbhall mac Dúnlainge nó scataí Dúnghaile (Sean-Ghaeilge Cerball mac Dúnlainge, Dúngaile) (bás 888). Bhí sé i réim ón mbliain 842 go dtí a bhás sa bhliain 888.
Dúngal mac Fergaile, iar-rí, ba ea athair Chearbhaill. Tháinig sé chun cinn tar éis bhás Fheilimí mhic Criomhthainn, rí na Mumhan, sa bhliain 847. Bhíodh Osraí faoi smacht ríthe Eoghanacht na Mumhan, ach tháinig sraith ríthe laige mar chomharbaí ar Fheilimí, arbh éigean dóibh dul i ngleic le hionsaithe Lochlannach ón muir. Dúradh mar thoradh go raibh Cearbhall sa dara háit mar rí cumhachtach sa tír.[1] Tháinig a dheartháir Riagán mac Dúnlainge i gcomharbacht air.
Aithnítear le Cearbhall Kjarvalr Írakonungr (Cearbhall rí Éireann), pearsa a fheictear sna ságaí Ioruacha mar shinsear roinnt teaghlach na hÍoslainne.[2]
Beatha Cearbhaill
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tuath Osraí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar cheann de tuairim is 150 tuath a bhíodh i nÉirinn tráth ba ea ríocht Osraí. Ar an meán, críocha beaga a bhí ann i dtuath, timpeall 500 ciliméadar cearnach, agus daonra trí ní ceithre mhíle. Tuath mhór as an ngnáth ba ea Osraí, 2000 ciliméadar cearnach i n-achar trasna na Bearú i gcontaetha of Cill Chainnigh, Laoise agus Uíbh Fhailí an lae inniu, ar chomhtheorainn le Deoise Osraí.[3][4][5]
Agus Cearbhall Óg, bhíodh Osraí mar chuid de ríocht na Mumhan, faoi cheannas na nEoghanacht as Caiseal. Taobh thoir den chúige a bhíodh Osraí, ag roinnt teorann le ríocht na Laigean. Ar feadh tréimhse sa seachtú haois bhí deisceart Osraí bhí cheannas Corcu Loígde, ríthe na Mumhan roimh thrácht na nEoghanacht. Dar leis an téacs Frithfolad Muman,[6] bhí na hOsraí féin ina ríthe Mumhan tráth. Is léir ón téacs gur dhream cumhachtach a bhí ann, cé go raibh a lá thart.[7]
Ré na Lochlannach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí saol Chearbhaill ar chomhaois le chéad ré na Lochlannach i nÉirinn, agus luaitear é go suntasach i bhfoinsí Lochlannacha níos deireanaí. Insítear i Landnámabók na hÍoslainne go raibh Cearbhall (Kjarvalur) ina cheannaire Áth Cliath agus Iarla Inse Orc.
Cé gur threo an-chuid ríochtaí sa Bhreatain - Anglia Thoir, Fortriu, Mercia agus Northumbria — faoi bhrú na gcreachadóirí Lochlannacha, d'fhás a thionchar i nÉirinn de réir a chéile. Sa chéad leath den naoú haois, tháinig creachadóirí i mbuíonta beaga, ag méadú faoi cheannairí amhail is Tuirgéis sna 840í, agus Amhlaoibh agus Íomhar sna 850í.
Bhí na Lochlannaigh idir ina gcéilí comhraic agus ina gcomhghuaillithe Chearbhaill agus ríthe Éireannacha eile. I ndeireadh na dála, d'athródh na 'Gall-Ghaeil' saol polaitiúil na tíre, agus baile trádála bunaithe acu, ach ní fhacthas tionchar siúd ach go dtí na deichiú agus aonú haoiseanna déag seachas an naoú.
Teacht i réim
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig Cearbhall i gcomharbacht ar a athair, Dúngal mac Fergaile mar rí Osraí sa bhliain 842.[8][9] Ag an am seo, bhí Ardrí na hÉireann ná Máel Sechnaill mac Máele Ruanaid, pósta le deirfiúr Chearbhaill, Land. Bhí Cearbhall féin pósta le hiníon Máel Sechnaill.[10][11][12][13][14]
Eachtraí a réimis
[cuir in eagar | athraigh foinse]Feictear Cearbhall don chéad uair sa bhliain 846, nuair a rinne na Lochlannaigh ruathar ar Osraí thuaidh, inár scriosadar cill ag Cúil Chaisín (gar do Ghabhalmhaigh) agus creachadar áit anaithnid darb ainm Cúl Maine. Cuireadh na ruathairí faoi léigear le coicís ag arm Chearbhaill agus cloíodh go dona iad.[15][16] An bhliain dár gcionn, ruaig Cearbhall ruathar Lochlannach eile, faoi cheannas Hákon éigin as Áth Cliath b'fhéidir, ag air eile anaithnid darb ainm Carn Brammit.[17][18][19][20][21]
Tá tuairisc ann i nAnnála na gCeithre Máistrí go ndearnadh Uí Chinnsealaigh na Laigean ruathar ar na jOsraí sa bhliain 848, faoi cheannas a rí, Echtigern mac Guaire. Insítear níos deireanaí i nAnnála Uladh go maraíodh Echtigern go fealltach ag Cearbhall Bruadar mac Aodha éigin, agus go maraíodh Bruadar ag a mhuintir féin seachtain i ndiaidh sin.[22][23][24]
Sa bhliain 854, cuireadh Cearbhall chun na Mumhan ag a dheartháir céile chun cáin agus gialla a ghabháil.[25]
Sa bhliain 855, insítear go ndearna sé ár mór ar arm Lochlannach faoi Rodolb éigin. Gabhadh é féin tar éis an chatha, ach d'éirigh leis éalú. Go gairid i ndiaidh sin, thug Cearbhall tacú le harm Danar, as Port Láirge is amhlaidh, faoi cheannas Horm in éadan na Lochlannach. D'iarr fir na Mumhan freisin cabhair ó Chearbhall in éadan na Lochlannach, a cloíodh acu uile (Cearbhall, Horm agus gur na Mumhan). Maraíodh Horm ag déanamh ruathair sa Bhreatain Bheag ag Rhodri Mór.[26][27]
Is amhlaidh go raibh comhaontas déanta ag Cearbhall le beirt ríthe Lochlannacha, Amlaíb Conung, "mac rí Lochlainn", agus Íomhar, ar a glaodh ina thásc "rí Lochlannach na hÉireann uile agus na Breataine".[28][29][30] Ní raibh dóthain nirt ag na comhghuaillithe ámh chun bac a chur ar Mhaol Seachnaill cáin agus gialla a éileamh ar Chearbhall sa bhliain 858,[31] ach chuaigh Cearbhall agus Íomhar ar slógadh sna Laigin agus furasta i gcoinne na Lochlannaigh (Gaeil-Gaill) sa Mhumhain.[32] An bhliain dár gcionn, rinne Cearbhall agus Amhlaoibh ruathar ar chríocha Mhaoil Seachnaill sa Mhí. Go gairid i ndiaidh sin ámh, b'éigean do Chearbhall ghéilleadh arís do Mhaol Seachnaill.[33][34][35]
Sa bhliain 860, chloígh Cearbhall arm Lochlannach ag déanamh ruathair sna hOsraí. Níos deireanaí sa bhliain úd, chuaigh sé ar slógadh le Maol Seachnaill in éadan Aodha Fhionnléith i dtuaisceart na tíre.[36][37]
Fuair Maol Seachnaill bás sa bhliain 862 agus tháinig i gcomharbacht ar Aodh Fionnliath, a phós a bhainteach, Land deirfiúr Cearbhaill. Sa bhliain chéanna, insítear gur chloígh Cearbhall cabhlach Lochlannach faoi Rodolb éigin, cá nach léir é áth é an fear céanna a cloíodh sa bhliain 855.[38]
Sa bhliain 864, rinne fir na Laigin agus a gcomhghuaillithe Lochlannacha creach ar Osraí mar dhíoltas ar ruathar Chearbhaill. Bhain na hEoghanachta leas as an eachtra seo agus rinneadar féin ionsaí ar na nOsraí. Rinne Cearbhall creach orthu siúd chun a dhíoltas féin a bhaint amach. An bhliain chéanna, deirtear gur scrios sé a chomharsana ó dheas, na Déise.[39]
Sa bhliain 870, chuaigh Cearbhall le hAodh Fionnliath ar feachtas sna Laigin. Rinne fir na Laigean ruathar ar arm na nOsraí, camptha amach óna arm Aodha, ach dhíbir Cearbhall iad cé le sochaí caillte, a ghaol Cennétig mac Gáethíne ina measc.[40][41]
Bás
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tar éis tuairisce deireanaí faoi eachtra i gcúige Chonnacht agus cúige Mumhan sa bhliain 871, tá bearna ann sna hAnnála Easpacha.[42] I nAnnála Uladh, ní tuairiscítear aon rud eile faoi go dtí a bhás sa bhliain 888.[43] Adhlacadh é i Saighir, Uíbh Fhailí. Tháinig a dheartháir, Riagán, i gcomharbacht air.
Oidhreacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Caomhnaítear Cearbhall i bhfoinsí stairiúla mar rí crógach mór le rá, a bhain clú agus cáil amach as ucht a ghníomhartha gaisce, agus tá go leor staróg iontach scríofa faoi. Feictear rí nach mór-annála Éireann, ag déanamh cleamhnais leis an Ardrí agus ag baint neamhspleáchas na nOsraí amach ar an Mumhain. Feictear rí bhfoinsí Éireannacha maraon le Breatnaise agus Lochlannacha. Tá eolas ar leith faoi i bhfoinsí áirithe.
Cineál na bhfoinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Díorthaithe ón saothar Croinic na hÉireann anois caillte atá na hannála Éireann a chláraíonn an naoú haois. Is claonta iad na hannála uile, agus is neamhiontaofa iad na foinsí eile maidir le Cearbhall.
Tá Annála Easpacha na hÉireann, cuid de shaothar níos mó (féach thíos), dírithe go háirithe ar shaol Chearbhaill. I measc saothar eile den chineál céanna, tá Cogadh Gael le Gaill agus Caithréim Chellacháin Chaisil.
Spreagtha ag na hAnnála Easpacha, feictear Cearbhall mar shinsear i bhfoinsí Íoslainne, faoin ainm Kjarvalr Írakonungr.[44][45] Agus b'fhéidir go bhfuil sé luaite sa dán stairiúil de chuid na 11ú haoise, Fáistine Bhearcháin, ach le buafhocal mar is gnách sa saothar úd.[46]
I measc ginealach agus téacsanna dlí agus tíreolaíochta eile, tá mar shampla Frithfolad Muman, a leagann amach dualgais ríthe na Mumhan dá gcomhghuaillithe, tuatha agus géillsinigh. Tugann sé léargas ar stádas Osraí laistigh de ríocht na Mumhan.[47][48]
Annála Easpacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is iad Annála Easpacha na hÉireann na hannála ina fhaightear an chuid is mó den eolas atá ann faoi Chearbhall. Scríobhadh i nOsraí iad, is dóigh faoi choimisiún a shliochtaigh, Donnchad mac Gilla Pátraic, agus dá bharr moltar gur claonta iad mar fhoinse. Tagann an mír maidir le beatha Cearbhaill chun deiridh go luath sna 870í, tá mar sin cúig bliana déag ag deireadh a shaoil ar iarraidh.
Bhí sé i gceist ag Annála Easpacha comhaontais agus gaiscí Chearbaill a ghlóiriú.[49][50][51] Deirtear gur rí Críostaí den scoth é Cearbhall a mbíonn i mbun a naimhde a chloí, Lochlannaigh págánach ach go háirithe. Os a choinne sin, deirtear go ndearna sé comhaontais le buíonta comhraic Lochlannacha go luath ina shaol. Cuirtear cuma mhaith orthu siúd, chun a náire a mhaolú, agus é ina rí Críostaí ag dul i bpáirt le creachadóirí págánach.
Landnámabók
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa Landnámabók de chuid na hÍoslainne, feictear Cearbhall (Kjarvalur) mar thiarna Áth Cliath agus Iarla Inse Orc. Ag tús an leabhair, tá liosta de rialtóirí suntasacha na hEorpach le linn ré na Lochlannach. I dteannta leis an rí Osraí feictear na Pápaí, Adrian II agus Eoin VIII; Impirí Bhiosántacha, Leo VI Eagnaí agus a dheartháir Alexander; Harald Fairhair, rí na hIorua; Eric Anundsson agus a mhac Björn Eriksson na Sualainne; Gorm Sean rí na Danmhairge; agus Ailfrid Mór, rí Shasana.[52]
Déanann an Landnámabók trácht ar "Kormlöð", "Rafarta, iníon Kjarval", "Dufnial, mac Kjarval" agus "Friðgerðr, iníon Kjarval". Feictear Rafarta ní Raforta sna Njál's saga, Gretti's saga agus Laxdæla saga, agus Friðgerðr sna ságaí Vinland. Tuairiscítear pósadh "Eithne, iníon rí Kjarval Éireann" agus Hlodvir Thorfinnsson, Iarla Inse Orc sa sága Orkneyinga agus Iarla Sigurd Ramhar a mic, a maraíodh i gCath Chluain Tarbh.[53] Is cinnte gur Éireannach iad roinnt desna hainmneacha seo: Kormlöð (Gormflaith), Eithne agus Dufnial.
Ní follasach é cén fáth a bhfuil ról lárnach ag Cearbhall i ságaí agus ginealaigh na hÍoslainne. Is amhlaidh go ndeachaigh muintir Chearbhaill chuig an Íoslainn i dtreo dheireadh na 10ú haoise. I bhfianaise an dáta a scríobhadh an Landnámabók, is dócha gur neamh-iontaofa iad na seanghinealaigh seo. Is fiú a lua fós gur athscríobhadh ginealaigh na nOsraí chun iad a chur leis na Laighin, rud a chur leis an éiginnteacht.
Moltar gurbh é an tóir mhór a bhí ar Annála Easpacha na hÉireann i measc na Gall-Ghaeil de chuid na 11ú haoise ba chúis le seasamh Chearbhaill i scríbhneoireacht Íoslainne. Arbh é Cearbhall ina shinsear na n-Íoslainneach nó nárbh é, ní tábhachtach sin ar thaobh na tuairime gur mheas siad gur bhfiú é a mhaíomh.
Annales Cambriae
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tuairiscítear bás Chearbhaill sna hAnnales Cambriae Dúin bhliain 887. Is é Cearbhall an t-aon rí Éireannach amháin nach Uí Néill é a fheictear sna hannála úd, rí a chuireann a chuid tábhachta in iúl.
Foinsí eile
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is léir go bhfuil Cearbhall luaite sa téacs, Fáitsine Bhearcháin, trí leasainm nó bhuafhocal mar is gnách sa saothar úd.[54]
An lá inniu
[cuir in eagar | athraigh foinse]Mar a thugann staraithe faoi ndeara, bhí Cearbhall ina phatrún de thionscadail tógála den scoth ina ríocht, rud a spreag ceird snoí ardchros i nOsraí.[55] I mí Feabhra 2017, osclaíodh Músaem an Mhíle Mheánaoisigh, le taispeántas a chuireann béim ar ról rí Chearbhaill mar phatrún na ceirde úd.[56]
Craobh ghinealaigh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Maítear gur sinsear é Cearbhall de roinnt teaghlach suntasach, idir i nÉirinn, in Albain agus san Íoslainn. Is sinsear é de gach rí Osraí ina dhiaidh, mar mar sin sinsear Mhic Giolla Phádraig, ríthe Osraí agus in am trátha barúin agus iarlaí Osraí Uachtaraigh, chomh maith le Barúin Castletown. Is sinsear é fosta de chlann Uí Bhraonáin as Uí Dhuach,[57] clann shóisearacha trína mac níos sine leis.[58]
Feictear Cearbhall fosta i liteartha na hÍoslainne mar sheanathair máthartha Helgi the Lean, lonnaitheoir mór le rá, sinsear go leor teaghlaigh Íoslainne, an laoch Gunnar Hlíðarendi ina measc.[59]
Dúnghal | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Cearbhall | Riagán | Lann | Maol Seachnaill | Aodh Fionnliath | Gaoithine | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Diarmaid | Cuilde | Ceallach | Rafarta | Dúnghal | Kormled | Frithgertr | Ethna | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Eyvindr | Grimolfr | Iorirhima | Hlotvir | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
? | Donnchadh | Cuileann | Dufthakr | Thorgrimr | Signuth digri | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Ceallach | Giolla Phádraig | Vilbadr | Askell hnokhan | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mhic Giolla Phádraig | Bjollok | Bjolan | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Corpus of Electronic Texts
- Anderson, Alan Orr. "Early Sources of Scottish History A.D. 500 to 1286" I. Stamford: Paul Watkins.
- Byrne, Francis John (1987). "Irish Kings and High-Kings". Londain: Batsford.
- Byrne, Francis John (2005). "Prehistoric and Early Ireland" I: 609–631. Oxford: Oxford University Press.
- Charles-Edwards, T. M. (2000). "Early Christian Ireland". Cambridge: Cambridge University Press.
- Bracken, Damian. "Oxford Dictionary of National Biography". Feidlimid mac Crimthainn (d. 847). doi:10.1093/ref:odnb/50110. Dáta rochtana: 25ú Deireadh Fómhair 2007.
- Charles-Edwards, T. M.. "Oxford Dictionary of National Biography". Máel Sechnaill mac Máele Ruanaid (d. 862). doi:10.1093/ref:odnb/17770. Dáta rochtana: 15ú Feabhra 2007.
- Costambeys, Marios. "Oxford Dictionary of National Biography". Ívarr (d. 873). doi:10.1093/ref:odnb/49261. Dáta rochtana: 22ú Deireadh Fómhair 2007.
- Doherty, Charles. "Oxford Dictionary of National Biography". Flann Sinna (847/8–916). doi:10.1093/ref:odnb/50117. Dáta rochtana: 15ú Feabhra 2007.
- Hudson, Benjamin. "Oxford Dictionary of National Biography". Áed mac Néill (d. 879). doi:10.1093/ref:odnb/50072. Dáta rochtana: 15ú Feabhra 2007.
- Hudson, Benjamin. "Oxford Dictionary of National Biography". Cerball mac Dúngaile (d. 888). doi:10.1093/ref:odnb/4972. Dáta rochtana: 20ú Lúnasa 2007.
- Hudson, Benjamin. "Oxford Dictionary of National Biography". Óláf the White (fl. 853–871). doi:10.1093/ref:odnb/49263. Dáta rochtana: 25ú Deireadh Fómhair 2007.
- Downham, Clare (2004). "The career of Cearbhall of Osraige". Ossory, Laois and Leinster 1: 1–18. ISSN 1649-4938.
- Downham, Clare (2007). "Viking Kings of Britain and Ireland: The Dynasty of Ívarr to A.D. 1014". Dún Éadain: Dunedin.
- "Atlas of Irish History" (1997). Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan.
- Flanagan, M. T. (2005). "Prehistoric and Early Ireland" I: 899–933. Oxford: Oxford University Press.
- Hudson, Benjamin T. (1996). "The Prophecy of Berchán: Irish and Scottish High-Kings of the Early Middle Ages". Londain: Greenwood.
- Mac Niocaill, Gearóid (1972). "Ireland before the Vikings" 1. Baile Átha Cliath: Gill & Macmillan.
- Ó Corráin, Donnchadh (2005). "Prehistoric and Early Ireland" I: 549–608. Oxford: Oxford University Press.
- Ó Corráin, Donnchadh (1972). "Ireland before the Normans" 2. Baile Átha Cliath: Gill & Macmillan.
- Ó Corráin, Donnchadh (1997). "The Oxford Illustrated History of the Vikings": 83–109. Oxford: Oxford University Press.
- Ó Corráin, Donnchadh (1998). "The Vikings in Scotland and Ireland in the Ninth Century". Peritia 12: 296–339. an Bheilg: Brepols. doi:. Dáta rochtana: 1d Nollaig 2007.
- Ó Corráin, Donnchadh (1998). "Ireland and Scandinavia in the early Viking age": 421–452. Baile Átha Cliath: Four Courts. Dáta rochtana: 20ú Lúnasa 2007.
- Ó Cróinín, Dáibhí (1995). "Early Medieval Ireland: 400–1200". Londain: Longman.
- Radner, Joan N. (1999). "Writing history: Early Irish historiography and the significance of form". Celtica 23: 312–325. Baile Átha Cliath: School of Celtic Studies, Dublin Inst. for Advanced Studies. Dáta rochtana: 20ú Lúnasa 2007. Curtha i gcartlann 2009-05-09 ar an Wayback Machine
- Woolf, Alex (2007). "From Pictland to Alba, 789–1070" 2. Dún Éadain: Edinburgh University Press.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- CELT: Corpus of Electronic Texts.
- The Landnámabók (translated at Northvegr)
- New Headstone carved for King Cerball
- "Eru Íslendingar komnir af Kjarval Írakonungi?" (Icelandic article on Cerball's descendants)
- Cerball's graveslab at The Fitzpatrick Society
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Byrne, Irish Kings, lch. 266.
- ↑ "Eru Íslendingar komnir af Kjarval Írakonungi". mbl.is. Dáta rochtana: 9ú Eanáir 2017.
- ↑ Byrne, Irish Kings, ll. 46–47
- ↑ Kelly, Early Irish Law, ll. 1–16
- ↑ Charles-Edwards, Early Christian Ireland, ll. 102–106.
- ↑ Frithfolaid ríg Caisil fri túatha Muman ar CODECS Curtha i gcartlann 2021-08-14 ar an Wayback Machine
- ↑ Charles-Edwards, Early Christian Ireland, lch. 541.
- ↑ Hudson, "Cerball"
- ↑ AU 842.
- ↑ AU 842, 847
- ↑ AEÉ 246
- ↑ Hudson, "Cerball"
- ↑ Charles-Edwards, "Máel Sechnaill"
- ↑ Downham, "Cearbhall", ll. 6–7.
- ↑ ACM 844
- ↑ Downham, "Cearbhall", ll. 9–10. B'fhéidir gurbh as ceantar i gContae Cheatharlach na Lochlannaigh úd.
- ↑ Downham, "Cearbhall", lch. 10
- ↑ Downham, Viking Kings, lch. 237
- ↑ AU 848
- ↑ ACM 846
- ↑ CS 847
- ↑ Downham, "Cearbhall"
- ↑ ACM 846
- ↑ AU 853.
- ↑ AEÉ 246
- ↑ AEÉ 251, 254
- ↑ AU 856.
- ↑ AEÉ 259
- ↑ AU 853, 873
- ↑ Pléitear a sinsearacht le hÓ Corrain, The Vikings in Scotland and Ireland.
- ↑ AEÉ 260.
- ↑ AEÉ 262, 263.
- ↑ AEÉ 265
- ↑ AU 859
- ↑ Byrne, Irish Kings, lch. 265.
- ↑ AEÉ 277, 279
- ↑ AU 860.
- ↑ AEÉ 308
- ↑ AEÉ 314, 318.
- ↑ AEÉ 377, 387
- ↑ AU 870.
- ↑ AEÉ 398, 399.
- ↑ AU 888.
- ↑ Byrne, lch. 162
- ↑ Ó Corrain, "Viking Ireland – Afterthoughts", ll. 17ff.
- ↑ Hudson, Prophecy of Berchán, ll. 135–138.
- ↑ Byrne, Irish Kings, ll. 196–199
- ↑ Charles-Edwards, Early Christian Ireland, ll. 534–548.
- ↑ Radner, Writing History, ll. 321–325
- ↑ Ó Corráin, "Afterthoughts", ll. 18–19
- ↑ Flanagan, "High-kings with opposition", ll. 916 & 919
- ↑ Earráid leis an lua: Invalid
<ref>
tag; no text was provided for refs namedsnerpa
- ↑ Ó Corrain, "Viking Ireland – Afterthoughts"
- ↑ Hudson, B.T. (1996). "Prophecy of Berchán: Irish and Scottish High-kings of the Early Middle Ages". Greenwood Press. Dáta rochtana: 9ú Eanáir 2017.
- ↑ T. Lyng. Old Kilkenny Review, 1981, ll. 254-268
- ↑ Medieval Mile Museum
- ↑ "Ireland's History in Maps - Ancient Ossory, Osraige, Osraighe". rootsweb.ancestry.com (25ú Deireadh Fómhair 2003). Dáta rochtana: 9ú Eanáir 2017.
- ↑ "Brenan (No.1) family pedigree". libraryireland.com. Dáta rochtana: 9ú Eanáir 2017.
- ↑ Alex Woolf, Imagining Shetland before the Vikings academia.edu
- ↑ Hollander, L.M. (1997). "Njal's Saga". Wordsworth Editions, Limited. Dáta rochtana: 9 January 2017.
- ↑ "Old Norse Forms of Early Irish Names". ellipsis.cx. Dáta rochtana: 9ú Eanáir 2017.
Réamhtheachtaí Dúngal mac Fergaile |
Rí na nOsraí 842–888 |
Comharba Riagan mac Dúnlainge |