Jump to content

Déise

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Aicme chumhachtach de phobal Éireannach ab ea na Déisi (iolra de 'déis', sa bhrí litriúil 'vasáilleach' nó pobal a íocann cíos nó fearann, dúiche[1][2]) a shocraigh síos in iardheisceart na Breataine ('sé sin, sa Bhreatain Bheag agus Iarthar Shasana na linne seo) idir an chianaois agus an Mheánaois Luath. Bhí an stádas céanna ag na pobail éagsúla atá liostaithe faoin cheannteideal Déisi i nÉirinn Ghaelach, agus cé nach raibh gaol ginealais acu lena chéile, is minic a cheaptar go raibh baint ghéiniteach acu.

Le linn na Meánaoise Luaithe bhí tionchar mór polaitiúil ag roinnt grúpaí agus foghrúpaí acu, in áiteanna éagsúla in Éirinn, agus tugann foinsí scríofa áirithe le tuiscint go bhfuil nasc acu leis an mBreatain freisin. Le linn na ré úd, bhí na Déise faoi mhórcheannas chónaidhm na nEoghanacht, sular tháinig siad féin chun cinn sa 10ú haois.

Fréamhaithe is ea Déisi as an bhfocal Sean-Ghaeilge déis,[3] le bunbhrí dream géillsineach nó cíosach.[4] Níos deireanaí, d'éirigh sé ina ainmfhocal dílis le haghaidh clann áirithe ar fud na hÉireann lena ngéillsinigh féin.[5]

Is iníonacha an téarma déisi, a bheag nó a mhór, agus an sean téarma aitheachthuatha, furasta le brí treibheanna cíosacha nó pobail vasáilleacha. San 18ú haois, bhí sé mollta gurbh fhoinse an téarma Attacotti a bheadh ann, ach táthar in amhras ar an smaoineamh seo anois ar bhonn sanasaíochta, cé go bhfuil an cheist dhá á plé.[6]

Is doiléir é luathstair na dreamanna ar a glaodh Déise orthu. Mar aicme a d'fhorbraigh le naisc stádas sóisialta seachas gaol fola, bhí startha neamhspleácha acu, den chuid is mó. Cé go bhfeictear i roinnt téacsanna meánaoiseacha iarrachtaí chun bunúis ríoga a bhronnadh ar na Déise, is bréagstair iad seo, scríofa tar éis teacht chun cinn na Déise.[7] D'éiríodh le dream abhainn ach go háirithe - Dál Chais - chumhacht shuntasach a bhaint amach, in ainneoin a bhunús uirísle.

I measc dreamanna Déis bhí san áireamh a leanas:

Príomhailt: Déisi Muman agus Uí Liatháin

Bhunaigh na Déise Muman a bhfo-ríocht féin mar chuid de Mhumhain.[8] Tá fianaise ann a luann bunús Gallach sách gairid ag na hEoghanachta agus a ngéillsinigh na Déise lonnaithe i bPort Láirge.[9] Bhíodh stádas ar leith ag na Déise Mumhan sa ríocht faoi cheannas na nEoghanacht, rud a chuireann gaol ar leith in úil.

Tugtar sa bhréagstair Tairired na nDéssi ginealach ríoga ficseanúil ag Teamhraigh dosna Déise, chun a mbunúis bhochta a cheilt.[10][4] Sa scéal úd, deirtear go ndeachaigh cuid acu thar lear faoi cheannas Eochadha Allmhara chun ríochtaí Gaelacha a bhunú in Dyfed, Brecon agus Corn na Breataine. Le fírinne, tá fianaise níos fearr ann i dtaca leis seo i leith a gchomharsana taobh thiar dóibh, clann Uí Liatháin.

Déisi Tuaiscirt

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní fios go cruinn cathain a lonnaigh na Déise Tuaiscirt i gContae an Chláir, ach deirtear go minic go bhfuil nasc ann le "hionghabháil" an cheantair as na Connachta isteach sa Mhumhain tar éis meath chumhacht Uí Fhiachrach Aidhne.

Is amhlaidh go bhfuil cosúlacht ann idir teacht chun cinn Dál Chais agus a rítheaghlach Uí Bhriain sa ríocht Tuamhan in ionad na nEoghanacht, agus teacht chun na nEoghanacht féin in ionad na nDáirine roinnt céadta roimhe sin.[11]

Bréagstair mór le rá faoi theacht i gceannas Dál Chais is ea Cogad Gáedel re Gallaib den dóú haois déag.[12]

Tagairtí sna hAnnála

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • AI 966.1, Mors Cellaich m. Foelain, ríg Laigen, & Foelain m. Cormaic, ríg na n-Désse.
  • AI 982.3, Cathal mc. Gébennaich, rígdomna na Désse Bice, ... & alii multi morierunt in hóc anno
  • AI 985.2, Crech lasna Désse co amsu[13] Briain co rucsat .ccc. bó, coro indrestar Brian na Désse da dígail & coro thoffaind[14] Domnall mc. Fóelain co Port Large & coro loitte na Désse uile (Rinne na Déise creach ar amhais Bhriain agus rug trí chéad bó, agus chiap Brian na Déise dá dhíoghailt, agus cuireadh sa tóir ar Dhomhnall mac Faoláin go Port Láirge agus loiteadh na Déise uile
  • AI 1009.2, Bás Aeda, ríg na n-Désse.
  • AI 1031.5, Cath eter na Désse & ár mór do chor ettarru.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Teanglann̊ https://www.teanglann.ie/en/fgb/d%c3%a9is
  2. The electronic Dictionary of the Irish Language (eDIL) http://edil.qub.ac.uk/search?search_in=headword&q=d%C3%A9is
  3. déis, Déisi, géillsineach, íocóir cíosa, ar eDIL
  4. 4.0 4.1 Ó Cathasaigh, ll. 1-33.
  5. Eoin Mac Néill, ll. 1-41.
  6. Rance, ll. 243–270.
  7. Ó Cathasaigh, ll. 3-5, 22-24
  8. MacCotter 2008, lch. 245.
  9. Byrne 2001, lch. 72.
  10. Meyer, ll. 101–135.
  11. Byrne, ll. 180-1.
  12. Todd 1867
  13. amus, le brí amhas, saighdiúir tuarastail, ar eDIL
  14. tafann, ag seilg (le madraí), dul sa tóir, ar eDIL


Teimpléad:Dalcassians