Sanasaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Staidéar stair na bhfocal is ea sanasaíocht. Baineann an staidéar seo le cá huair ar tháinig focal isteach i dteanga, cá háit ónar tháinig sé agus cad é mar a d'athraigh sé trí am maidir lena fhoirm agus a chiall. Tá an tsanasaíocht bunaithe ar dhlíthe na foghraíochta stairiúla agus an éabhlóid shéimeantach de na téarmaí atá i gceist.

Toisc go bhfuil teangacha éigine ró-shean le heolas díreach a aimsiú fúthu (eolas scríofa mar shampla), is minic a bhaintear úsáid as teangeolaíocht chomparáideach le heolas a athchruthú. Trí úsáid teicníce a thugtar an "modh comparáideach" uirthi, is féidir le teangeolaithe fios a bhaint amach faoi mhatháirtheangacha roinnte agus iad ag amharc ar theangacha gaolta.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Bunadas – bunachar d’fhocail ghaolmhara i dteangacha éagsúla