Feilimí mac Criomhthainn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Feilimí mac Criomhthainn
ab


rí na Mumhan

820 - 847
Tnúthgal mac Donngaile - Ólchobar mac Cináeda
Ardrí na hÉireann

838 - 841
Saol
Eolas breithe 770
Bás 847
Treibh Eoghanacht Chaisil
Gairm
Gairm agus duine rialta

Rí na Mumhan ó 820 go 846 ba ea Feilimí mac Criomhthainn (Sean-Ghaeilge Fedelmid mac Crimthainn). Áiríodh é mar bhall de Chéilí Dé, abb Mainistir Chorcaí agus Mainistir Chluain Fearta, agus b'fhéidir ina easpag. Meastar gur naomh é de réir roinnt féilirí.

Luathréim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le linn a luathréime, chaith Feilimí an-chuid ama ag dó mainistreacha.

Ball de Chineál Fínghin den Eoghanacht Chaisil ba ea Feilimí,[1] agus tháinig sé i gcoróin sa bhliain 820.[2] Sa bhliain 823, in éineacht le hAirtrí mac Conchúir, easpag Ard Mhacha, bhunaigh sé "Cáin Naomh Phádraig" sa Mumhain,[3] agus chreach agus Mainistir Gailline i gContae Uíbh Fhailí an lae inniu.[4] Dhóigh Feilimí na Dealbhna Beathra sa bhliain 825.[5] Sa bhliain 827, tharla an chéad cruinniú de mhórán idir Feilimí agus Conchobar mac Donnchada, Ard-Rí na hÉireann desna hUí Néill an Deiscirt.[6]

Sa bhliain 830, bhí Feilimí arís i mbun mainstreacha a dhó, Mainistir Fobhair i gContae na hIarmhí an lae inniu,[7] an t-am seo, is dócha. Chloígh sé clann Uí Bhriúin i ndeisceart na Gaillimhe sa bhliain 830,[8] agus sa bhliain chéanna, dúradh gur mharaigh fir na Mumhan Follomhan mac Donnchadha, deartháir an Ard-Rí, Conchúr.[9] Sna blianta 831 agus 832, scríobhadh go ndeachaigh sé i gceannas airm Laighnigh agus Muimhnigh i n-oirthear na Mí isteach, ag creachadh chomh fada ó thuaidh is Baile Shláine,[10] agus fosta ag déanamh ruathair faoi thrí ar Dhealbhna Beathra faoi thrí, agus ag dó Chluain Mhic Nóis.[11] Sa bhliain 833, tháinig sé ar ais go Cluain Mac Nóis á dhó, agus dhóigh sé freisin an mhainistir le Clann Cholmáin ag Darú, Contae Uíbh Fhailí.[12] Sa bhliain 835, insítear gur mharaigh fir na Mumhan Fearghas mac Bodbhchaid, rí Carraic-Brachaidhe as Inis Eoghain i n-iardheisceart na tíre.[13]

Barr a réime[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 836, ghabh Feilimí aireagal i gCill Dara ó Forindam abb Ard Mhacha, agus chuir sé an t-abb agus cuallacht Naoimh Phádraig i ngéibhinn.[14] Sa bhliain 837, instear gur ghabh Feilimí mainistir Chorcaí, agus dusta gur chreach sé Cineál Cairbre Cruim.[15] Sa bhliain 838, tharla tionól mór ríoga i gCluain Conaire Tommain (tuaisceart Chill Dara an lae inniu) idir Feilimí agus Niall Caille mac Aodha, rí Uí Néill an Tuaiscirt.[16] Insítear i nAnnála Inis Faithlinn, is dócha ag tacú éileamh Mhuimhneach, gur éirigh Feilimí ina Ard-Rí na hÉireann an lá úd, agus gur ceapadh é ina abb Chluain Fearta.[17]

Is amhlaidh gur bhain bharr a réime amach sa bhliain 840, nuair a chreach Feilimí ríochtaí na Mí agus Breá i n-oirthear na tíre, agus is gur lig sé a scíth i dTeamhraigh. Tá dán gearr le fáil sna hannála faoina eachtraí:

Is he Feidhlimidh in ri
dianid[18] opair oenlaithi
eitrige[19] Connacht cen cath
ocus Midhe do manrath

Is é Feilimí an rí,
dárbh obair aonlae
eitrí[20] Connacht gan cath [a glacadh],
agus Mí a dhíothú."[21]

Treascairt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba neamhbhuan é a chinseal ámh, óir sa bhliain 841, chloígh Niall Caille é i mbun catha ag Magh Ochtar i gCill Dara, mar a insítear sa dán a leanas:

Bachall Fheidlimidh fighligh[22]
fo-racbadh isna draighnibh;
dos-fuc Niall co nert n-atha
a cert in catha claidhmigh

Bachall Fheilimí cráifigh,
fágtha insna drighin,
thóg Niall, go neart comhraic,
A cheart i gcatha claimhte.[23]

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is amhlaidh nár tháinig Feilimí ar ais an athuair tar éis an chliste seo agus fuair sé bás sa bhliain 847.[23] Ní insítear sna hAnnála Uladh conas ar eag sé, ach de réir foinsí eile, maraíodh Ciarán, naomhphátrún Chluain Mhic Nóis, é mar díoltas as creachadh Fheilimí. Faightear i nAnnála Chluain Mhic Nóis an cur síos a leanas:

After his returne to Munster ye next year, he was overtaken by a great disease of the flux of the belly, which happened in this wide. As King Felym (soone after his return to Mounster) was taking his rest inn his bed, St. Wueran appeared to him with his habit and bachall... & there gave him a push of his Bachall in his belly whereof he tooke his disease and occasion of Death, and notwithstanding his great irregularity and great desire of spoyle he was of sum numbered among the scribes and anchorites of Ireland.[24]

Tagairtí annál[cuir in eagar | athraigh foinse]

# Meán-Ghaeilge NuaGhaeilge
AI838.1 Mordal fer n-Erend i Cluain Ferta Brénaind, & Niall mc. Aeda, rí Temrach, do riarad Fédlimmid m. Crimthain corbo lánrí h-Érend Fédlimmid in lá sein, & co n-dessid h-i suide abbad Cluana Ferta. Mórdháil fhir na hÉireann i gCluain Fearta Bréanainn, agus riar Niall mac Aodha, rí Teamhrach, le Feilimí mac Criomhthainn, gurbh Fheilimí ina lánrí na hÉireann an lá sin, agus gur shuigh sé i suí abb Chluain Fearta.
AI840.1 Fedlimmid do indriud Lethe Cuind óthá Birra co Temraich, & a chostud i Temraich & Gormlaith ingen Murchada, ríg Laigen, do gabail cona banchure, & Indrechtach macc Mail Duin do marbad lais i Temraich Chreach Feilimí Leath Coinn ó Bhirra go Teamhraigh, agus cliseadh é i dTeamhraigh, agus ghabh sé Gormlaith iníon Murchadha, rí Laigean, lena banchoimhdeacht, agus mharaigh sé Indreachtach mac Maoil Dúin i dTeamhraigh
AI847.1 .uii. f., .x. l.Fedlimmid mc. Crimthain dormiuit. Seachtú f(eria) [Satharn], deichiú l(uan) [gealach]. Feilimí mac Criomhthainn dormivit [thit a chodladh].

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Byrne, lch. 295.
  2. Annála Uladh, AU 823.5. Féach freisin nótaí topographical le John O'Donovan ar Annála Uladh agus Annála na gCeithre Máistrí. Luaitear imeachtaí go príomhar as Annála of Ulster, eagraithe ag Seán Mac Airt agus Gearóid Mac Nocaill, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1983.
  3. AU 823.9.
  4. ACM 824
  5. AU 827.10.
  6. AU 830.4.
  7. AU 830.6.
  8. AU 830.5.
  9. AU 831.9.
  10. AFM 831.
  11. AU 833.7.
  12. AU 835.8.
  13. AU 836.3.
  14. AU 837.7.
  15. AU 838.6.
  16. Annála Inis Faithlinn, 838.
  17. AU 840.4
  18. [dil.ie/15970 díanid], foirm den chopula, 1 is, ar eDIL
  19. eitre(ch), eitrige, eitre, treabh, ar eDIL
  20. tailte, cáin
  21. AU 840.4.
  22. figlech, cráifeach, ar eDIL
  23. 23.0 23.1 AU 841.5.
  24. Annála Chluain Mhic Nóis, 844. Connell Mageoghagain (eagraithe ag Denis Murphy), The Annals of Clonmacnoise (AClon), Baile Átha Cliath: Llanerech, 1993.