Eoghanacht Chaisil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Géag Eoghanachta na Mumhan ab ea an Eoghanacht Chaisil, a bhí i gceannas le linn na 5ú go 10ú haoiseanna. Ainmnithe as Caiseal a bhí siad, príomhchathair ríocht luath-Chríostaí na Mumhan. De shliocht Aonghusa mhic Nadh Froigh, an chéad Críostaí na Mumhan, trína mhac, Feilimí mac Aonghusa, ba ea iad.

Sa seachtú haois, scar an teaghlach óna chéile ina dá leath. De shliocht Fínghin mhic Aodha Dhuibh ba ea Cineál Finghín, le clanna Uí Shúilleabháin agus Mhic Giolla Codha. Ba é de shliocht Fínghin é Feilimí mac Criomhthainn. Agus de shliocht Failbhe Fhlainn mhic Aodha Dhuibh ba ea Clann Failbhe, le clanna Mhic Cárthaigh, Uí Cheallacháin agus Mhic Amhlaoibh. Bhí Mhic Cárthaigh i gceannas i Ríocht Dheasumhan, tar éis do chuir na Normannaigh an ruaig orthu.

Measadh gur bhall de chiorcal istigh na nEoghanacht ab ea an Eoghanacht Chaisil, i dteannta leis an Eoghanacht Ghleanndamhnach agus an Eoghanacht Áine. Dháileadh na trí ghéag seo ríogacht na Mumhan eatarthu sa 7ú agus formhór den 8ú haoiseanna. Tháinig an chuid is mó desna ríthe sa 9ú agus 10ú haoiseanna as an ngéag Chaisil

Ríthe na nEoghanacht Chaisil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí sna hannála[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach Annála Inis Faithlinn (AI)

  • AI954.2: Quies Duib Inse, sui-epscoip h-Erend, & Cellacháin, ríg Cassil, & Eladaich sapientis, abb Ruis Ailithir, & h-Uaraich, epscoip Imlecha Ibair, & Celechair, abb Cluana M. Nóis & Cluana Iraird, & Cormaicc h-Uí Maíl Sluaig, suí Muman, & Lugdach h-Ú Maíl Sempail, abb Domnaig Pátraic, & Cind Fáelad m. Suibne,{folio 17d} anchara Cluana Ferta Brenainn.


Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • Ireland's History in Maps

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]


Teimpléad:Munster