Feilimí mac Aonghasa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Feidlimid mac Óengusa)
Infotaula de personaFeilimí mac Aonghasa
Beathaisnéis
Breith5 haois
Bás6 haois
Rí na Mumhan
489 – 500
← Óengus mac Nad FroíchEochaid mac Óengusa → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairm Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachEoghanachta Cuir in eagar ar Wikidata
AthairÓengus mac Nad Froích

Eoghanachta na Mumhan go luath sa 6ú haois ab ea Feilimí mac Aonghasa (Sean-Ghaeilge Feidlimid mac Óengusa), 455-500, nó Feilimí Dubh. Aonghas mac Nadha Fraoigh, chéad Rí Críostaí na Mumhan, ab ea a athair.[1] Sinsear an Eoghanacht Chaisil ab ea é, le tailte thar timpeall ar Chaiseal i gContae Thiobraid Árann.

Níl aithne againn ar Fheilimí ach i liostaí ríthe. Sa Leabhar Laighneach, deirtear gur tháinig sé i gcomharbacht ar a athair agus trying a dheartháir, Eochaidh mac Aonghasa, rud a chuireann in iúl go raibh sé i réim tuairim is an bhliain 500. Sa scéal Senchas Fagbála Caisil, ámh, tagann sé tar éis a dheartháir, agus más fíor, i réim tuairim is 525.[2] Ní fhaightear é sa Sioncronachtaí Laud, óir gur scríobhadh iadsan le taobh an ghéaga the Ghleanndamhnach.[3]

De réir dréachta maidir sionad Muimhneach sa 6ú haois, luaitear a mhac Criomhthann mar Rí na Mumhan. Deirtear ámh gurbh í máthair Chriomhthainn ná Dearcon, atá de ghnáth gaolta le Criomhthan mac Eochada mhic Aonghasa, bunaitheoir Eoghanacht Oirthir Cliach.[4]

Ríthe na Mumhan fosta ab ea a fhionnóí Finghin mac Aodha Dhuibh (bás 618) agus Failbhe Flann mac Aodha Dhuibh (bás 639).

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • Leabhar Laighneach, MS fóilió 150a 45, Fland cecinit ar CELT

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Byrne, Table 12
  2. Byrne, lch. 188, Charles-Edwards, Aguisín 10
  3. Charles-Edwards, lch. 534, nóta 44; agus lch. 536, nóta 45.
  4. Byrne, ll. 217, 219