Óengus mac Nad Froích
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 430 (Féilire Ghréagóra) |
Bás | 489 58/59 bliana d'aois |
Rí na Mumhan | |
453 – 489 ← Nad Froích mac Cuirc – Feilimí mac Aonghasa → | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | rí |
Teaghlach | |
Teaghlach | Eoghanachta |
Páiste | Feilimí mac Aonghasa, Dub-Gilcach mac Óengusso, Eochaid mac Óengusa, Náile |
Athair | Nad Froích mac Cuirc |
Rí Eoghanachta agus chéad Rí Críostaí na Mumhan ab ea Aonghas mac Nadha Fraoigh (Sean-Ghaeilge Óengus mac Nad Froích). Nadh Fraoch mac Cuirc ab ea a athair, agus Faochan, bean Bhriotanach ar a glaodh iníon Rí na Breataine uirthi, a mháthair.[1] Dar le Seathrún Céitinn, bhí Aonghas i gcoróin le 36 bliain, rud a chuireann le fios gur thosaigh a réim sa bhliain 453.
Beathaisnéis
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhaist Naomh Pádraig féin é ina Chríostaí i suíochán ríoga Chaisil agus ghearr sé cáin bhaiste ar na Muimhnigh a d'iompaigh ina gCríostaithe do Naomh Pádraig. Luaitear gur tugadh leath dá sliocht iomadúla isteach san eaglais. Bhaist Naomh Pádraig é le fuil agus é ag tiomáint a chrosaire trí chos an rí. D’éirigh an rí anchráifeach agus chruinnigh sé cléirigh timpeall air féin.[2]
Sa bhliain 489, maraíodh Aonghas sa chath Cheann Losnadha i Magh Feá.[3] Maraíodh fosta a bhean chéile Eithne Uathach iníon Criomhthainn, ar a glaodh "fuafar" uirthi.[4] I measc na mbuathóirí bhí Iollann agus Oilill, mic Dúnlainn, agus Eochaidh Guineach de chlann Uí Bairrche iad uile as Laigin, agus Muircheartach mac Earca, rí ríthe Ailigh. Baineadh a cheann d'Iollan.[5]
Faightear Aonghas sa téacs liteartha den 9ú haois, Tairired na nDéssi, inar bhronn sé tailte do threibh na nDéisi ar fána,[6] cé go bhfuil an scéal suite i ré Cormaic mhic Airt, a deirtear gur mhair sé 200 bliain roimh Aonghas. Tá sé an chomh maith sna vitis éagsúla faoi Naomh Ciarán Saighre, mar mhórphatrún an naoimh.[7][8]
Clann
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sinsear de thrí mhórchlann na nEoghanacht ba ea Aonghas san áireamh géaga Caisil, Oirthir Cliach agus Gleanndamhnach.[9]
- Feilimí mac Aonghasa, Rí na Mumhain, sinsear Eoghanacht Chaisil
- Eochaidh mac Aonghasa, Rí na Mumhan, sinsear Eoghanacht Ghleanndamhnach agus Eoghanacht Oirthir Cliach
- Dubh-Ghiolcach mac Aonghasa, Flaith Mumhan
- Uichtdhealdh, Banríon na gConnacht, a phós Ailill Molt[10]
- Naomh Kessog de Luss
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Annála na gCeithre Máistrí
- Annála Uladh
- Seathrún Céitinn, Foras Feasa ar Éirinn
- O'Keeffe, an Leabhar Muimhneach
- T. M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland
- Meyer, Kuno (1901). "The Expulsion of the Dessi". Y Cymmrodor 14: 101–135.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ O'Keeffe, Book of Munster
- ↑ S. Céitinn, Foras Feasa ar Éirinn
- ↑ AU
- ↑ Chronicum Scotum
- ↑ Annála na gCeithre Máistrí
- ↑ Meyer, lch. 113–117 (cuid. 15–17).
- ↑ Plummer, Bethada Náem nÉrenn, iml. 2 (1910).
- ↑ Mary Jones Celtic Literature Collective, xxx
- ↑ Early Christian Ireland by T. M. Charles-Edwards
- ↑ S. Céitinn